Is fearr dochas na leimhe

Beocheist:  Luath nó mall, tagann comhrá i nGaeilge ar cheist na Gaeilge ar bhealach nach dtagann comhrá i mBéarla ar cheist…

Beocheist: Luath nó mall, tagann comhrá i nGaeilge ar cheist na Gaeilge ar bhealach nach dtagann comhrá i mBéarla ar cheist an Bhéarla. Ó thaobh an Bhéarla de is dócha nach bhfuil aon cheist nó fadhb ann, writes Eilís Ní Anluain.

Ó am go ham, tagann comhráite i mBéarla ar cheist na Gaeilge freisin ach is minic a léirítear míchompord i leith an ruda seo nár tógadh i gceart ón scoil. Níl spás anseo dul isteach ródhomhain sa scéal ach i ndeireadh an Mhárta, mí na Féile Pádraig, ritheann smaointe áirithe liom.

Le borradh an Earraigh a thosaíonn sé. Tá Gaeilge san aer. Go luath tar éis Lá Fhéile Bríde, gach uile bhliain tagann glaoch teileafóin chugam ó cheann de na scoileanna dara leibhéal ar an mbaile.

An múinteoir Gaeilge ag fiafraí díom an bhfuil aon seans go ndéanfainn an triail scrúdaithe béil do dhaltaí na hArdteistiméireachta. Ní thugaim freagra láithreach ach níor dhiúltaigh mé fós tabhairt faoi. In imeacht dhá bhliain déag tugaim faoi ndeara méadú ar an méid acu atá ag obair taobh amuigh den scoil agus ar an méid acu a deir a bhfuil curtha isteach acu ar choláiste.

READ MORE

I mbliana, áfach, thug mé rud eile faoi deara. Duine i ndiaidh a chéile, ag teacht isteach chugam agus "54 Bóthar na Trá" mar sheoladh acu. Chaithfeá gáire mar a rinne Myles na gCopaleen mar mura ndéanfá, dhéanfá caoineadh. Bain amach an maide rámha a bhí ag an múinteoir leis na leanaí a bhuaileadh in An Béal Bocht agus is é an scéal ceanna é agus "Yer nam is Jams O'Donnell".

Nuair a rinne mé iontas de seo, go lách dár ndóigh, dúirt an múinteoir nach raibh aon spéis ag na daltaí sin sa Ghaeilge. Bhíothas ag súil go ndéarfadh na daltaí céanna: "Tá mé ocht mbliana déag d'aois" in ionad "a hocht déag". Ní nach ionadh, a shíl mé.

Taobh amuigh den Ardleibhéal, nárbh fhearr cloí le leaganacha simplí, béim a chur ar chumarsáid seachas ar nathanna seanfhaiseanta agus ar abairtí iomlána, níos mó greann a bheith ann, glacadh le corrfhocal Béarla fiú, ach an chaint a choinneáil ag imeacht.

Meas tú cén toradh a bheadh ar an chéadatán íseal marcanna atá ag dul don scrúdú béil a mhalartú leis an cheadatán ard marcanna atá ag dul don scrúdú scríofa, agus ar ábhar amháin eile ar an gcuraclam, mar shampla an tOideachas, Saoránacht, Sóisialta agus Polaitiúil, a dhéanamh tré mheán na Gaeilge? Bheadh an-scóip ann caint faoi ghnéithe den dúchas ar nós féilte na bliana agus logainmneacha.

Ag caint dom ar logainmneacha, agus an Ghaeilge bheith ní hé amháin san aer ach ar an aer, is é a bhí le rá ag Ryan Tubridy le gairid faoi mholadh Denis Naughton, TD, gur cheart ainmneacha áitiúla bheith ar eastáit nua tithíochta, nach é seo an cineál ruda a chuirfeadh isteach nó amach air.

An port céanna a bhí ag Joe Duffy i rith Sheachtain na Gaeilge féin nuair a dúirt sé leis an té a chuir glaoch faoi dhearmadaí litriú sa Ghaeilge ar stampaí, ar chomharthaí bóthair agus sa leabhar teileafóin. Dúirt sé go dtarlaíonn a leithéid.

Ach is mó i bhfad a tharlaíonn nuair is í an Ghaeilge atá i gceist. An tseachtain chéanna ar raidió rinne Brian Mooney, Uachtarán Institiúid na gComhairleoirí Gairmthreoir, tagairt don "mbloc intinne" a fhaigheann daltaí i leith na Gaeilge óna dtuismitheoirí agus ón tsochaí.

Bhraitheas féin gur sheas sé suas go maith dó féin níos faide amach sa chomhrá nuair a bhí Pat Kenny ag cur cloch eile ar charn an bhloc intinne céanna.

Mar chúiteamh ar leimhe an triúr láithreoirí lae sin i leith chás nó cheist na Gaeilge (is beag nár scríobh mé léiritheoir, dearmad a chaillfeadh pointe dom ar Ní Gaeilgeoir Mé, nach dian a bhí an teagascóir!) chuir John Kelly ar Mystery Train oíche Fhéile Pádraig gliondar orainn ar fad sa bhaile lena chuid Gaeilge agus lena chuid Fraincise freisin. "Quelle surprise!"

Maidir leis an bhFraincis nó teanga iasachta ar bith eile meas tú an bhfuil sé tugtha faoi ndeara acu siúd a deir go bhfuil siad níos "úsáidí" ná Gaeilge, gur minicí an tríú nó an ceathrú teanga bheith acu siúd a bhfuil Gaeilge acu ná acu siúd nach labhrann ach Béarla?

Fágfaidh mé an focal scoir ag comharsa a chas orm le deireanas. Cé nach bhfuil Gaelge ar bith aici bhí sceitimíní uirthi mar go raibh an mac is óige aici tar éis áit a fháil i gceann de ghaelscoileanna an bhaile. "Beidh sé," ar sise, "in ann cabhrú leis an bheirt eile lena gcuid oibre baile!"

Is fearr dóchas ná leimhe lá ar bith.