Ligigí a ceann leis an Ghaeltacht - mura bhfuil sé rómhall

SEOSAMH MAC Grianna, údar, a scríobh sa bhliain 1926: “Ní maith an focal “Gaeltacht” le bheith ag ceann scríbhinne

SEOSAMH MAC Grianna, údar, a scríobh sa bhliain 1926: “Ní maith an focal “Gaeltacht” le bheith ag ceann scríbhinne. Táthar ag scríobh ar an Ghaeltacht le deich mbliana fichead, agus go minic ag scríobh go maol uirthi.

“Ar an ábhar sin, an scríbhneoir a rachas a sheanchas fán Ghaeltacht fán am seo de lá, ní iontas eagla a bheith air go dtiontóidh an léitheoir an duilleog i ndiaidh an t-ainm a fheiceáil, agus nach bhfanann sé go lé sé an chaint atá ag teacht ina dhiaidh.”

Seans mór go bhfuil tú ag teacht leis an Ghriannach agus an oiread sin cainte, agus, leoga, histéire faoi Bhille na Gaeltachta “fán am seo de lá” agat.

Tá an daonlathas i ndiaidh bás a fháil sa Ghaeltacht, is cosúil.

READ MORE

Ní hea. Tá Dinny “The Destroyer” McGinley i ndiaidh é a mharú as athrú a mholadh ar bhord Údarás na Gaeltachta agus 12 comhalta a chur in áit 20 duine, más fíor d’Fianna Fáil agus do Shinn Féin. (Cad é eile a mbeifeá ag súil leis ó fhionnlaoch ach bás agus míle murdar?)

Ach is aisteach an neach é an daonlathas agus ionadaíocht. Tá 16 comhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge, mar shampla, eagras thuaidh/theas atá in ainm is a bheith freagrach as forbairt na teanga sna 32 contae.

Agus 20 atá ar bhord an údaráis agus iad freagrach as an teanga i seacht gcontae.

Bhronn Fianna Fáil Foras na Gaeilge ar lucht na Gaeilge sa Stát seo mar chuid de phróiseas na síochána gan mórán airde a thabhairt ar dhaonlathas agus bhí na páirtithe polaitíochta ar fad – Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na PDanna agus, leoga, aontachtaithe an Tuaiscirt – sásta comhaltaí a cheapadh faoin chóras nua: ochtar do na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus ochtar do 26 contae an Stáit seo. Daonlathach?

Ba é an foras a bhronn, lena sheal féin, an tSamhail Nua Mhaoinithe ar na heagrais dheonacha chéanna, samhail a chothaigh iaróg ar feadh i bhfad agus is beag aird a tugadh ar dhaonlathas lena linn sin.

Tuigeann tú do Shinn Féin agus an imní mhór atá orthu faoin daonlathas. Coincheap measartha nua acu é an daonlathas agus ní mór súil ghéar a choinneáil ar Fhine Glic agus a gcuid seifteanna. Aire na Gaeltachta ag ceapadh daoine ar bhord! Náireach!

(Agus b’fhéidir nár mhiste sliocht beag eile as saothar Mhic Grianna a chur anseo fosta: “Is é an difear mór atá idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, gur throid Éire ar son a saoirse agus gur chaill sí a teanga, bunús; agus gur choinnigh an Bhreatain Bheag a teanga ach nár thóg sí arm le troid ar a son féin le 500 bliain.”)

Ach fan. Tá an chontúirt ann go mbeidh mise ag scríobh “go maol” ar chúrsaí Gaeltachta.

Cad é eile a bhí le rá ag an Ghriannach faoi na cúrsaí seo? In alt – “Ligigí a ceann leis an Ghaeltacht” – a scríobh sé sa bhliain 1932, dúirt sé: “Dar liomsa nach bhfuil dóigh ar bith is fearr leis an Ghaeltacht a shábháil ná a rá leis na Gaeil: sin bhur nGaeltacht agaibh cuirigí féin eagar uirthi.”

Cad é atá tú á rá, Joe Fheilimí, iarraidh ar phobal na Gaeltachta “plean teanga” de chineál éigin a chur le chéile?

Ach fan, tá tuilleadh le rá aige: “Cuir i gcás go raibh gach oibrí ar gach traein agus ar gach bus dá mbeadh ag dul tríd an Ghaeltacht ag labhairt Gaeilge, agus gach dochtúir agus garda agus sagart agus máistir scoile agus dlíodóir agus cléireach sa Ghaeltacht ag caint Gaeilge, bheadh gléas ag na Gaeil a dteanga a shábháil.”

