Molann caipeis RTE 'feinriail' do TG4

Féinriail seachas neamhspleáchas atá á mholadh ag RTÉ do TG4 agus táthar ag iarraidh go gcuirfí ceadúnas teilifíse nua ar bun…

Féinriail seachas neamhspleáchas atá á mholadh ag RTÉ do TG4 agus táthar ag iarraidh go gcuirfí ceadúnas teilifíse nua ar bun le híoc as.

I bplécháipéis rúnda a cuireadh le chéile faoin ábhar ar 30ú Márta, 2005, agus a cuireadh faoi bhráid an Roinn Cumarsáide, moltar gur cheart do TG4 bheith ina sheirbhís craoltóireachta féinrialach.

Bheadh seasmhacht dleathach agus airgeadais maraon le féinsmacht eagarthóireachta ag TG4 ach d'fhanfadh sé laistigh de ghrúpaí comhlachta RTÉ. Dhéanfaí maoiniú air ón teacht isteach a bheadh le fáil ó tháillí cheadúnas tráchtála a bhunófaí go speisialta le díol as costaisí TG4.

Is é atá i gceist leis an cheadúnas tráchtála ná ceadúnas a d'éileofaí ar áiteanna poiblí a bheadh ag baint úsáid as teilifíseáin, ar nós otharlanna, óstáin, tithe tábhairne, srl.

READ MORE

Meastar go bhfuil corradh is 176,000 ionad den chineál seo sa Stát agus go bhfuil ar a laghad teilifíseán amháin sa cheathrú cuid acu sin. Bheadh táillí éagsúla le díol ag na hionaid seo, ag brath ar líon na dteilifíseán iontu ach meastar go mbeadh meántháille de €500 sa bhliain le díol acu.

Tá cead tugtha cheana féin ag an Rialtas le haghaidh a leithéid de cheadúnas agus rinneadh tagairt dó tráth a fógraíodh go rabhthas leis an táille ar an cheadúnas teilifíse a ardú.

Tugann plécháipéis RTÉ le fios go bhféadfaí €15m sa bhliain a bhailiú ón cheadúnas úr seo. Sa bhreis air sin, bheadh airgead ar fáil do TG4 féinrialach ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann, ón chiste craolacháin Ghaeilge atá curtha ar bun ag rialtas na Breataine i dTuaisceart Éireann agus ó theacht isteach fógraíochta agus ó bheartais thráchtála eile.

San iomlán, deirtear go bhféadfadh go mbeadh €20m breise sa bhliain ar fáil don stáisiún - anuas ar an deontas bliantúil a thugann an Rialtas dóibh - agus gur leor é sin le breis clár Gaeilge d'ardchaighdeán a chur ar fáil.

Samhlaítear fosta go mbeadh ról ag TG4 seirbhís a sholáthar ó Thithe an Oireachtais. Is léir gur iarracht atá sa mholadh seo an béal bán a dhéanamh leis an Rialtas mar go mbíonn polaiteoirí de shíor ag gearán nach ndéantar dóthain cur síos ar imeachtaí na Dála agus an tSeanaid. De réir na cáipéise, bheadh an-ghlacadh acu leis an mholadh seo.

Maidir le riaradh an stáisiúin, creideann RTÉ go bhféadfadh TG4 bheith ina eagraíocht dleathach faoi leith; go mbeadh a gceannasaí nó príomhfheidhmeanach féin ag an stáisiún; go mbeadh a mbord stiúrtha féin acu fosta comhdhéanta de bhaill bhainistíocht TG4 agus Údarás RTÉ. Bheadh féinriail ag TG4 taobh istigh de chomhlachtaí RTÉ ach i ndeireadh ama bheadh sé freagrach d'Údarás RTÉ.

Scríobhtar go gcuirfí béim ar fhéinriail eagarthóireachta TG4 agus ar an ról lárnach atá ag cláir Ghaeilge faoin struchtúr úr. Is faoi Cheannasaí RTÉ a bheadh sé a chinntiú go mbeadh comhordú eagarthóireachta idir an stáisiún agus seirbhísí eile de chuid RTÉ. D'fhéadfaí Comhairle Eagarthóireachta a bhunú idir seirbhísí uile RTÉ sa dóigh is nach mbeadh siad ag teacht salach ar a chéile agus bheadh cruinniú acu uair sa ráithe.

