Sliocht eile as an úrscéal Anna agus Niko. An tseachtain seo caite, thug buachaill óg, Rama, an dá laoch Fhionlannacha go dtí ashram san India, áit a raibh moncaí beannaithe, Hanuman, á adhradh.
Ach ceapann Niko nach moncaí in aon chor é ach a bpeata gadhair, Peirícó, a chuaigh ar strae uathu agus iad sa Bhreatain Bheag:
"An as do mheabhair atá tú?" arsa Anna.
D'fhéach Rama orthu.
"An bhfuil rud éigin cearr?" ar seisean go séimh.
"Níl - níl!" arsa Anna.
Thiontaigh sí arís ar a deartháir.
"An bhfuil an ghrian tar éis d'inchinn a fhriochadh nó rud éigin?" ar sise.
D'fhéach Niko ar Anna, an fhéachaint sin a deir, "Tá fhios agam cad tá á rá agam!"
Agus sin díreach an rud a dúirt sé.
"Tá fhios agam cad tá á rá agam, a Anna! Is é Peirícó é."
"An bhfuil tú cinnte?"
"Cinnte!"
"Siúráilte?"
"Siúráilte deimhneach. Chaoch sé súil orm. D'aithníos é. D'aithin seisean mise."
Bhí imní ag teacht ar Anna.
"An chailleach faoi ndeara é," arsa Niko. "Cailleach bhréan na Breataine Bige. Cad a dhéanfaimid?"
Dhein Anna machnamh ar an gcás. "Scéal tubaisteach," ar sise. "Is dóigh leis na daoine seo gur dia atá ann..."
"A Rama," arsa Anna. "Cé atá i bhfeighil na háite seo?"
"Shri Shri Guru Shivalingham - eisean an Máistir anseo. Ar mhaith libh darshan a fháil uaidh?"
"Ba mhaith," arsa Anna. "Ní bhfuaireamar darshan riamh ó éinne."
"Ní bhfuair sibh - ?" Bhí alltacht ar Rama. "An leath eile den domhan conas a mhaireann siad in aon chor?" ar seisean. Sheas sé.
"Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall darshan an Mháistir a shocrú daoibh. Beidh mé ar ais gan mhoill."
"Cén fáth go bhfuil darshan uait?" arsa Niko le hAnna.
"Ná bac san. Caithfidh mé labhairt leis an ngúrú sin. Caithfidh mé a chur ar a shúile dó nach Hanuman é sin aige ach Peirícó - más fíor! Beimid i dtrioblóid cheart más dia é!"
"Is é Peirícó é agus sin sin. Táim á rá leat."
"Cá bhfios?" ar sí go ciúin léi féin.
Bhí Rama chucu arís gan mhoill agus dea-scéala aige dóibh.
"Gheobhaidh sibh darshan ó Shri Shri Guru Shivalingham an chéad rud maidin amárach - tar éis Surya Namaskar!"
"Sin bricfeasta, glacaim leis?" arsa Niko, go dóchasach.
"Preit," a dhuine arsa Rama agus oiread na fríde de mhífhoighne ag teacht air. "Is é is Surya Namaskar ann ná beannú don ghrian."
"Ar ndóigh," arsa Niko agus ceann faoi air.
"Cén fáth go mbeannófá don ghrian?" arsa Anna.
"Beannaímidne do gach rud!"
Chodlaíodar amuigh faoin aer. Bhí sé fós chomh te le lá samhraidh san Fhionlainn. Shoiprigh an triúr acu iad féin faoi chrann. Bhí réaltaí geala le feiceáil idir na géaga. Na céadta acu.
An oíche sin bhí taibhreamh ag Niko. Chonaic sé a thuismitheoirí agus iad i ngreim láimhe a chéile.
"Dúisigh!" arsa Rama. Ní raibh sé ina lá geal fós ná baol air. "Caithfimid sinn féin a ní san abhainn bheannaithe agus a bheith ar ais in am chun beannú don ghrian!"
Bhí gruaig fhada liath agus féasóg síos go dtí a imleacán ar Shri Shri Guru Shivalingham. Dúirt Rama leis an mbeirt go gcaithfeadh siad cosa an ghúrú a phógadh i dtosach. Dhiúltaigh Niko. "Ligfidh mé d'Anna é a dhéanamh más mian léi," ar seisean agus stuaic air. Níor réitigh an smaoineamh rómhaith le hAnna ach an oiread ach fág an tír nó bí san fhaisean, nach é sin a deirtear? Phóg sí a chosa. Mheas sí go raibh boladh rósanna uathu. Thug an gúrú a bheannacht di ansin.
"A ghúrú," ar sise.
"Hath?" arsa an gúrú agus ionadh air go raibh sí fós ansin. Ní raibh Anna in ann a bhéal ná a bheola a fheiceáil laistiar dá chroiméal tiubh.
"Deir gach éinne gur saoi is ea thú, gur duine an-eolach ar fad is ea thú..."
"Ó Dhia a thagann gach eolas," arsa an gúrú. Bhí a shúile dírithe ar rud éigin i bhfad i gcéin, mheas Anna - i bhfad ón domhan seo. Ó am go chéile níor léir di ach gealacáin a shúl.
"Gan dabht, a ghúrú..." Stop sí. "A ghúrú, is dóigh liomsa...is é sin, is dóigh le mo dheartháir...ní hea, sé a theastaigh uaim a rá...is dóigh linne..."
"Is dóigh le daoine an-chuid rudaí," arsa an gúrú.
"Is fíor duit. Is dóigh linne..."
"Sea, abair amach é, a chailín!"
"Ní dóigh linne gurb é Hanuman in aon chor é!" Ní raibh a fhios aici cá bhfuair sí an misneach chuige.
D'at súile an ghúrú. Chroith a chroiméal.
"Chun na fírinne a rá," arsa Anna, "ní dóigh linne gur moncaí é ach an oiread!"
"Ní m-m-m- moncaí é?" arsa an gúrú agus é ag sclogaíl.
"Is dóigh linne gur gadhar is ea é!"
D'fhéach Anna ar a aghaidh phéinteáilte, na comharthaí beannaithe ar a chlár éadain agus ansin d'fhéach sí isteach ina shúile. Ní raibh le feiceáil arís, ar dtús, ach na gealacáin. D'athraigh a dhreach go tobann agus chonaic sí den chéad uair na súile donna ina cheann. Agus chonaic sí grá iontu. Grá do gach neach beo.
Cé chomh fada is a bhí sí ag féachaint isteach sna súile sin? Ní fhéadfadh sí a rá. Ach nuair a labhair an gúrú ansin - ina teanga féin, an Fhionlainnis, mheas sí go raibh leac oighir ina croí ag leá.
"Tá seanfhocal agaibhse," arsa an gúrú, "ei koiraa karvoihin katsominen - ná tabhair breith ar ghadhar ar a chlúmh!"
Leath an dá shúil ar Anna. Níor shíl sí go deo go gcloisfeadh sí a teanga dhúchais á labhairt ag fear beannaithe san India. Sheas sé.
"Más fíor a ndeir tú, a thaisce..." Stop sé i lár abairte. "Seo," ar sé agus rug sé greim láimhe uirthi, "tar liomsa!"...