Cuir i gcás, go díreach.

Faraor, níl traein ar bith i dTír Chonaill anois ach tá gardaí ann – ach gan mórán cumais i nGaeilge acu ach b’fhéidir go gcuirfeadh an coimisinéir teanga múineadh orthu fós.

Ach tuigim an rud atá i gceist aige. Agus cad é faoin Rialtas: “Tá ceist mhór eile sa Ghaeltacht fosta – ceist an aráin laethúil … Ní thiocfadh leis an Ghaeltacht mórán a dhéanamh gan airgead ón Rialtas.”

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim sin mar is ceart – tá ról ag an phobal i gcur chun cinn na teanga; tá ról ag na húdaráis atá i dteagmháil leis an phobal agus tá airgead ón Rialtas de dhíth.

Tá sin simplí agus ciallmhar go leor – agus é i gcló le 80 bliain.

Ligigí a ceann leis an Ghaeltacht!

‘Lagmhisneach’

NÍ RAIBH an oiread lagmhisnigh agus easpa muiníne riamh i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá anois, dar leis an gCoimisinéir Teanga, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go raibh a lorg fágtha ar na heagrais teanga lasmuigh den Ghaeltacht ag an gcath fada achrannach a chuireadar suas i gcoinne an chórais nua mhaoinithe a bhí molta ag Foras na Gaeilge don earnáil teanga.

Ag labhairt dó i gCeatharlach Dé hAoine, dúirt sé go raibh na heagrais “spíonta, tuirseach agus tromchroíoch” tar éis dóibh a bheith “sáite le blianta” i “ndíospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua mhaoinithe gan mhaith, gan toradh”.

Bhí am agus fuinneamh na n-eagras “suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun”.

Dúirt sé chomh maith go raibh imní fós ar na heagrais cé gur fhógair Foras na Gaeilge le déanaí go raibh an córas a bhí molta le caitheamh i dtraipisí.

Faoin gcóras conspóideach sin bheadh ar eagraíochtaí dul in iomaíocht le chéile chun maoiniú a fháil chun seirbhísí ar leith a sholáthar.

An tseachtain seo caite d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh sainchomhairleoir á lorg arís acu le “cás gnó” agus moladh a dhéanamh maidir le córas nua maoinithe.

Dúirt Ó Cuirreáin go raibh na heagrais buartha go raibh an t-eagras “ag dul ar lorg samhail úrnua mhaoinithe (marc 2) agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois”.

Thug Ó Cuirreáin le fios go raibh lagmhisneach i measc na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta go ginearálta de bharr easpa ghnímh an Stáit i leith na teanga: “Má deir tú leo misneach a bheith acu, go bhfuil straitéis 20 bliain anois ann, cuirfear ceist ort céard iad na céimeanna dearfacha, praiticiúla chun leas na teanga atá tógtha agus curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an straitéis sin nó de thoradh na straitéise sin?”

Dúirt sé go raibh comharthaí dearfacha ann maidir le húsáid na teanga, ina measc na figiúirí daonáirimh is déanaí a thug le fios go raibh méadú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go náisiúnta agus sa Ghaeltacht.

Bhí sé rí-thábhachtach, a dúirt sé “nach ngéillfeadh muide ar cás linn an teanga ársa seo ach go mbeadh misneach, muinín agus dóchas againne ar fad”.

Bhí Seán Ó Cuirreáin ag caint Dé hAoine seo caite ag ag seoladh Scoil Samhraidh “An Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnamh” i gCeatharlach.

Gaeldeontas

CHEADAIGH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deontas €20,000 don Ghaelacadamh in Iorras Aithnigh i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo caite.

Is é is cuspóir leis an airgead tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn an cheoil, na hamhránaíochta, damhsa ar an sean-nós, an rince agus an amhránaíocht sa cheantar.

Dúirt McGinley go raibh “ról lárnach agus leanúnach ag an nGaelacadamh i gcur chun cinn” an chultúir.

airdattention – amhránsong – básdeath – ceannaireleader – córassystem – daonlathasdemocracy – dearfachpositive – dóchashope – eaglafear – imníworry – fuinneamhenergy – iarógrow – histéirehysteria – lagmhisneachlowness of spirits – misneachcourage – náireachshameful – pleanplan – próiseasprocess – rincedance – rólrole – saoirsefreedom – toradhresult

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times