TUARASCÁIL:THUG SRAITH breithiúnas cúirte "léirmhíniú nua, léirmhíniú níos teoranta" ar chearta teanga, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus é ag caint i gCorcaigh an tseachtain seo caite.
Dúirt Ó Cuirreáin gur measadh go raibh cearta teanga daingnithe in airteagal 8 den Bhunreacht, airteagal a thug le fios gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í. Mar sin féin, bhí sé le tuigbheáil as breithiúnais éagsúla a rinneadh san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach le deireanas go raibh teorainn leis na cearta sin.
De réir na mbreithiúnas sin, a dúirt sé, ní raibh dualgas ar bith bunreachtúil ar an Stát aistriúchán go Gaeilge do chuid mhór de dhlíthe a chur ar fáil don phobal i gcoitinne; níor ghá coiste giúiré dátheangach a chur ar fáil, rud a tharla i nGaillimh do thriail fir ar chainteoir dúchais Gaeilge ón Ghaeltacht é agus níor ghá ráitis finnéithe i mBéarla a sholáthar i nGaeilge do dhuine a bhí á chosaint féin trí Ghaeilge os comhair cúirte.
Dúirt Ó Cuirreáin go mbeadh ar lucht na Gaeilge aistriúchán Béarla de cháipéisí a chur ar fáil i gcásanna áirithe. Bhí teorainn le húdarás Aire na Gaeltachta eagrais áirithe a thabhairt faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla agus thiocfadh leis an Stát i gcás coiriúil cáipéisí cúirte a sheirbheáil ina rogha teanga oifigiúil.
Dúirt sé nach raibh sé ag moladh ná ag cáineadh na mbreithiúnas ach ag tabhairt “tuairisc lom ar an bhfíric go raibh na breithiúnais sin tugtha in uaschúirteanna na tíre seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an eolas go bhfuil na cinntí seo déanta”.
Lena chois sin, rialaigh an Chúirt Achomhairc i dTuaisceart Éireann in éadan úsáid na Gaeilge sna cúirteanna sa limistéar sin Dé Céadaoin. Bhí Caoimhín Mac Giolla Catháin ag iarraidh Gaeilge a úsáid agus é ar lorg ceadúnas dí. Dhiúltaigh an chúirt dá achainí. Thug na breithiúna le fios gurbh é Béarla teanga na cúirte de réir dlí a ritheadh in 1737 agus bhí, dá réir sin, cosc ar Ghaeilge sa chúirt.