Beocheist: Tá an tEarrach tagtha go Páras. Tá mé i mo shuí sa Café des Deux Magots ar Place St-Germain. Seo an caifé ina mbíodh Jean-Paul Sartre, Simone de Beauvoir, Albert Camus agus roinnt eile ag teacht le chéile chun cainte sna 1950í agus fiú níos luaithe ná sin.
Bhídis i gcaifé eile chomh maith, an Café de Flore ina aice, ach feicim go bhfuil an ceann sin lán go doras inniu.
Is beag intleachtaí a fheicim i gceachtar den dá áit; níl iontu ach turasóirí de réir dealraimh. Ní bhíodh náire ar dhuine ag an am sin i bPáras fealsamh nó intleachtaí a thabhairt air féin. Bhí daoine áirithe ann a mheas gur chóir dóibh bheith ag machnamh ar an saol agus ag plé a gcuid smaointe lena chéile.
Bhíodh an smaointeachas agus an plé ar siúl sna caiféanna go hiondúil. Agus bhíodh intleachtaithe na linne ag plé ní hamháin lena gcomhghleacaithe féin, ach le filí, le ceoltóirí agus le lucht ealaíne.
Cuir i gcás André Breton. Bhíodh baint ag "Pápa" úd an Osréalachais ní hamháin le lucht liteartha cosúil leis féin ach le healaíontóirí móra a linne a raibh tionchar áirithe ag a chuid smaointe orthu.
Ag deireadh a shaoil bhí bailiúchán mór saothar ealaíne ag Breton. Tá sé scríofa in Le Monde os mo chomhair go bhfuil an bailiúchán sin á chur ar ceant anois.
Tá na foilsitheoirí agus na díoltóirí leabhar lonnaithe go fóill anseo i St-Germain-des-Près ach cad a tharla do na hintleachtaithe féin?
Tá deireadh le fada leis an intleachtaí "saor" neamhspleách i bPáras. Tá na seanintleachtaithe imithe agus acadamhaithe tagtha ina n-áit.
Michel Foucault agus Jacques Derrida agus an dream eile a tháinig chun tosaigh sna 1960í agus 1970í cheana, ba lucht ollscoile iad.
Cinnte, bhí corracadamhaí eile i measc na n-intleachtaithe níos luaithe ná sin, cuir i gcás Claude Lévi-Strauss, ach eisceacht a bhí ann.
Ní drochrud ann féin é intleachtaithe bheith san ollscoil; ba smaointeoirí den scoth na fir a luaigh mé. Ach ní maith an rud é nuair a bhíonn na hintleachtaithe go léir bailithe san ollscoil mar atá siad anois. Is drochrud monaplacht na hollscoile ar an smaointeachas.
Ceapann daoine sa lá atá inniu ann gurbh é gnó na hollscoile é smaoineamh saor a chothú. Níos measa ná sin, ceapann siad nach mbíonn aon smaoineamh fiúntach ar siúl ach san ollscoil.
Ach, faraor, ní bhíonn an smaointeachas san ollscoil chomh saor sin riamh. Bíonn ar acadamhaithe dul chun cinn ina ngairm bheatha féin. Bíonn orthu deontais a sholáthar dá gcuid taighde, agus iad fite fuaite go minic le lucht an rialtais nó lucht gnó.
Deirtear nach bhfuil cinsireacht ann san ollscoil, ach bíonn acadamhaí ag brath i gcónaí ar an méid a mheasann coiste eagarthóireachta nó léirmheastóireachta éigin faoina shaothar.
Ciallaíonn an saol acadúil maorlathas na hintinne. Ní thugann lucht ollscoile aird ach ar an méid a bhíonn á rá agus á fhoilsiú ag acadamhaithe eile, agus bíonn siad chomh scartha ó shaol na ndaoine is a bhí manaigh sa chlochar i rith na Meán-Aoiseanna.
Bíonn siad róthógtha lena ngnóthaí acadúla féin. Ní bhíonn siad "saor" mar a bhíodh leithéid Sartre agus Camus agus iad ag iarraidh teacht i dtír mar mhúinteoirí scoile agus iriseoirí. Bíonn am saor agus saoirse aigne de dhíth ar an intleachtaí chun a ghnó a dhéanamh - .i. cur síos ar an saol mar a fheiceann sé é agus toradh an mhachnaimh sin a chur i bhfoirm scríofa éigin.
Na hintleachtaithe úd fadó, ní bhíodh poist ollscoile agus deontais thaighde acu. Níor tugadh "saoithe" orthu. Ní fheictí ar chláir theilifíse iad. Ní raibh pingin rua ina bpócaí acu uaireanta. Ach bhíodar saor - níos saoire ná daoine sa domhan bainistithe atá againn anois.
Beannaímse an t-am saor atá agam féin faoi láthair agus mé i mo shuí sa Deux Magots, agus an ghrian ag taitneamh ar an bplás amuigh, ar shean-Eaglais St-Germain-des-Près agus sluaite an tSathairn ag brostú anonn is anall ar an Boulevard.
Samhlaítear dom go n-airím a nglór go fóill, intleachtaithe Phárais a bhíodh ina suí anseo fadó - sa 20ú haois atá thart, an céad seo caite mar a deirtear cheana.
Tagann uaigneas ar dhuine agus é ag smaoineamh go bhfuil an aois sin caite anois. An aois ar a thugamarna les temps modernes...