Moladh pleanala faoi chaibidil i gConamara go foill

Leanann an díospóireacht thiar faoi mholtaí pleanála Phóil Uí Fhoighil agus faoi anailís Dhonncha Uí Éallaithe ar staid na Gaeilge…

Leanann an díospóireacht thiar faoi mholtaí pleanála Phóil Uí Fhoighil agus faoi anailís Dhonncha Uí Éallaithe ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. D'éirigh leis an gComhairleoir Ó Foighil moltaí a chur isteach i nDréachtphlean Forbartha Chontae na Gaillimhe faoina dtabharfaí tús áite d'iarratais phleanála ó chainteoirí Gaeilge sa cheantar Gaeltachta ó Bhearna go Carna, a scríobhann Tomás Ó Ceallaigh.

Agus tá sraith cruinnithe á reachtáil aige sa cheantar sin le seachtain anuas ag míniú na moltaí seo.

Ach ní raibh Ó Foighil sásta a chuid moltaí a phlé ag cruinniú de Choiste Comhairleoirí Contae Thoghcheantar Chonamara i gCarna. Chuir Cathaoirleach an Choiste, an Comhairleoir Séamus Walsh, i leith Uí Fhoighil go raibh sé ag déanamh roinnt nua ar Ghaeltacht Chonamara lena chuid moltaí agus go raibh stádas Gaeltachta den dara grád á thabhairt aige d'áiteanna mar Mhagh Cuilinn, agus Dúiche Sheoigheach, áit a bhfuil cónaí ar an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Dúirt sé freisin go ndéanfadh na moltaí sa dréachtphlean éagóir ar imirceoirí a mbeadh fonn orthu cur fúthu sa bhaile arís ach nach raibh Gaeilge ag a gclann.

READ MORE

Is léir os na cruinnithe go bhfuil tacaíocht réasúnta láidir ag Ó Foighil i measc an phobail "fíorghaeltachta" agus dúisíodh ábhair eile a bhí ag cur na teanga faoi bhrú sna na ceantair sin ag na cruinnithe.

Ag cruinniú an Spidéil d'iarr Donncha Ó hÉallaithe ar an Aire Éamon Ó Cuív 2.1 acra talún atá ar an margadh gar do lár an bhaile a cheannach lena chinntiú gur cainteoirí Gaeilge a chuirfeadh fúthu iontu. Tá cead pleanála do 17 teach cónaithe ar an suíomh.

Dúirt Ó hÉallaithe go raibh 67 teaghlach i gceantar an Spidéil ag fáil deontas Labhairt na Gaeilge cúig bliana ó shin, agus go raibh sé sin laghdaithe go 45 anuraidh cé gur tháinig méadú suntasach idir an dá linn ar líon na dtithe le páistí iontu.

"D'fhéadfadh gurb iad na 17 teach seo a chuirfeadh deireadh leis an nGaeilge sa Spidéal," a dúirt Ó hÉallaithe. Dúirt sé gur buille tubaisteach don Ghaeilge a bheadh ann dá dtógfaí na tithe seo agus iad a dhíol le daoine gan Gaeilge, rud a d'fhéadfadh tarlú go héasca in áit atá i ngiorracht 12 míle do chathair na Gaillimhe.

Dúirt sé go bhféadfadh an suíomh seo agus cúpla suíomh eile thart ar an Spidéal deireadh a chur leis an nGaeilge san áit. Tá dhá eastát tithe príobháideacha tógtha sa Spidéal le blianta beaga, eastát 14 teach ar aghaidh sheit Ros na Rún amach, agus eastát ocht dteach ar aghaidh na trá.

Ní dheachthas ar aghaidh le heastát eile ar an mbaile scór bliain ó shin tar éis do Choiste Pobail an Spidéil agus eagraíochtaí Gaeilge cur go láidir ina aghaidh. Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an talamh sin le haghaidh ionad ceardaíochta.

Ach níl mórán dóchais go dtarlóidh sé sin arís. Dúirt an tAire, agus é ag tabhairt freagra ar an méid a bhí le rá ag Ó hÉallaithe, nach feidhm don Roinn bheith ag ceannach talún. Ní hamháin sin ach sa chás seo dúirt sé nach bhféadfadh Údarás na Gaeltachta é cheannach de bharr na zónála a bhí air.

Mar sin, "ó thaobh dualgais dlí de," dúirt sé gur thit an fhreagracht ar Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Ach an féidir an scéal a fhágáil faoi eagraíocht nach raibh sásta a gcuid rialacha féin i leith na Gaeilge a chomhlíonadh nuair a bhí fúthu eastát tithíochta údaráis áitiúil a thógáil ar a gCeathrú Rua le gairid?

B'fhéidir go bhfuil sé in am ag muintir an Spidéil féin gníomhú, faoi mar a rinne cheana scór bliain ó shin.