In achrann faoi acmhainn nádúrtha sna Críocha Thuaidh

TUARASCÁIL/TORLACH MAC CON MIDHE: TAGANN SMAOINTE áirithe chugainn nuair a smaoinímid ar an Artach agus faoi Thuaisceart Cheanada…

TUARASCÁIL/TORLACH MAC CON MIDHE:TAGANN SMAOINTE áirithe chugainn nuair a smaoinímid ar an Artach agus faoi Thuaisceart Cheanada. Póilíní capall i gcótaí dearga agus hataí Stetson.

Béir bhána ar an oighear. Eiscimigh ina gcónaí in íoglúnna. Carranna sleamhnáin ag bualadh tríd an sneachta. Micí Mac Gabhann agus taiscealaithe an óir sa Klondyke.

Mar sin féin, tá an Tuaisceart reoite ag athrú le blianta beaga anuas. An aeráid i dtús báire. Tá a fhios ag an saol go bhfuil oighear an Mhoil Thuaidh ag coscairt, agus go mbeidh éifeacht aige sin ar leibhéal na mara agus go hindíreach ar an aimsir ar fud an domhain sar i bhfad. Ach an smaoinímid ar an éifeacht atá aige ar an Artach féin, réigiún ollmhór den chruinne? Tá an-éifeacht aige cheana féin. Tá na hoighearshruthanna ag titim as a chéile. Tá an béar bán i mbaol, deirtear, agus cuid mhaith d'ainmhithe eile an Artaigh leis. Airíonn na daoine a chónaíonn san Artach cheana féin go bhfuil an aimsir ag éirí níos teo. Feiceann siad na hathruithe sa chomhshaol ina dtimpeall.

Deir na heolaithe anois nach mbeidh oighear ar fud na bliana san Artach amach anseo. Beidh an Bealach Thiar Thuaidh oscailte do shoithí sar i bhfad. Bhí an nóisean ann le fada go raibh bealach éigin a d'fhéadfadh soithí mara a thógaint chun dul ón Eoraip go dtí an Áis, agus rinne iarracht arís agus arís eile an bealach sin a fháil. (Ní raibh Canáil Panama ann go fóill ag an am sin.) Anois tá an t-oighear ag leá sa samhradh sa Mhuir Artach, agus ní fada go mbeidh an bealach ar oscailt.

READ MORE

Chuirfeadh sin dlús leis an tráchtáil idirnáisiúnta, ach tá cúis eile leis an tsuim sa Bhealach Thiar Thuaidh anois. Tá acmhainní nádúrtha le fáil san Artach agus i dTuaisceart Cheanada agus Alasca anois: ola agus gás, ór agus diamaint, srl. Tá luach an-ard orthu seo, go háirithe an ola atá ag éirí gann sa domhan. D'fhéadfaí an ola a thógaint ó chalafoirt sna Críocha Thiar Thuaidh i soithí mara agus í a chur go cinn scríbe ar fud an domhain. Tá contúirtí don gcomhshaol an-ard ag baint leis an bplean seo.

Tá an cheist á cur anois, don chéad uair beagnach: cé leis an tArtach? Tá rialtas Cheanada ag iarraidh ceannas a éileamh ar an Artach agus ar an mBealach Thiar Thuaidh i gcoinne na Meiriceánach agus na Rúiseach. Is cinnte go bhfuil suim ag an dá náisiún sin san Artach anois. Níor éirigh le Ceanada riamh a cheannas san Artach a chur i bhfeidhm, toisc an daonra beag atá ina gcónaí ann. I rith an Chogaidh Fhuair, freisin, ligeadh do na Meiriceánaigh stáisiúin faire míleata a chur ar bun ar fud an Artaigh.

Ag an am céanna, caithfear a rá go bhfuil daoine ina gcónaí sa Tuaisceart agus san Artach le fada. Eiscimigh (nó Inuit, mar a dtugann siad orthu féin) agus Indiaigh (an náisiún Dene) atá ann. Tá a dteangacha féin, cúig cinn éagsúla (ach ag baint leis an aicme chéanna) ag na Dene, agus teanga eile ar fad, an Inuktitut, ag na hInuit (ciallaíonn inuk "duine" agus inuit "daoine"). Dúchas faoi leith atá ag na hInuit. Tá béaloideas acu idir scéalta agus amhráin. Tá dealbhóireacht cloiche thar barr acu, a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain. Tá ceol druma acu. Cleachtann na mná saghas aisteach amhránaíochta ar an sean-nós.

Caithfear a admháil go bhfuil a ndeacrachtaí féin ag muintir an Tuaiscirt freisin. Ag deireadh an 19ú haois agus sa 20ú haois, tháinig an duine geal - ceannaithe agus póilíní, lucht ruathair an óir, misinéirí agus saighdiúirí Meiriceánacha - ach thug siad an t-ólachán leo. Rinne an t-ólachán an-dochar i measc na nIndiach agus na nEiscimeach.

