TUARASCÁIL:TÁ SÍCEOLAITHE agus teangeolaithe ag cur suim anois sa bhaint atá ag teangacha leis na mothúcháin. Is fios cheana go gcuirtear na mothúcháin in iúl tríd an chaint. Má tá fearg ar dhuine, nó má tá brón air, tuigfear é sin ó thuin na cainte aige. Beidh tocht ina ghlór, nó beidh sé ag caint os ard, nó beidh a ghlór ag croitheadh.
Is féidir le duine a chuid mothúchán a chur i bhfocail freisin, agus é ag rá go bhfuil brón air, nó fearg, nó a leithéid. Tugann an chaint deis dúinn ár mothúcháin a aithint. Leoga, is deacair dúinn go minic ár mothúcháin a aithint, muna gcuirimid friotal orthu sa chaint.
De ghnáth, cuireann daoine na mothúcháin in iúl ar an bhealach is fearr ina dteanga dhúchais. Is mar sin a deirtear gurbh í 'teanga an chroí' an teanga dhúchais. Ach is féidir le duine dara teanga a fhoghlaim chomh maith sin go gcuireann sé a chuid mothúchán i bhfriotal inti freisin.
Ní hamháin sin, ach bíonn mothúcháin ag daoine faoi theangacha, faoi na teangacha a labhrann siad, nó a bhfuil aithne acu orthu. Is féidir fuath bheith ag duine do theanga áirithe, nó grá bheith aige do theanga.
Muna maith linn ár dteanga dhúchais, tig linn í a chaitheamh uainn. Tarlaíonn sin go minic. Sin mar a rinne na Giúdaigh a theith ón Ghearmáin agus ón Ostair i réim na Naitsithe. Chaitheadar an Ghearmáinis uathu, toisc fearg bheith orthu nár sheas muintir na Gearmáine ná na hOstaire leo in am an ghátair.
Chuaigh siad i muinín an Bhéarla, más sna Stáit Aontaithe a fuaireadar dídean agus saol nua, nó na Spáinnise, más go dtí an Airgintín a chuadar.
Bíonn éifeacht áirithe ag na mothúcháin faoi theangacha ar chumas na dteangacha sin, agus sin ar dhá bhealach: mar a éiríonn le daoine teanga nua a fhoghlaim; agus mar a tharlaíonn tnáitheadh nó cailliúint na teanga dúchais san imirce.
Má tá ort teanga éigin a fhoghlaim, agus muna maith leat an teanga sin nó lucht a labhartha, is go dona a fhoghlaimeoidh tú í.
Sa Bheilg, tír ina mbíonn Pléimeannais á labhairt ag dream amháin agus Fraincis ag an dream eile, bíonn ar na daltaí scoile sa dá chuid den tír an teanga eile a fhoghlaim. Ach is fuath le lucht na Pléimeannaise an Fhraincis, agus is leasc le lucht na Fraincise Pléimeannais a fhoghlaim. Mar sin, is minic nach bhfoghlaimíonn siad teanga an duine eile, agus sin cúis amháin go bhfuil an Bheilg ag titim as a chéile i láthair na huaire.
I gCeanada, glacann lucht na Fraincise leis gurbh é an Béarla an teanga idirnáisiúnta, ach is fuath lena lán de lucht an Bhéarla an Fhraincis - fiú muna ndeir siad os ard é. Tá éirithe go maith ag tumoideachas na Fraincise do lucht an Bhéarla (tá sé sa bhfaisean le fada don mheán agus don uasalaicme) ach ní dhéanann an t-oideachas seo daoine dátheangacha don saol.
Is iad lucht na Fraincise a fhoghlaimíonn Béarla go fóill agus a chleachtann é, ní a mhalairt. Teagasc an scéil: ní féidir teanga a mhúineadh gan bacadh leis na mothúcháin a bhaineann léi i measc an lucht foghlamtha.
Tagann ceist theanga dhúchais á tnáitheadh is á cailliúint go dtí an barr nuair a bhíonn imircigh i gceist agus bíonn orthu bheith dátheangach chun maireachtáil ina dtír nua.
Tá a fhios ag cách gur deacair d'inimircigh i ngach áit sa Domhan Thiar a dteanga dhúchais a choimeád beo agus, níos deacra fós, í a thabhairt do na leanaí.
Ní hamháin go ndéanann na páistí 'dearmad' ar theanga a dtuismitheoirí agus go bhfoghlaimíonn siad teanga na sráide agus na scoile, ach go ndéanann na tuismitheoirí 'dearmad' uirthi freisin - éiríonn siad níos líofa sa teanga nua, toisc go mbíonn siad á labhairt gach lá, fiú lena bpáistí féin.
