Na huibheacha a bhí ag Pia

Tuarascáil/Gabriel Rosenstock: Bhí éan deas ann uair amháin, pilibín, agus Pilí ab ainm dó

Tuarascáil/Gabriel Rosenstock:Bhí éan deas ann uair amháin, pilibín, agus Pilí ab ainm dó. Bhí bean an-deas aige agus is é ainm a bhí uirthi ná Pia.

Bhí cónaí orthu cois farraige. Sea, tháinig an lá go raibh sé in am ag Pia cúpla ubh a bheith aici. Ar sise le Pilí: "Pilí, a bhuachaill. Tá eagla orm mo chuid uibheacha a bhreith anseo. Cá bhfios ná go slogfadh an fharraige iad!"

"Ar m'anam, a Phia, níor chuala a leithéid riamh. Nach bhfuil pilibíní anseo ó aimsir an Bhúda agus níor shlog an fharraige a gcuid uibheacha riamh - chomh fada le m'eolas."

"Chomh fada le d'eolas, ab ea? Bhuel anois, ní tusa an Búda. I bhfad uaidh! Tá fonn ormsa na huibheacha a bhreith cois locha."

READ MORE

"Féach, a bhean, má chuireann an fharraige isteach ar ár gcuid uibheacha, múinfidh mise cleas di mise á rá leat!"

"Táim sásta mar sin," arsa Pia agus lig osna. (Caithfidh nach raibh sí sásta ar fad).

Rug sí na huibheacha ach go háirithe. Uibheacha breátha ab ea iad. Tháinig ocras ansin uirthi agus d'eitil sí léi chun greim a chur ina gob. (Damhán alla. Thaitin damháin alla léi).

Nuair a tháinig sí ar ais cad é mar iontas a bhí uirthi nuair a chonaic sí nach raibh aon rian de na huibheacha ann. Aon rian in aon chor. Thosaigh sí ag caoineadh go géar goirt.

"Cad tá anois ort?" arsa Pilí léi.

"Nach bhfeiceann tú?" ar sí, "nó an dall ata tú! Tá na huibheacha go léir imithe."

"Níl - an bhfuil? Iad go léir?" arsa Pilí?

"Iad go léir léir," arsa Pia bhocht. "Slogtha ag an bhfarraige! Mo léan géar!"

Bhuel, bhí Pilí le crochadh. As go brách leis agus bhailigh sé éin na comharsanachta le chéile.

"A éanlaith," ar seisean, "tá fearg an domhain orm, tá agus brón."

"Cad é fáth do bhróin?" arsa na héin go léir.

D'inis sé an scéal dóibh.

"Dona go leor," arsa na héin, "dona go leor."

"Sea," arsa Pilí leo, "sciob an fharraige ár gcuid uibheacha go léir. Agus amárach, cá bhfios cad a tharlóidh? Níl éinne againn slán."

"Tá an ceart ag Pilí," arsa Fearsaí Faoileán. "Caithfimid labhairt leis an rí, leis an iolar."

"Seo linn!" arsa Pilí. Agus as go brách leo, Pilí chun tosaigh orthu.

"An scéal is measa a chuala mé le tamall!" arsa Iógaí Iolar, an rí a bhí orthu. "Fág fúmsa é! D'fhoghlaim mise cúpla cleas ióga agus mé sna Himáilithe. Ólfaidh mise gach braon dá bhfuil san fharraige. Ólfaidh mé í go léir!" Agus thosaigh sé ag gáire. Saghas sceitimíní a bhí air, ní foláir.

"Gach braon, hí hí, gach aon bhraon di! Hí hí!"

"Mo ghrá do chraos!" arsa Pilí leis.

"Moladh go deo leis an Rí!" arsa Pia.

Thosaigh an fiolar ag ól.

"Vishnú leat! Maith thú féin!" a scread na héin go léir.

"Nár laga Vishnú thú!"

Chuala an Tiarna Vishnú a ainm á ghlaoch. Chuir sé teachtaire chuig Iógaí Iolar.

"Cad sa diabhal atá ag tarlú anseo?" arsa an teachtaire. "Tá Vishnú bodhar agaibh!"

Bhí a bhéal lán ag Iógaí Iolar. Níor fhéad sé freagra a thabhairt air.

"Tá Iógaí chun an fharraige go léir a ól!" arsa Fearsaí Faoileán leis.

"In ainm Vishnú, cén fáth?" arsa an teachtaire.

"Mar gur sciob sí na huibheacha uainn!" arsa Pilí agus Pia le chéile.

"An fharraige go léir a ól?" arsa an teachtaire. "Ó, ní bheidh Vishnú róshásta leis sin!"

Nuair a chuala an Tiarna Vishnú an scéal ní mó ná sásta a bhí sé. Chuir sé iachall ar an bhfarraige na huibheacha a thabhairt ar ais don lánúin.

"Láithreach bonn!" arsa Vishnú. Bhí an fharraige ar crith le heagla.

"Cinnte, a Thiarna Vishnú!" ar sise.

Gheall an fharraige nach gcuirfeadh sí isteach ar na huibheacha go deo arís. Agus níor chuir.

Na cairde

Cairde móra ab ea an toirtís agus an sionnach. Lá amháin agus iad ag cabaireacht lena chéile cois locháin tháinig liopard. Theith an sionnach ar ais go dtína phluais.

Ní raibh an luas céanna faoin toirtís bhocht agus rug an liopard ina bhéal í. Shuigh sé faoi chrann chun í a ithe. Ach ní raibh a chrúba ná a chuid fiacla sách géar chun teacht ar fheoil na toirtíse a bhí clúdaithe le sliogán crua.

Tháinig an sionnach ar ais. "Beidh tú an lá ar fad ag iarraidh an sliogán sin a scoilteadh agus ní éireoidh choíche leat, mise á rá leat," arsa an sionnach leis an liopard.

"Cad a mholfá, a mhadra rua?" arsa an liopard.

"Ó, níl ach slí amháin chun an sliogán sin a bhogadh. Caith isteach sa lochán í. I gceann leathuair an chloig nó mar sin beidh an sliogán breá bogtha ag an uisce,"

"Dar Iógaí Iolar, an-phlean!' arsa an liopard. "Conas nár smaoinigh mé féin air sin?"

Chaith sé an toirtís sa lochán. Ar ndóigh, bhí an toirtís thar a bheith sásta leis an bplean sin.

•  Birbal: scéalta ón India saorchóirithe ag Gabriel Rosenstock

Búda Buddha - feoil meat - ióga yoga - iolar eagle

pilibín plover - sliogán shell - teachtaire messenger