Go dtí an lá atá inniu ann, tá líon druncaeirí an-ard i measc na ndúchasach sna Críocha, tá drugaí á n-úsáid freisin, tá foréigean teaghlaigh ann, tá mí-úsáid ghnéasach ann. Ar bhealach, rinne na misinéirí an-dochar freisin. Nuair a rinne siad Críostaithe de na daoine, loiteadar an seanchultúr dúchais trí ghnéithe áirithe de a dhiúltú, mar shampla, amhránaíocht na mban, rud nach raibh aon rud neamh-Chríostaí ag baint leis, ach mheasadar gur diabhlaíocht a bhí ann. Ar an taobh eile, d'fhoghlaim siad na teangacha áitiúla agus chuireadar i riocht scríofa iad chun an Bíobla a aistriú iontu; thugadar aibítir faoi leith do theanga na nEiscimeach atá á húsáid fós san lá atá inniu ann.

Coilíneachas a bhí ar siúl i dTuaisceart Cheanada ón 19ú haois i leith, cosúil le coilíneachas na Rúiseach sa tSibéir. Bhí a chuid aidhmeanna geopolaitiúla ag an duine geal sa dá chás, agus chuir sé i gcrích iad gan bacadh leis na daonraí áitiúla ná a ndúchas siúd.

Bhunaigh rialtas Cheanada "críocha" sa Tuaisceart, ní proibhinsí, agus ciallaíonn sé sin go raibh na daoine faoi smacht díreach ag rialtas na Cónaidhme, gan cead acu a gcúrsaí féin a stiúradh. Bhí dhá chríoch ann: Críoch Yukon agus na Críocha Thiar Thuaidh. Anois tá féinriail bainte amach ag na dúchasaigh, agus tá trí chríoch ann: Nunavut do na hEiscimigh, Yukon do na hIndiaigh, agus na Críocha Thiar Thuaidh (i bhfad níos lú anois) d'Indiaigh agus daoine geala. Chomh maith leis sin, tá féinriail áitiúil bainte amach ag na hInuit i réigiúin neamhspleácha i bproibhinsí áirithe, mar Nunavik i dTuaisceart Québec agus Nunatsiavut i dTuaisceart Labradóir (Talamh an Éisc). Tuigeann na rialtais, idir phroibhinsí agus Chónaidhm, go bhfuil sé níos éasca agus níos éifeachtaí ligint do na dúchasaigh ó thuaidh a saol agus a gcríocha féin a bhainistiú.

Tá rialtais réigiúnacha Nunavut, Yukon agus na gCríoch Thiar Thuaidh ag éileamh go dtiomnaítear cumhacht ar acmhainní nádúrtha an Tuaiscirt dóibh féin, ionas go mbeidh siad in ann a gcultúir, a dteangacha agus a slí bheatha a chosaint amach anseo. (Tá an chumhacht sin faighte ag an Yukon cheana; tá an dá chás eile á bplé.) Má tá comhlachtaí móra Ceanadacha agus idirnáisiúnta ag tógaint ola agus gáis, óir agus diamant as an talamh ní hamháin sa Tuaisceart ach san Artach féin - agus beidh sar i bhfad - saothróidh an rialtas na milliúin dollar i dtáillí agus ríchíosanna uathu. Má tá ceannas ag na rialtais dhúchasacha ar acmhainní nádúrtha sna críocha thuaidh - rud a bhí ag rialtas na Cónaidhme amháin go dtí seo - beidh ar chumas na ndúchasach seirbhísí agus infrastruchtúir, oideachas agus fostaíocht, a mhaoiniú dá muintir féin.

Ba mhaith leis na rialtais dhúchasacha go ndéanfaí proibhinsí iomlána de na críocha thuaidh. Ansin bheadh siad ar comhchéim leis na proibhinsí eile i gCeanada amhail Québec agus Ontario. Tá ag éirí leo ar bhealach, mar tá rialtas na Cónaidhme ag plé leo faoi thodhchaí an Tuaiscirt. Taispeánann sin go bhfuil crógacht agus diongbháilteacht sna dúchasaigh, idir Indiaigh agus Inuit, mar níl cumhacht pholaitiúil ar bith acu sa tír iomlán. Ó thaobh vótaí de i dtoghcháin náisiúnta, níor ghá do rialtas na Cónaidhme bacadh leo. Ach táthar ag éisteacht leo anois. Don chéad uair, in ainneoin go bhfuil athrú na haeráide agus fadhbanna sóisialta ag bagairt orthu, tá seans ag muintir an Tuaiscirt a ndúchas, a dteangacha agus a slí bheatha a chaomhnú do na glúnta a thiocfas ina ndiaidh.

aeráidclimate - aiseagrestoration - ArtachArctic - Bealach Thiar ThuaidhNorth-West Passage - coilíneachascolonialism - comhshaolenvironment - cumhachtpower - daonrapopulation - diamantdiamond - éifeachteffect - féinriailself-rule - Mol ThuaidhNorth Pole - oighearice - todhchaífuture - an tSibéirSiberia