Cé nár dhiúltaigh bainistíocht RTÉ do neamhspleáchas TG4 ar fad sa phlécháipéis seo, rinne siad cás láidir ina éadan.

Tá sé leagtha síos i mír a sé den Acht um Chraolacháin go ndéanfaí seirbhís neamhspleách de TG4 agus go scarfaí ó RTÉ é. Tugadh an gealltanas sin fosta i gClár an Rialtais. Chuige sin, bhunaigh an Rialtas grúpa oibre i mí Dheireadh Fómhair 2004 leis an scéal a chíoradh agus chas siad ar a chéile ar dhá ócáid ó shin.

Deir an phlécháipéis go mbeadh impleachtaí móra ag neamhspleáchas do chúrsaí craoltóireachta na hÉireann ar go leor leibhéil - idir mhaoiniú agus smacht eagarthóireachta.

Deirtear ann: "clarity of thinking is required, as the decisions now made will have serious consequences for the future of Public Service Broadcasting in Ireland."

Cé go ndeirtear sa cháipéis go dtacaíonn RTÉ le gealltanas an Rialtais maidir le neamhspleáchas, moltar struchtúr na féinrialach mar chomhréiteach. Bheadh sé seo níos saoire agus níos éifeachtaí ná neamhspleáchas, dar le RTÉ.

D'fhéadfadh sé cur le gealltanas eile de chuid an Rialtais, is é sin seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil d'imeachtaí Thithe an Oireachtais. Chinnteodh a leithéid de struchtúr nach mbeadh dhá eagraíocht atá ag fáil maoinithe ón Stát in iomaíocht le chéile.

Scríobhtar sa cháipéis go nglacann RTÉ leis go bhfuil dlús tagtha leis an fheachtas go mbunófaí TG4 mar sheirbhís neamhspleách ar aon dul le S4C agus TV Cataluña, ag a mbeadh spriocanna cultúrtha agus teanga acu. Ach deirtear go mbeadh sé seo místuama: "However, in an era of rationalisation and convergence, such a decision at this time might be deemed out of step with best practice, given the debate concerning the remit and funding of public service broadcasting."

Meastar fosta go gcuirfeadh neamhspleáchas TG4 as go mór don chaidreamh idir Nuacht TG4 agus Nuacht RTÉ agus nach bhféadfaí a chinntiú go mbeadh fáil ar ábhair chartlainne nó leabharlainne RTÉ feasta.

Lena chois sin, deirtear go mbeadh impleachtaí móra cánacha i gceist le neamhspleáchas. Faoi láthair is féidir le TG4 leas a bhaint as an ráta téarnaimh cháin bhreisluacha atá ag RTÉ. Chaillfeadh TG4 an ráta sin agus iad neamhspleách. De réir na tuairisce, chaillfeadh TG4 tuairim is €2.4m sa bhliain dá scarfadh siad ó RTÉ.

Agus TG4 neamhspleách, bheadh sé i gceist acu sé uair an chloig de chláir Ghaeilge a chraoladh gach lá. San áireamh ansin, bheadh trí huaire de chláir úra nár taispeánadh cheana, maraon leis an uair an chloig de chláir a sholáthraíonn RTÉ don stáisiún. Ardú suntasach é seo ar mhéid na gclár Gaeilge a chraoltar faoi láthair - idir trí is ceithre uair an chloig sa lá agus go leor ábhar athchraolta ina measc.

Aithníonn an cháipéis go bhfuil TG4 ag iarraidh cur le líon na gclár Gaeilge ach "... English language programming in peaktime represents a disproportionate amount of the schedule."

Dúirt foinse amháin taobh istigh de TG4 nach raibh mórán á thairiscint sna moltaí: "Níl mórán difríochta idir an staid ina bhfuilimid faoi láthair agus an stádas atá molta ag RTÉ. Fé mar atá molta, bheadh TG4 sa riocht céanna le Robinson Crusoe ar a oileán tréigthe, is é sin, go mbeadh sé ina thiarna ar chách ach ina mháistir ar thada."