TÁ SRAITH moltaí déanta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a dhéanfadh athruithe bunúsacha agus radacacha ar fheidhm agus ar oibriú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Ina theannta sin, tá foláireamh tugtha ag an gcoimisinéir gur bás atá i ndán don Ghaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht “má leanann an Stát de bhrú a chur ar phobal na Gaeltachta Béarla a úsáid ina gcuid gnóthaí oifigiúla”.
San athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) a sheol an coimisinéir ar an Spideál, Co na Gaillimhe, inné mhol sé gur chóir féachaint ar chóras nua a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna a ceapadh faoin Acht Teanga chun soláthar seirbhísí trí Ghaeilge don phobal a chinntiú.
Scríobhann an coimisinéir sa tuarascáil go bhfuil “folús” á chruthú ag córas na scéimeanna mar atá agus nach chun leas cur chun cinn seirbhísí Stáit trí Ghaeilge an folús sin.
Molann an coimisinéir malairt córais a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla seachas ar aontú agus daingniú scéimeanna teanga ar leith le comhlachtaí poiblí éagsúla.
Faoin “gcóras caighdeán” atá molta aige, dhéanfaí rangú ar eagraíochtaí Stáit i gcatagóirí éagsúla “de réir an réimse feidhme agus an chaidrimh atá acu leis an bpobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh”.
Dá nglacfaí le moladh an choimisinéara, atá bunaithe ar chóras atá á bheartú don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, bheadh an leibhéal seirbhíse a bheadh le soláthar ag comhlacht poiblí trí Ghaeilge ag brath ar an gcatagóir (A.B, C srl) ina mbeadh an comhlacht sin rangaithe.
Scríobhann Ó Cuirreáin go laghdódh a leithéid de chóras “an t-ualach riaracháin agus maorlathais” a bhaineann le córas na scéimeanna. Tá gá le “simpliú agus soiléiriú” a dhéanamh ar chearta agus ar dhualgas teanga má táthar le cur leis an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge agus an éileamh ar na seirbhísí sin.
Molann sé chomh maith go leagfaí dualgais reachtúla ar chomhlachtaí poiblí le cinntiú go bhfuil a soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile.
“Gach uair a dhiúltaítear an deis don phobal a dteanga dhúchais a roghnú agus iad i mbun cumarsáide leis an státchóras, is buille breise é sin do sheasamh agus d’inchreidteacht na Gaeilge mar theanga phobail,” a dúirt Ó Cuirreáin.
Tá an scéal amhlaidh fad is a bhaineann sé le cearta teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus deirtear sa tuarascáil “gur brú breise i dtreo “Béarla éigeantach” i ngnóthaí an Stáit é gach uair a dhiúltaítear seirbhís áirithe a sholáthar trí Ghaeilge in aon áit sa tír”.
I measc na moltaí eile sa tuarascáil deirtear go bhfuil gá le foráil reachtaíochta a chinnteodh ceart an tsaoránaigh a ainm, sloinne agus seoladh a úsáid ina rogha teanga oifigiúil agus é ag plé le comhlachtaí poiblí. De réir na tuarascála is í an fhadhb “is bunúsaí dá bhfuil ann maidir le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge” ná an easpa foirne sa chóras poiblí le cumas sa Ghaeilge.
Moltar córas nua earcaíochta agus oiliúna chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo ach maolú a bheith tagtha ar an gcosc ar earcaíocht atá i bhfeidhm sa chóras poiblí faoi láthair.
Maidir le ceist chonspóideach na bhfoilseachán oifigiúil a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoin Acht Teanga, molann tuarascáil an choimisinéara go dtabharfaí tús áite do na foilseacháin “is mó a bhfuil éileamh ag an bpobal orthu, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh”.
Tá cúig bliana ann ó tugadh feidhm iomlán d’fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla agus deirtear i gclár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar an Acht le cinntiú go bhfuil airgead á chaitheamh go héifeachtach, go bhfuil an caiteachas sin dírithe ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcomhlíonadh bunaithe ar éileamh an phobail.
Tá fáilte curtha ag an gcoimisinéir roimh an gheallúint sin ach tá ráite aige cheana nár chóir “sceanairt” a dhéanamh ar an Acht.
Beidh sé ag súil mar sin go dtabharfaidh a mholtaí féin maidir le cinntiú go bhfuil an Acht “oiriúnach dá fheidhm” lón machnaimh don Rialtas más fúthu tabhairt faoin athbhreithniú atá geallta acu i gClár an Rialtais.
“Níor cheart go dtiocfadh aon chaiteachas breise de bharr na leasuithe seo agus, mura féidir leo airgead a shábháil, ba chóir go mbeadh siad neodrach ar a laghad ó thaobh aon chostais bhreise de,” a dúirt Ó Cuirreáin inné.