Moladh Kenny faoi ionsai ag na heagrais

Tá an méid a dúirt ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, faoi chúrsaí Gaeilge sa chóras meánscolaíochta á cháineadh go láidir ag …

Tá an méid a dúirt ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, faoi chúrsaí Gaeilge sa chóras meánscolaíochta á cháineadh go láidir ag eagrais Ghaeilge.

Thug Kenny le fios ar ardfheis a pháirtí ag an deireadh seachtaine gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist.

Ní raibh Foras na Gaeilge ag teacht "lena mholadh maidir leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist. Ní réiteach ar bith é ar na dúshláin a bhaineann le múineadh na Gaeilge. In áit fáil réidh leis an ábhar ba chóir dúinn, mar atá á dhéanamh in ábhair eile, siollabas na hArdteiste a chur in oiriúint don fhoghlaimeoir óg."

D'aontaigh siad leis gur cheart béim níos mó "a chur ar an nGaeilge mar theanga chumarsáide agus labhartha sa siollabas don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht araon. Mar shampla ba chóir go mbeadh an scrúdú cainte ina chuid riachtanach de mheasúnú na Gaeilge ag an Teastas Sóisearach."

READ MORE

Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, gur "buille tubaisteach don Ghaeilge a bheadh ann dá gcuirfí i bhfeidhm moladh Enda Kenny. Aontaíonn an Chomhdháil go bhfuil géarghá le céimeanna a ghlacadh chun staid na Gaeilge agus teangacha eile sa scoilchóras a fheabhsú ach ní leigheasfar dada leis an moladh seo.

"I bhfianaise Stádas bheith ag an nGaeilge san Eoraip, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moladh an Aontais go mbeadh trí theanga ar a chumas ag gach saoránach is dóigh linn go bhfuil an moladh seo ag teacht salach go hiomlán ar a bhfuil bainte amach go dtí seo.

"Tá ráite ag an Dr. David Little ó Choláiste na Tríonóide agus é ag labhairt faoi thodhchaí mhúineadh na dteangacha sa tír seo go n-éireodh scoileanna as teangacha a thairiscint mar rogha, faoi mar atá tarlaithe cuid mhaith i Sasana, dá mbeadh an rogha fágtha ag na daltaí. Gan an rogha titeann moladh Fhine Gael.

"Níl ann ach cúpla seachtain ó shin ó dúirt an tUasal Kenny gur theastaigh uaidh an cheist seo a phlé le pobal na tíre. Is oth linn nár thug sé faoin bplé sular tháinig an ráiteas seo uaidh."

Bhí "iontas agus brón" ar uachtarán Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh, faoi chaint Kenny. "Seasann muidne ar son saineolais i gcoinne aineolais," a dúirt sé.

Cháin Mac Cárthaigh an córas oideachais as tabhairt ar dhaltaí an teanga "a chramáil" de bharr chóras na bpointí; scíl a bhí sa Ghaeilge. B'ábhar imní dó dá gcuirfí iachall ar scoláire rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus ábhar a bheadh riachtanach do ghairm bheatha amach anseo nach mbeadh aon rogha ag an scoláire ach éirí as an Ghaeilge agus gur iomaí scoil a d'éireodh as Gaeilge a mhúineadh don Ardteist ar fad, rud a rachadh i gcoinne pholasaí Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh.

Dúirt urlabhraí ar son an bhrúghrúpa, Na Gaeil Óga, nach raibh siad ag teacht le Kenny ach an oiread. Dúirt Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide agus urlabhraí an ghrúpa, Ciarán Mac Fhearghusa, go raibh siad i bhfábhar athrú a dhéanamh ar mhodhanna teagaisc, ar an churaclam agus béim a chur ar chumarsáid sa teanga ar scoil leis an ábhar a dhéanamh níos tarraingtí.

Dhéanfadh moladh Kenny "damáiste don Ghaeilge, don chóras oideachais, agus d'fhoghlaim na dteangacha go ginearálta". Bhí rún acu agóid a eagrú taobh amuigh d'oifigí Fhine Gael i mBaile Átha Cliath ag 1.30pm inniu.