Ansin ar deireadh thiar is í an dara teanga teanga an chroí, ní an teanga dhúchais. Go minic freisin bíonn saghas náire ar inimircigh faoina dteanga dhúchais, agus meas acu ar an dara teanga toisc gurbh í sin teanga an rachmais agus an dul chun cinn sóisialta.
Bíonn mothúcháin de gach sórt ag daoine faoin teanga dhúchais, faoin dara teanga, faoi theanga na ndaoine eile. Bíonn bród, grá, dílse ann, ach fuath, náire agus ciontacht freisin.
Bíonn treise faoi leith ag na mothúcháin i gcás teangacha mionlaigh. Nuair a bhíonn sé d'iacall ar lucht teanga mionlaigh bheith dátheangach agus teanga an tromlaigh á foghlaim acu, bíonn simbeois de shaghas áirithe ann idir an dá theanga.
Toisc gurbh í an dara teanga teanga gnó, oibre agus eacnamaíochta, ní bhíonn sa teanga dhúchais ach teanga an chroí, teanga a úsáideann an cainteoir i gcaidreamh lena chlann agus lena mhuintir féin.
Bíonn mothúcháin áirithe ann freisin faoin teanga dhúchais i measc na gcainteoirí. Bíonn siad dílis don teanga, nó déanann siad feall uirthi nuair a chaitheann siad uathu í. Bíonn bród acu aisti, nó náire orthu fúithi.
Cailltear na mionteangacha go héasca. Féach mar a tharla sa Bhriotáin. Go hiondúil ansin is cainteoirí dúchais iad na seantuismitheoirí, tá na tuismitheoirí dátheangach agus níl ach Fraincis ag na daoine óga.
Níor thug na tuismitheoirí an Bhriotáinis dóibh toisc náire bheith orthu fúithi, ach ní 'teanga an chroí' dóibh an Fhraincis ach oiread.
Dá bharr sin, ní fhoghlaimíonn an t-aos óg 'teanga an chroí' ar bith agus ar deireadh thiar thall ní féidir leo a gcuid mothúcháin a chur i bhfocail in aon teanga. Tugann síceolaithe "alexithymie" ar an bhfeiniméan sin: gan a bheith ar chumas an duine a chuid mothúchán a chul in iúl sa chaint.
Agus muintir na hÉireann? Níl aon taighde déanta ar an gceist seo go bhfios dom, ach tá sí suimiúil go leor. Tá bród ar na hÉireannaigh as an Bhéarla bheith ar a dtoil acu, ach tá náire orthu (cé nach n-admhaíonn siad é) nach gcleachtann siad an Ghaeilge.
Tá siad go maith ag teanga na sean-namhad, ach tá siad go dona ag a dteanga náisiúnta féin. An teanga a labhrann siad, ní leo í, agus an teanga gur leo í, ní labhrann siad í.
Pé scéal é, don gcuid is mó in Éirinn, le 150 bliain anois, is é an Béarla teanga an chroí, ní an Ghaeilge. Tá a lán mothúchán ag baint leis an Ghaeilge ag an am céanna. Bíonn bród ar dhaoine aisti fiú muna bhfuil sí i gceart acu féin. Bíonn siad 'dílis' di, nó déanann siad 'feall' uirthi.
Is é is dóichí go bhfuil coimpléasc faoi na teangacha ag na daoine in Éirinn i ngan fhios dóibh féin: bíonn náire agus ciontacht orthu toisc nach labhrann siad a dteanga náisiúnta féin, ach tá bród orthu go bhfuil an teanga eachtrach foghlamtha chomh maith acu - mar shampla, go bhfuil cuid mhaith de scríbhneoirí móra an Bhéarla sa nua-aois ina nÉireannaigh.
Ach nár mhiste a rá go raibh a gcroí trína chéile faoi cheist na dteangacha ag cuid de na scríbhneoirí céanna?
Smaoinigh ar Joyce ag imeacht thar lear agus ag cur faoi san Eilvéis, Beckett mar an gcéanna i bPáras agus é ag dul i muinín na Fraincise.
Cinnte go bhfuil tuilleadh le rá ar an ábhar casta seo...
bródpride - ciontachtguilt - coimpléacscomplex - dátheangachbilingual - dílisloyal - fealltreachery - líofafluent - mionlachminority - mothúchánfeeling - náireshame - rachmaswealth - síceolaípsychologist - taighderesearch - tnáitheadhweariness - tocht ina ghlóremotional catch in his voice