TUARASCÁIL:TÁ IMNÍ léirithe ag eagraíochtaí teanga maidir le moltaí thuarascáil an Bhoird Snip Nua.
I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge, dúradh “gur tubaiste don teanga agus don Ghaeltacht trí chéile a bheadh ann” dá gcuirfí moltaí na tuarascála i bhfeidhm ar bhealach a chuirfeadh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, nach raibh sé “de chumas ná d’acmhainn” ag an Roinn Oideachais cúram a dhéanamh den teanga mar atá molta sa tuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite.
Leag sé béim ar leith ar pholasaí na Roinne Oideachais maidir leis an luath-thumoideachas sna Gaelscoileanna mar chruthúnas ar easpa dintiúirí na Roinne sin maidir leis an nGaeilge.
“Is ionsaí tromchúiseach é polasaí seo na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht, chomh maith,” a dúirt sé.
Cháin Conradh na Gaeilge chomh maith an moladh go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
“Más dóigh leis an Rialtas agus le hOireachtas Éireann féin, go bhfuil freagracht orthu i leith na Gaeilge sa chomhthéacs náisiúnta, agus fiú sa chomhthéacs Eorpach, ná cruthaítear fadhbanna tubaisteacha breise do phobal na teanga. Luach ar airgead atá uainn, ní scrios ar dhea-obair,” a dúirt Mac Fhearghusa.
Dúirt cathaoirleach COGG, Breandán Mac Cormaic, nach raibh aon cheist ann ach go raibh “luach ar airgead á fháil ag an Rialtas” ón gcomhairle.
Dúirt sé gur léirigh an tuarascáil easpa tuisceana ar an obair a bhíonn ar bun ag an eagraíocht. “Tá breis agus 100 áis teagaisc curtha ar fáil go dtí seo agus 40 áis eile idir lámha. Tá réimse leathan taighde foilsithe agus comhairle á chur ar fáil go leanúnach d’áisíneachtaí oideachais ar ábhar a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge,” a dúirt sé.
Thug Mac Cormaic le fios go raibh géarghá le foilsiú Plean Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge i bhfianaise mholtaí an Bhoird Snip Nua: “Tá sé práinneach anois go rachfar ar aghaidh chomh luath agus is féidir le foilsiú Plean 2028 don Ghaeilge atá á ullmhú ag an gCoiste Comh-aireachta don Rialtas agus táimid dóchasach go bhféachfar sa phlean le cinntiú go leanfaidh COGG ar aghaidh agus go mbunófar roinn agus aireacht ar leith le sainchúraim Ghaeilge agus Ghaeltachta.”
D’easaontaigh Údarás na Gaeltachta go mór le moltaí an bhoird maidir leis na feidhmeanna a bhain leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge: “Ní léir ó na moltaí céard a tharlóidh d’fheidhmeanna an Údaráis seachas an fheidhm fiontair a mholtar a aistriú chuig olleagras náisiúnta nua faoi choimirce Fhiontraíocht Éireann.”
Dúirt an tUdarás gur chreid siad go raibh sé riachtanach go mbeadh Roinn ar leith Stáit ann a bheadh freagrach “as sainfheidhm na Gaeltachta agus na Gaeilge” mar aon le heagras forbartha ar leith “a dhéanfadh sainchúram de ghnéithe forbartha, teanga agus sóisialta na Gaeltachta”.
Mhol an tÚdarás go bpléifeadh pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge na moltaí sa tuarscáil agus go gcuirfidís a dtuairimí in iúl dá gcuid iondaithe poiblí.
Dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail, go raibh “moltaí sa tuarascáil a bheadh tromchúiseach ó thaobh na Gaeilge de, dá gcuirfí i bhfeidhm iad”.