Is é an paradacsa is mó a bhaineann le cás na Gaeilge sa lá atá inniu ann nach raibh lucht na Gaeilge, aos eagna na Gaeilge, pobal na Gaeltachta, riamh chomh saibhir ná chomh hoilte agus atá siad anois.
Tá airgead agus áiseanna ann a chuirfeadh éad ar chroí íon Aodha Mhic Aingil féin. Maireann muid i ré órga. Ach go fóill féin, tá éigeandáil teanga ann.
Cuireann Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht tuairimí os comhair an phobail nach féidir agus nár chóir a sheachaint: "is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliain agus scór bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht..."
Tátal. Lom. Saolré scór bliain.
Tuigeann tú d'iarrachtaí Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, daoine a spreagadh nuair a chan sé mar fhreagra ar an staidéar go raibh "bás na Gaeilge á thuar cheana san am atá caite ... Léiríonn na figiúirí is déanaí atá ar fáil ón daonáireamh go bhfuil 22,000 duine ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais.
"Mar sin, cé go raibh meath le 60 bliain anuas sa Ghaeltacht, bhí an-teacht aniar inti freisin, agus creideann an Rialtas seo má ghlactar na céimeanna cuí gur féidir leis an nGaeltacht leanúint ar aghaidh..."
Is gá na trúpaí a spreagadh ach thug an tAire an cineál céanna óráide is a thug Custer lá an Little Big Horn.
Cad chuige a n-éalódh an Ghaeltacht as dol seo an Bhéarla an iarraidh seo? Mar gur mhaith linn a chreidbheáil go n-éalódh. Sin an freagra mothálach ar an tátal lom. Mar gur mhaith linn a chreidbheáil go mairfidh sí, mar gur mhair sí go dtí seo, mar go bhfuil níos mó airgid ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeilge agus eagrais na Gaeilge ná mar a bhí ag Pilib na Spáinne féin.
Tá Gaeilge ar teilifís, ar raidió agus ar Idirlíon. Tá arm de chéimithe le Gaeilge ann, an oiread BAnna, MAanna, MScanna agus PhDanna agus a d'ídeodh an aibitír.
Tá daoine cumasacha ag plé leis an Ghaeilge a chuirfeadh fear ar an ghaelach - ach maoiniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge - ach go fóill féin, go fóill féin, tá an Ghaeltacht ar an dé deiridh; tá mórchuid phobal na hÉireann balbh i nGaeilge; tá Lá Eoin Dic ag druidim linn.
Ná bíodh míthuiscint ar dhuine ar bith faoin toradh a bheidh ar chreimeadh na Gaeltachta mar cheantar ar leith. Is ionann deireadh na Gaeltachta agus deireadh na Gaeilge mar thionscnamh náisiúnta. Bíodh sé le toil na ngníomhaithe teanga in oirthear na hÉireann nó ná bíodh, is í Gaeltacht iarthar na hÉireann a thugann gach údarás dá gcuid iarrachtaí. Murab ann di, ní hann don chúis. Tá sé chomh simplí sin. Deireadh ré; deireadh streachailte. Oíche mhaith, Irene.
Cinnte, leanfaidh lucht na Gaeilge ar aghaidh ag tógáil a gcuid deontas agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil de réir Naomh Pádraig (Mac Piarais) ach ní bheidh iontu ach leagan dúchasach de lucht Manainnise.
Agus cinnte, mairfidh cainteoirí dúchais i ndiaidh na díle. Beidh ár macasamhail ag déanamh coinne le Séimí Hiúdaí Rua mar a dhéanann muidinne coinne leis an dochtúir: "Tá pian i mo chluais agam, a Shéimí. Doirt do chuid Gaeilge isteach inti agus déan iomlán arís mé."
Ach ní bheidh pobal ar bith ann. Ní bheidh ciall ar bith leis an fhocal, Gaeltacht, a thuilleadh - agus is ar éigean go bhfuil ciall ar bith leis i gceantair áirithe inniu féin.
Cad é is fiú bheith buartha? Beidh tuarascáil eile chugainn ar ball, óráid eile, preasráiteas eile, tuairim eile, coiste eile. Beidh an chéad tuarascáil eile níos loime, an chéad óráid eile níos tréine, an chéad phreasráiteas eile níos feargaí, an chéad tuairim eile níos barúlaí; an chéad choiste eile níos coistiúla.
Fiche bliain? Bhuel, beidh pinsean agamsa ar a laghad.