Ni gan toradh a bhi a dhilseacht don fhocal

An té a léann leabhar nua Ghearóidín Uí Laighléis, Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge, buaileann taom deja vu é, go háirithe…

An té a léann leabhar nua Ghearóidín Uí Laighléis, Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge, buaileann taom deja vu é, go háirithe sa chur síos mion macánta a dhéanann sí sa chéad chaibidil ar shaol agus ar shaothar Mhic Mhaoláin agus é ag plé le cúrsaí Gaeilge ag tús an chéid seo caite.

Aithneoidh léitheoirí ainm Mhic Mhaoláin as a chuid leabhar, ina measc Cora Cainte as Tír Chonaill. Bhain sé, a scríobhann Uí Laighléis, leis an dara glúin den athbheochan, iad sin a rinne iarracht polasaithe aislingeacha an Chonartha a chur i bhfeidhm.

Ba "oibrí dícheallach é Seán Mac Maoláin a rinne a chion ar gach bealach le gnéithe d'fhealsúnacht na hathbheochana a bhí thuas lena linn. Cé nár smaointeoir bunúsach é, bhí sé neamhspleách, ceannródaíoch agus dána ar a shlí féin laistigh de ghluaiseacht na Gaeilge."

Bhain Mac Maoláin le glúin Shéamuis Uí Ghrianna, cara mór dá chuid. Saolaíodh sa bhliain 1884 i mBun na hAbhann i dtuaisceart Aontroma agus d'éag sé i mBaile Átha Cliath in 1973. Chaith sé seal ag obair i mBéal Feirste, áit a raibh dlúthbhaint aige le cúrsaí Gaeilge agus thriall sé ar Ghaeltacht Ó Méith i dtuaisceart Chontae Lú.

READ MORE

Lena chois sin, ba chainteoir dúchais Gaeilge é athair Mhic Mhaoláin, Jack, duine de ghlúin dheireanach Aontroma a raibh an teanga ón chliabhán acu. Rinne Mac Maoláin féin staidéar ar Ghaeilge na nGlinntí agus d'fhoilsigh ailt uirthi.

Ní dhéanfaidh duine ar bith beag is fiú den obair mhór a rinne Mac Maoláin i gcuibhreann an aistriúcháin agus is dea-theist ar a chumas Gaeilge an caidreamh a bhí aige le cainteoirí dúchais.

Mar sin féin, is é polaitíocht na teanga agus cúrsaí cultúir na nithe is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir comhaimseartha. Tóg, mar shampla, an cinneadh a rinne múinteoirí an Tuaiscirt gan aitheantas a thabhairt do roinn nua oideachais Stormont, tráth a rinneadh cinedheighilt in Éirinn. Bhí na múinteoirí féin sásta cloí leis an agóid ach shocraigh an Roinn Oideachais sa Saorstát nach n-íocfadh siad a dtuarastal.

Tóg, fosta, an meon a léirigh údaráis Stormont, iad den bharúil nár cheart am nó airgead a chur amú ar theagasc na Gaeilge. Ach, má bhí an taobh oifigiúil ina héadan, bhí léaró beag dóchais anseo agus ansiúd, mar a fuair Mac Maoláin amach agus é ag bailiú síntiús airgid óna chomhoibritheoirí bácúis - idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh - ar son na Gaeilge.

Agus amharc mar a chinn muintir an Tuaiscirt ar a n-eagras cultúrtha féin a bhunú, Comhaltas Uladh, agus feidhmiú beag beann ar an chuid eile d'Éirinn.Ochtó bliain níos faide anonn agus, in ainneoin chaint ar eagrais uile-Éireann, níl deireadh ar fad leis an chlaonadh chun scartha i gcuid de lucht na teanga. Go híorónta, múnla aontachtúil ina chroí istigh atá i gceist - bímis inár gcomharsana maithe ach ná bíodh fíor-aontas ar bith ann.

Éiríonn le Uí Laighléis léargas an-bheo d'imeachtaí na linne a chruthú agus portráid ghrámhar den duine féin a chur os ár gcomhair. Tugann an léitheoir suntas fosta don mheath a tháinig ar cheantair Ghaeltachta le linn shaol Mhic Mhaoláin. D'éag an Ghaeilge i nGlinntí a chontae féin agus i nGaeltacht an Lú.

Ní raibh neart ag Mac Maoláin ar an mheath sin. Ach bhí sé dílis do theagasc na hathbheochana - Beatha teanga í a labhairt; buanú teanga í a scríobh. Ní gan toradh a bhí a dhílseacht féin don fhocal scríofa.

Sean Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge (Cois Life) le Gearóidín Uí Laighléis.