Moladh go deo le míorúilt an leabhair

BEOCHEIST: BHÍ SIOPAÍ leabhar athláimhe coitianta go maith, tráth

BEOCHEIST:BHÍ SIOPAÍ leabhar athláimhe coitianta go maith, tráth. Tá sin thart le tamall, cé go bhfuil teacht ar shiopaí dá leithéid fós, ach dul ar a dtóir. Nílim ag tagairt do shiopaí speisialta a mbíonn bailitheoirí seanleabhar ag méirínteacht is ag cuardach iontu ar son na hinfheistíochta amháin.

Is é Greenes, Sráid Nassau, an siopa leabhar athláimhe ba dhéanaí a dhruid a dhoras i mBaile Átha Cliath. Léinte is carbhait a mhaisíonn na fuinneoga anois agus iar mblianta ar fad níl tásc ná trácht ar leabhair. Is mór an chailliúint i saol cultúrtha is ealaíne an phobail aon uair a gcuirtear an glas ar dhoras siopa athláimhe don uair dheiridh.

Cúpla bliain ó shin bhí Ambasadóir na Stát Aontaithe, Tom Foley ag foghlaim Gaeilge agus bhíos ag cabhrú leis. Ar mo bhealach ar ais ón ambasáid ba ghnách dom bualadh isteach i Greenes agus cheannaigh mé, A Literary History of Ireland(1899) le Douglas Hyde, LL.D. agus Literature in Ireland(1920) le Thomas McDonagh, M.A. an lá deireanach a bhí mé ann.

Bhí leabhar An Craoibhín Aoibhinn mar chuid de shraith idirnáisiúnta, Leabharlann Stair na Litríochta, agus i dtosach an leabhair chuir sé a bhuíochas, a mheas agus a chomhchomrádaíocht in iúl do Chonradh na Gaeilge:

READ MORE

A Chonnradh chaoin, a Chonnradh chóir,

Rinn obair mhór gan ór gan cabhair,

Glacaidh an cíos a dlighim daoibh,

Guidhim, glacaidh go caoimh mo leabhar.

Ardspéis agam sa bheirt cheannairí agus fhísithe seo, de hÍde agus Mac Donnchú. Braithim bá ar leith le Tomás Mac Donnchú de chionn gurbh Mhuimhneach é, go raibh sé ar an bhfoireann teagaisc i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, m’alma mater, áit ar bhunaigh sé agus a chomhgleacaithe an ASTI, (Cumann Meán-Mhúinteoirí na hÉireann). File agus sínitheoir an Fhorógra 1916, ar agus dlúthbhaint aige le Scoil Éanna ar ndóigh.

Tá an sásamh is an t-aoibhneas a mbaintear as na leabhair seo préamhaithe i dtadhall lena bhfocail is lena bprós, a n-intinn is a dtuiscintí, a ndearcadh liteartha, agus go róspeisialta tadhall leis na haimsirí inar mhair an bheirt údar. Buaileann an léitheoir isteach ina milieuintleachtúil agus ar bhealach maireann na húdair fós trína scríbhinní. Sin é a mbua.

Fós tá teacht ar shiopaí leabhar athláimhe ach iad a aimsiú. Le tamall anuas is nós againn agus sinn faoin tuath, a fháil amach an bhfuil siopa dá leithéid ar an mbaile. Na hócáidí a chuireas an cheist le déanaí fuaireas freagra dearfach.

Bhain cuid mhaith leabhar le foilseacháin ár linne, teidil is réimsí atá i mbéal an phobail – féinmhaisiú, féinmheas, féintuiscint, méfhéineachas, síclitríocht, “réaltaí”, coir, stair, taisteal agus mar sin de. D’éirigh go breá liom agus fuaireas leabhair a raibh mé tógtha leo.

I Magh Eala tháinig mé ar The Cork Anthology(1993) curtha in eagar ag Seán Dunne. Bhí a fhios agam a leithéid de leabhar a bheith i gcló, ansin as cló agus bhí teipthe orm cóip a aimsiú. Chun an fhírinne a rá bhí glandearmad déanta agam air.

Dúirt an t-eagarthóir go raibh an oiread sin scríofa faoi Chorcaigh, ag scríbhneoirí Chorcaí agus ag scríbhneoirí nach iad, nach bhféadfadh sé an t-iomlán a chur in aon leabhar amháin.

Bhí air catagóirí a leagan amach agus roghnaigh sé cúig cinn: An Contae is Mó, Ábhair Phearsanta; Cnocshleasa agus Riasc na Cathrach; Lá le haghaidh Chaiteamh Aimsire agus Ualach na Staire. Tá idir phrós is fhilíocht den chéad scoth cnuasaithe ag an Déiseach sa leabhar seo.

I Mainistir na Corann bhí siopa á rith ag Cumann Naomh Uinsionn de Pól. Thugas abhaile liom The Irish Soul, In Dialogue, curtha in eagar ag Stephen J. Costello i measc leabhar eile. Chuir an t-eagarthóir agallamh ar dhaoine cáiliúla i dtaobh a dtuiscintí, a bhfealsúnacht phearsanta, a bhfuil bainte amach acu go dtí seo, agus nithe spioradálta. Agallaimh i ndoimhneacht atá faoi chaibidil, agus, dá réir sin, is fearr aithne agus tuiscint orthu i ndiaidh a léite.

Amhail duine le gléas cuardaigh a aimsíonn nithe luachmhara i dtalamh, is é sin an saghas lúcháire is féidir a bhlaiseadh i siopa leabhar athláimhe iar dteacht ar leabhair de sheans ar mhór a spéis iontu.

Leabhar a léamh – am á mheilt go pléisiúrtha, intinn á shaibhriú, mothúcháin á ndúiseacht is á gcothú, sprid á ardú – cá bhfuil a shárú?