LAF - cúis gháire chugainn

Chuir an eagraíocht LAF (Literature Across Frontiers) cúigear againn chun na bPiréiní sa Chatalóin - Seiceach, Fionlannach, Catalónach…

Chuir an eagraíocht LAF (Literature Across Frontiers) cúigear againn chun na bPiréiní sa Chatalóin - Seiceach, Fionlannach, Catalónach, Breatnach agus mé féin, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Ár misean: úrscéal idirnáisiúnta do dhéagóirí a scríobh, úrscéal a thiocfadh amach ina dhiaidh sin sa tSeicis, san Fhionlainnis, sa Chatalóinis, sa Bhreatnais agus sa Ghaeilge. Nach geall le ficsean an méid sin cheana féin?

Bhí go maith is ní raibh go holc. Chaitheamar tamall agus an dúshlán á chíoradh againn, ag cur is ag cúiteamh, mar a deir siad agus ag féachaint amach ar na Piréiní bána "ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile".

Cúigear scríbhneoirí, inár gcimí ag LAF. Cad tá ag teastáil ón dream seo? Litríocht trasteorann? Agus fiú más i dtíortha éagsúla a shuífear an scéal breá seo (nach bhfuil scríofa fós againn), an ndéanfadh sé sin úrscéal idirnáisiúnta de?

READ MORE

Cad is úrscéal idirnáisiúnta ann sa chéad áit nó má tá a leithéid de rud ann, an fiú é? Cé hiad féin ar aon nós, LAF? An bhfuil baint acu leis an CIA?

Caithfidh go raibh aer tanaí na bPiréiní ag dul i bhfeidhm orainn um an dtaca sin - is gan peann curtha le pár go fóill.

Sa deireadh shocraíomar ar dhá chaibidil an duine a scríobh. I bhfocail eile, bheadh deich gcaibidil ar fad sa leabhar. Cá dtosóimid? Cad atá uainn? Scéal bleachtaireachta? Úrscéal rite de passage?

Coicís a tugadh dúinn. Dian go leor. "Beidh orainn aithne a chur ar a chéile cuibheasach tapaidh," arsa mise liom féin. "Agus beidh orainn a bheith ag athscríobh - ní hamháin anseo i measc na mbeann ach arís ar ball nuair a raghaimid abhaile - chun nach mbeadh difríocht rómhór idir na guthanna go léir, is é sin go mbeifí in ann é a léamh mar úrscéal seachas mar chuilt ilphaisteach!"

Tugadh faoina leithéid cheana - comh-úrscéal - ach ní dóigh liom gur thug cúigear ó chúlraí éagsúla teanga agus cultúir faoina leithéid riamh.

Bhuel, shocraíomar ar bheirt phríomhcharachtar a bheith againn, Anna agus a deartháir óg Niko. Fionlannaigh. Chuireamar ag taisteal iad. Ní déarfaidh mé anseo conas ná cén fáth. Bhí peata gadhair ina dteannta cuid den slí, Peirícó.

Nuair a bhuailfidh tú leo, thíos, tá siad tar éis a bheith sa Bhreatain Bheag áit a ndearna cailleach bligeardacht orthu - tá an gadhar ar iarraidh.

Ar aon chuma, san India atá siad sa sliocht áirithe seo as ceann de na caibidlí a scríobhas-sa, mar bhleaist de léitheoireacht éadrom shamhraidh chugaibh, idir shean is óg:

An teas! Níor bhraitheadar a leithéid de theas riamh roimhe sin. Chonaiceadar buachaill chucu ar an mbóthar deannachúil. "Namaste!" ar seisean nuair a tháinig sé i bhfoisceacht Dia is Muire dhuit dóibh, a dhá lámh dhonna le chéile aige faoi mar a bheadh sé ag guí.

"Namaste!" ar siadsan ar ais leis.

"Cad as daoibhse?" arsa an buachaill.

"As an bhFionlainn," arsa Anna.

