Lola Luimnigh, ó lá lá lá

BEOCHEIST: BÍONN DAOINE ag gearán go minic na laethanta seo

BEOCHEIST:BÍONN DAOINE ag gearán go minic na laethanta seo. Nach raibh sé riamh amhlaidh, a deir tú? Cúis ghearáin amháin a chloisim i m'ionad oibre – ollscoil – ná go bhfuil easpa samhlaíochta agus easpa fuinnimh ar an nglúin óg – gur cineál zombaithe iad lena gcuid I-padanna agus a gcuid I-fón agus eile.

Ach an bhfuil bunús ceart leis seo in aon chor? Ní mar sin a fheictear domsa é caithfidh mé a rá. Níl an saol go héasca ag an nglúin óg, is cuma cé na buntáistí ábharacha atá acu i gcomparáid le mo ghlúinse. Tá an margadh fostaíochta níos déine ná mar a bhí riamh.

Mura n-imríonn daoine óga spórt nó mura mbíonn siad páirteach i ngrúpaí a bhfuil cúrsaí cultúrtha nó spioradálta mar bhonn leo, is minic iad uaigneach nó ag caitheamh an iomad ama leo féin.

Tá an chuid is gránna agus is beagmhaitheasaí de chultúr Mheiriceá i réim in Éirinn faoi láthair. Nuair a bhíonn daoine áirithe ag tabhairt amach faoin nglúin óg inniu – nach spéis leo cúrsaí polaitíochta ná cúrsaí airgeadais, gur cuma leo faoi reifrinn mar shampla – seans go ndéanann siad dearmad go bhfuil formhór ár n-ógánach á dtachtadh ag córas na bpointí, iad ag lorg poist nó ag fágáil na tíre.

READ MORE

Seans leis, go bhfuil siad bréan den chaimiléireacht go léir, an cur i gcéill síoraí seasta, an folús mór sin a bhfuil an easpa follasachta ina lár.

Cad a tharla do na daoine fiáine radacacha sin a shíolraigh uainn san am atá thart? Na neacha sin a raibh fuinneamh agus crógacht agus spiorad fiosrachta agus fiontraíochta an tseaneachtrannaigh ag borradh ina gcuisle?

Duine díobh sin ab ea Eliza Rosana Gilbert nó Lola Montez mar ab fhearr aithne ag an saol mór uirthi.

Rugadh Lola Montez, rinceoir agus bean scléipe, in Earrach na bliana 1820 gar d’Ard Pádraig, Co. Luimnigh. B’iníon le Edward Gilbert í, saighdiúir de chuid na Breataine a bhí lonnaithe i gcúige Mumhan agus Eliza Oliver, iníon neamhdhlisteanach le Charles de Silver Oliver, feisire i bparlaimint Shasana tráth den saol. D’aistrigh an teaghlach chun na hIndia.

Seans go raibh Eliza, nó Lola óg, beagáinín fiáin cheana féin nó b’in gnás na huasaicme an uair úd. Cuireadh Lola chuig scoil chónaithe i Montrose na hAlban agus í fós an-óg. Cuireadh críoch lena cuid scolaíochta blianta níos faide anonn i scoileanna ardnósacha eile i bPáras na Fraince agus i mBath, i ndeisceart Shasana.

Bhí clú agus cáil na háilleachta ar Lola cheana féin agus teasaíocht inti a luaigh daoine áirithe lena fréamhacha in Éirinn. In amharclann in Haymarket, i mí an Mheithimh, 1843, a chonacthas “Lola Montez” an chéad uair riamh, ainm stáitse a bhain idir iomrá agus mhíchlú nach beag amach ar fud an domhain.

Ní rófhada go raibh taispeántais stáitse risqué Lola i mbéal an phobail, stangadh á bhaint aici as pobal uasaicmeach Victeoiriach a raibh iompar docht móralta agus sóisialta uathu – ar an leibhéal poiblí ar aon chuma. Dúradh go raibh taispeántais stáitse Lola salach agus mímhorálta agus b’éigean di imeacht chun na Mór-Roinne.

Fiú ar an gcoigrích di, d’fhás miotas mór timpeall ar Lola. I bPáras na Fraince, dúradh go raibh liosta fada leannán aici, an cumadóir ceoil Franz Liszt agus an scríbhneoir Alexandre Dumas ina measc. Lean sí Liszt go Bonn na Gearmáine agus dúradh gur mheall sí Rí na Baváire, Ludwig I, chun na leapa léi cé go mba sheanfhear feosaí é faoin am sin. Is mar chéile leapa an rí a d’fhógair sí í féin go poiblí as sin amach.

D’éirigh uasaicme na Baváire bréan de gheáitsí Lola agus tharla círéib ina coinne in Eanáir, 1848. Chuir Ludwig féin an ruaig ar bhean Ard Pádraig ar Lá ’le Pádraig na bliana sin. Chruthaigh Lola íomhá phoiblí nua di féin agus shocraigh sí ar shaol úr a bhaint amach di féin, i Meiriceá dá mb’fhéidir é. Bhí an rath uirthi i Meiriceá agus bhain stádas an cheiliúráin amach lena taispeántais stáitse agus a geáitsí poiblí gan náire.

Chuir sí seónna stáitse ar bun san Astráil, chuir sí í fein chun tosaigh chomh maith mar léachtóir agus rinne camchuairt Mheiriceá sa bhliain 1857. D’fhill sí ar Éirinn i mí na Samhna 1858 agus labhair sí i Luimneach agus i gCorcaigh. Sa bhliain 1860 a cailleadh í tá sí curtha i Reilig Greenwood, Nua-Eabhrac.

I bhfad sula raibh irisí ar nós Hello ann bhí Lola againn. Cuimhníonn muintir Luimnigh uirthi uair in aghaidh na bliana agus eagraítear Seó Lola Montez i mí na Nollag, seó a mheallann na sluaite. Má spreagann sí an ghlúin óg chun briseadh amach agus na múnlaí righne thart timpeall orthu a bhriseadh, cén dochar?