Máistir i mbun pinn

Beocheist/Éilis Ní Anluain: Bhíodh "An Bhainis Tuaithe" (1568) le Bruegel ar bhalla an chlaonsiúntáin bhig…

Beocheist/Éilis Ní Anluain:Bhíodh "An Bhainis Tuaithe" (1568) le Bruegel ar bhalla an chlaonsiúntáin bhig de chistin a bhí againn nuair a bhí na leanaí óg. Prionta daite, buí an fhómhair, ceannbheartanna agus casóga dearga, slua chun boird agus tuilleadh ar a mbealach isteach, doras bainte dá insí, miasanna leagtha amach air agus beirt fhear á iompar ar dhá chuaille.

"An Súp," a bhaist an té ab óige ag an am ar an bpictiúr ar smaoinigh mé arís air i dtreo dheireadh Hula Hul (Leabhar Breac), úrscéal nua Sheáin Mhic Mhathúna: "Nuair a shroich sé lucht na bainise bhí curtha go mór leis an slua. Is amhlaidh a bhí an baile go léir chun ceol a bhaint as an tráthnóna deiridh roimh an Charghas.

"Bhí a lán boird ann anois, mar bhí ana-chuid doirse bainte des na bocáin acu, agus ní raibh aon ghanntanas leagtha ar na boird chéanna, ach gach aon tigh is a mias féin acu. I lár boird amháin díobh bhí buicéad stáin lán de bhric locha, cuid acu dhá phunt go maith."

(Ní ag milleadh deireadh an scéil ar léitheoirí atáim anseo mar tá níos mó ná rómáns amháin i Hula Hul, ar choiméide seachas tragóid é.)

READ MORE

Luaim é seo (agus prionta Bruegel) mar go n-airím nach dtagann gruaim donn an chlúdach deannaigh, rómhaith le meanmna an scéil. Thabharfadh na piléir le fios go maraítear duine nó daoine agus maidir le fear an gheata, dar leis an téacs "bhí sé dathúil! Ana-dhathúil! Agus bhí hata air, hata dubh is búcla airgid air".

Cé gur i gCiarraí i laethanta deireanacha an chogaidh chathardha a tharlaíonn eachtraí an scéil, is gaire do scéal fiannaíochta é ná do The Tragedies of Kerry (1923) le Dorothy Mac Ardle nó do Ballyseedy (1998) an scannán le Pat Butler.

Bradán á róstadh, aistear trastíre le tasc faoi leith a chur i gcrích agus rudaí ag tarlú faoi thrí. An liú fiaigh, Hula Hul!, a chuala Mait den chéad uair ag an tobar le Cáit (tar éis dóibh trí neacha beo a fheiceáil ann, go bhfuaireadar ansin guí an duine), arís nuair a shíl sé nach bhfeicfidís a chéile arís agus an tríú huair ag deireadh an scéil.

In agallamh a rinne Mac Mathúna scór bliain ó shin dúirt sé gurbh iad na ceisteanna ba chóir a chur mar bhunléirmheastóireacht: "An scéal suimiúil é? Ar thaitin sé leat? An léifeá ceann eile?"

Scéal taitneamhach is ea Hula Hul agus an dea-scríbhneoireacht agus an daonnacht ann is dual do Mhac Mathúna. Sheol sé ar ais mé ag na gearrscéalta agus bhíos arís in éad le híogaireacht an mháistirscríbhneora agus a chumas aigneolaíocht agus plota a chur ag obair as lámha a chéile agus an léitheoir a thabhairt leis síos i nduibheagáin an eolais agus na féintuisceana.

"Bhí tionchar ag gach aon diabhal rud orm - gach rud beo dár rug na céadfaí leo," a dúirt sé san agallamh céanna sa Droichead. "Óige gach duine bíonn sé ina shraitheanna íomhánna. Toisc go raibh capall bán ag ceann sochraide m'athar, tá an íomhá sin i bhfostú sa limistéar san a dtugaimid a t-anam air. Amach anseo táim cinnte go dtiocfaidh an íomhá sin amach mar chuid de scéal, mar is ar na híomhánna go léir as ár luathóige ata ár bpearsantacht nó ár gcarachtar bunaithe. Agus is iad na híomhánna san a dheimhníonn an rud ar a dtugaimid stíl."

Is mar ghearrscéalaí is fearr atá aithne ar Sheán Mac Mathúna. 25 bliain ina dhiaidh sin a foilsíodh The Atheist (1987) ina bhfuil leaganacha Béarla de scéalta Ding, maraon le ceithre scéal eile a mbeadh leaganacha Gaeilge díobh i Banana (1999). I 2005, agus an dá chnuasach Ghaeilge as cló, cuireadh amach Úlla, rogha cúig scéal as gach aon cheann acu, maraon le scéal nua.

Tá sé in am anois, áfach, go gcuirfí amach bailiúchán iomlán, leabhar groí 400 leathanach agus suas le 30 scéal ann, "eiseamláirí i ndáiríre de chanón na nua-scríbhneoireachta" (Feasta, Nollaig 1999). Nó mar a scríobhadh sa Field Day Anthology: "Mac Mathúna has an extraordinary mastery of language and an original viewpoint."

Filleann sé go minic ar íomhánna faoi leith - buachaill óg, madra, capall, máistir scoile, dúlra diamhair. Tá "aontacht, séala a phearsantachta scríbhneora" a dhéanann saothar slán ealaíonta den iomlán.

Maidir le ráiteas Sheáin Uí Fhaoláin: "I shall be content if half a dozen, or even three or four of my stories that have taken thirty years to write are remembered fifty years hence."

Ní baol do scéalta Mhic Mhathúna.