"Chuala mé go mbíonn sneachta ansin agaibh. Ní fhaca mé sneachta riamh."

Dhein Niko iontas den mhéid sin. "Cá bhfuilimid?" arsa Anna.

"Tá sibh tuairim is uair an chloig ó Trivandrum. Tá ainm eile ar an áit ach tá sé i bhfad rófhada mar ainm - agus tá saghas deifir orm."

Níor chosúil deifir ar bith a bheith air dar le Niko. "Trivandrum?" arsa Anna. Níor chuala sí trácht riamh air mar áit.

"Príomhchathair Kerala - in iardheisceart na hIndia. Ar mhaith libh teacht liom agus ómós a thabhairt do Hanuman?" Stán Anna air. Bhí mearbhall uirthi. Iardheisceart na hIndia? Hanuman?

"Cé hé Hanuman?" arsa Niko agus é chomh fiosrach is a bhí riamh.

"An Moncaí-Dhia, cé eile. Tá sé tagtha ar ais chugainn. Seo libh. Leanaigí mise. Is dia iontach ar fad é. Bíonn sé ina shuí go socair an lá ar fad gan súil a bhobáil fiú. Tá siad ag teacht ó na ceithre hairde chun darshan a fháil uaidh."

Thuigeadar is níor thuigeadar é. Malayalam an teanga a bhí á labhairt aige ach fós féin, thuigeadar gach focal, beagnach. Beannacht nó grásta de shaghas éigin ab ea darshan, is cosúil.

"Téanam!" arsa an buachaill. D'eitil pearóid ghlas os a gcionn agus ansin pearóidín eile á leanúint go mall. Bhí buabhall uisce á ní ag fear sa ghort. Tar éis tamaill stopadar ag stalla ar thaobh an bhóthair. "Stopaimis anseo le haghaidh fliuchadh ár mbéil," arsa an garsún.

Bhí scoiltire ina ghlac ag an bhfear stalla agus bhain sé an barr de thrí chnó cócó.

"Ólaigí!" arsa an buachaill. "Tá sé saor in aisce. Éinne atá ag dul ar oilithreacht chun Hanuman a fheiscint, faigheann sé deoch saor in aisce."

Bhlais Niko de. "Mmm thar barr!" ar seisean. "Is maith liom é." Chaitheadar na cnónna cócó folmha uathu ar charn agus leanadar orthu. Bhí an buachaill - Rama - ag caint an t-am ar fad, faoi Hanuman is mó. Ní fhéadfá é a stopadh. Dá mbeadh comórtas ann chun labhairt ar son na hIndia bheadh sé buaite aige gan stró.

Chonaiceadar a lán rudaí ar an slí nach bhfacadar riamh cheana: bhí lomáin fhada á dtarraingt ag eilifint ina diaidh; ghabh bean thar bráid agus pota ar a cloigeann aici; bhí seanfhear feosaí ina sheasamh ar thaobh an bhóthair agus é ag seinm ceoil ar an bhfliúit; bhí ciseán ar an talamh in aice leis agus cobra istigh ann, á mhealladh amach ag an gceol. An rud ab aistí faoi ná gur ina sheasamh ar a chloigeann a bhí fear na fliúite.

Bhí sé ina thráthnóna faoin am ar shroiseadar an t-ashram, an áit bheannaithe, agus Rama fós ag caint, faoi seo siúd is uile.

Fuair Anna boladh túis san aer. Bhí slua mór daoine rompu agus iad go léir ina suí ar an talamh, a gcosa fúthu, agus iad ag féachaint go tnúthánach i dtreo altóraáit a raibh moncaí ina shuí agus bláthfhleasc oráiste timpeall a mhuiníl aige.

"Sea," a deir Rama. "Cad déarfadh sibh? Nach breá go deo an dia é?" D'fhéach Anna agus Niko ar a chéile. Ní raibh a fhios acu cad ba cheart dóibh a rá ...

(Sliocht eile an tseachtain seo chugainn. An Gúm a fhoilseoidh Anna agus Niko)