Is beag duine amuigh ansin nach bhfuil buíoch do Mhicil Ardaingeal Ó Laoire ar son iad a thabhairt thar farraige anonn ar chúpla cianóg rua - móide cáin aerphoirt agus táillí bagáiste agus dleachta rúnda.
B'fhéidir nach ró-bhuíoch a bhíonn daoine dá fhoireann ach oiread, an méid díobh a fuair oiliúint i scoil bhéasa an KGB agus an Stasi. Deirtear linn go ngearrfar airgead ar leithreas ina chuid eitleán feasta, agus go rachaidh an ráta in airde de réir iomad na nduillí a chaithfear. Mura bhfuil seo fíor, is cinnte go gcuirfear seo ar a shúile dó go grod, tar éis dá chuid giollaí an colún seo a léamh.
Is mór an dul chun cinn atá déanta ag Micil Icarus ó bhíodh a mhuintir i mbun na ngamhna ar chnocáinín éigin in Uíbh Laoghaire. Is mór an chreidiúint dó é sin, agus is deimhin go mbeadh a shinseanmhuintir siar mórálach as.
Gaiscíoch é, agus laoch, agus bullaí fir agus fathach agus seabhac agus fomhórach i measc na bparthalónach.
Is é íomhá nua na hÉireann é, sprioc agus báire agus idéal an aosa chaipitligh. Is é sampla gach téacsleabhair ghnó é, agus eiseamláir na n-eiseamláirí. Is é nach mór dúinn a leanúint mar is aige atá réiteach gach faidhbe. Is é an phríobháid is poiblí amuigh é, príomháidh na príobháideachta.
Is fíor go bhfuil maoithneachas ag baint le hAer Lingus. An spéirbhean úd na mílte bailéad grá a dhoirt an caifé fuar duit leis an miongháire gealfhiaclach a dhubhódh an ghrian féin; an feisteas glasuaine a chuir féar plé agus smugamhuir Joyce i gcuimhne; an chaint ilbhéarlach idir thrí theanga a léirigh nárbh é seo Lufthansa ná Aeroflot ná KLM. An ciarsúr suíocháin os do chomhair amach agus sleachta as litríocht na hÉireann breactha air led chuid aineolais a thriail. Bhí rud éigin Gaelach, leis, ag baint leis an arán tirim, agus leis an ispín gréisceach, agus leis an gKerrygold a maistreadh as tread bó a bhíodh ag muintir Laoire fadó. Ach sin é an seansaol duit, chomh sean anois de dhealramh, le Peig féin, leis an rince sa bhálrúm, an teilifís dhubh is bhán, móramh singilte Fhianna Fáil, bua ar bith ag foireann sacar na hÉireann, freastal rialta ar Aifreann, ceart na gramadaí, dúnmharú John F. Kennedy, pósadh Bhiddy is Miley, iománaithe Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh, Bráithre Críostaí a bheith le feiscint, mná rialta faoi hijab, Gardaí ar rothair, ceirníní cuaracha ciorclacha céaracha, aighnis faoin nGaeilge, teileafóin a gcuirfeá do mhéar isteach iontu, craicleáil ar raidió, brístí gearra agus glúinte leointe ar bhuachaillí, an bearbóir saor gan chúrán, smaois ar mhuinchille, bainne ó bhuidéal, an deatach sa phictiúrlann, an seile sa phub, an t-iasc Dé hAoine, an bágún Dé Sathairn, liathacht an Domhnaigh, ciúnas an Luain, an leamhas Dé Máirt, liombó na Céadaoine, dóchas beag ar an Déardaoin, an t-iasc Dé hAoine, an cabáiste Dé Sathairn agus an seans ort dá dtiocfadh, na Beatles anoir, an spástaisteal suas, an saol agus a máithreacha...
Is é Micil Icarus gearradh an tsaoil nua. Is é atá i lár an ghoirt lá aonaigh is margaidh. Tá chomh tábhachtach dó a bheith ag snámh ar an aer agus a bheith ar snámh ag an margadh. Is cuma leis an bhformhór fad is gur snámh dhá éan aerlíne atá ann. Ach tá cuid bheag againn i gcónaí ann a fheiceann aighneas idir an foghlaí aeir agus an leas coiteann.
Ar an léamh is simplí amuigh, is aighneas é seo idir an pobal agus an phríobháideachas; nó idir an poblachtánachas agus priompalánachas; nó idir an roinnt agus an tsaint.
Is é eachtra Icaruis Uí Laoire eachtra na hÉireann. Is ann atá ár n-uaillmhian agus ár loighic. Is sinne é inár gcrutaon, agus inár mionchruth, agus inár mórchruth, ár n-ilchruth. Is é Fianna Fáil é, is é Fine Gael é, is é na PíDeamhna é, is é sciar maith den Lucht Oibre é, is é búirswaszi na hÉireann é. Agus is iad siúd ar fad a chuir an ghaoth faoina sciatháin, is iad siúd ar fad a thug eiteoga don chuach sa nead. Is é Icarus an loighic atá dár stiúradh, agus ná caointear feasta an mhian a shantaíomar.
Béist is ea an caipitleachas agus slogann a bhfuil de bhéisteanna is lú ná é fan an bhóthair. Níl de dhualgas ar an mbéist ach a chuid stiallshealbhóirí a shásamh, agus an craiceann a sholáthar ar an luach is fearr dóibh.
An daonlathaí bocht ní foláir dó cuimhneamh ar phrionsabail seanchaite ar nós na saoránachta agus na sochaí. Sin é an fáth a bhfuil Aer Lingum á fháisceadh idir maw an Chuillinn agus na beirtí crua, agus nach bhfeadair aon duine díobh go bhfuil an lá caillte acu.