Paimfléad eile i sraith luachmhar foilseachán ar chúrsaí Gaeilge atá in Ó Mhársa go Magla: straitéis nua don Ghaeilge (Coiscéim, €7) le Tomás Mac Síomóin. Saothar cantalach intleachtúil atá ann; cantalach sa mhéid is go mbraitheann an léitheoir fearg Mhic Shíomóin faoi chúrsaí Gaeilge tríd an saothar ar fad agus intleachtúil mar nach ligeann sé don fhearg an lámh in uachtar a fháil air (i gcónaí!) ach féachann sé le bealaí a aimsiú le cás na Gaeilge a chur chun cinn.
Bhraithfeá míshásamh an údair ón chéad alt: "Tá gach uile ghné de chultúr na hÉireann faoi láthair - Gluaiseacht na Gaeilge san áireamh - chomh mór sin fós faoi thionchar choilíneachas cultúrtha Shasana abhus nach féidir bheith ag labhairt ar oidhe na teanga gan a lorg leanúnach siúd a thuiscint."
Cuireann Mac Síomóin síos ar thionchar an choilíneachais, de réir mar a fheictear dó féin é, agus tugann dúinn coincheap nua mar chur síos uileghabhálach ar an fhadhb is mó atá ag gluaiseacht na Gaeilge: MÁRSA nó "Meon na hÁrsaíochta", meon atá in uachtar i measc lucht na teanga: "Ró-luí leis an rud atá sean seargtha a phríomhthréith, maille le col le hathrú."
Scríobhann an Síomónach: "Ciallaíonn "Athbheochan na Gaeilge" go reáchtáiltear riarachán, gnó, léann, srl, an Stáit trí Bhéarla amháin, nach mór, fad is a léiríonn an Ghaeilge go bhfuil na dintiúirí cuí, is é sin, an tsiombail difríochta, aici. Sa rúibric sin, is meán feiliúnach í an Ghaeilge le haghaidh cúrsaí ársaíochta, béaloidis agus ealaíne traidisiúnta seachas bheith mar mheán a chónascann an pobal Éireannach agus a phléann le cúrsaí comhaimseartha."
Ní mór MÁRSA a bhriseadh le go dtiocfaidh an teanga slán; ní mór malartú a dhéanamh agus MAGLA - Meon na hAthghabhála - a chur ina áit: "...meon a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar athshlánú na Gaeilge. Fonn, le tiomáint na práinne faoi, chun athghabháil a dhéanamh ar gach uile shórt - cultúrtha, spioradálta, ábhartha - dá bhfuil bainte, agus á bhaint, uainn ag coilíneachas na Breataine, maille le svae cultúrtha agus eacnamaíoch Angla-Mheiriceá, atá i gceist."
Dar leis, caithfidh lucht na Gaeilge an teanga a shlánú ar "idé-eolaíocht spíonta". Caithfidh gluaiseacht na teanga troid in éadan na bhfórsaí polaitiúla, eacnamaíochta agus cultúrtha atá ag feidhmiú; athmhachnamh a dhéanamh ar an ghaol idir teanga, tírghrá agus féiniúlacht; cultúr uirbeach Gaelach a chothú agus pobal comhtháite Gaelach de 50,000 agus 100,000 duine a chruthú taobh istigh de 10-15 bliain.
Córas chun scrúdaithe, fealsúnacht chun gnímh, atá sa choincheap seo, MAGLA, ag Mac Síomóin. Tá port ann a chuala lucht na Gaeilge go minic roimhe seo: theip ar ghluaiseacht na Gaeilge; tá an teanga ar an dé deiridh. Tá tagairtí do lear mór intleachtaithe agus fealsúna aige agus sin an chuid is rathúla den saothar - cuireann sé smaointe inár láthair nach mbeadh ar eolas againn murach é.
Is é an chuid is laige den phaimfléad nach ndéanann sé cur síos ceart ar na heagrais éagsúla ar cuid de ghluaiseacht na Gaeilge iad.
Tá, gan amhras, cur chuige poileimiciúil ag Mac Síomóin ach ba ghá dó scrúdú a dhéanamh ar na heagrais is mó (ní scríobhfaidh mé na cinn is tábhachtaí) nó, ar a laghad, iad a lua gus buille faoi thuairim a thabhairt dúinn conas gur theip orthu - mar ní léir gur theip i ngach cás.
An iad na heagrais dheonacha atá i gceist aige nó na heagrais Stáit nó an t-eagras thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, atá ina rí orthu uilig? Is é an Foras an ceann is cumhachtaí (tá airgead acu) agus is é an ceann is laige é (níl straitéis acu).
Mar sin féin, tá an gaol idir an Foras, na heagrais atá faoina scáth agus na heagrais a mhaoiníonn sé thar a bheith casta.
Ní gá gach eagras a dhamnú as éadan; is féidir díriú ar an Fhoras agus ceist a chur faoina ról ceannasach.
Ar an dóigh chéanna, is den riachtanas Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta a scrúdú agus a dtionchar ar chúrsaí Gaeilge a mheas féacháil cén tionchar a imríonn MÁRSA orthu - má imríonn.
Tá athrú meoin ar an Údarás ó ceapadh príomhfheidhmeannach nua, Pádraig Ó hAoláin, agus béim ar thuilleadh polasaithe atá bunaithe ar theanga agus ní ar thionscal. Ábhar beag dóchais an méid sin féin. Is í an Ghaeltacht bheo a thugann údarás ionraic do gach tionscnamh teanga in Éirinn. Mura bhfuil Gaeltacht againn, níl tada againn.
Tuilleann Roinn na Gaeltachta staidéar fosta. Tá an méid a dúirt an tAire Éamon Ó Cuív le deireanas faoi chultúr óige uirbeach a chothú ag teacht lena bhfuil le rá ag Mac Síomóin. Ceist eile an mbeidh polaiteoirí nó feidhmeannaigh ábalta straitéis a cheapadh mar a mholann Mac Síomóin. Rithfeadh sé leat go bhfuil an t-innealra ann chun cur in éadan MÁRSA agus MAGLA a fhíorú. Is é an deacracht, b'fhéidir, nach bhfuil an chuid is fearr de na hinnealtóirí i mbun an innealra.