Tuarascáil:Is iomaí gné de shaol agus shaothar an fhile, Seán Ó Ríordáin, a pléadh ag an chomhdháil "Fill Arís" a d'eagraigh coiste d'iarchéimithe óga go héifeachtach: Liam Mac Amhlaigh; Máire Nic an Bhaird; Caitríona Ní Chléirchín agus Ríona Nic Congáil i gcomhairle leis an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag deireadh na seachtaine seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide
Fealsúnacht agus collaíocht an Ríordánaigh, foinsí inspioráide a chuid filíochta, a chuid alt san Irish Times agus an léirmheastóireacht a rinneadh ar a shaothar a bhí faoi scrúdú.
Cuireadh tús leis an chomhdháil oíche Déardaoin le Léacht Uí Chadhain, dar teideal "Finnéithe litríochta an 20ú haois: critic iriseoireachta". An Dr Regina Uí Chollatáin a thug í agus labhair sí faoin nasc a bhí idir saothar iriseoireachta scríbhneoirí áirithe, Ó Ríordáin ina measc, agus an litríocht. Craolfar an léacht seo ar Raidió na Gaeltachta Dé Luain seo chugainn.
Is i seilbh an choláiste atá dialanna an Ríordánaigh agus innéacs déanta orthu ag an leabharlannaí, Máire de Grás. Tá sleachta astu, maraon le grianghrafanna agus litreacha le feiceáil i dtaispeántas sa Teanglann in Áras Newman a d'oscail an tOllamh Alan Titley tar éis Léacht Uí Chadhain. Is fiú go mór na sleachta dialainne seo a léamh chun tuiscint a fháil ar aigne an fhile.
Ar feadh an lae Dé hAoine bhí sraith léachtaí a thug idir iarchéimithe agus léachtóirí ollscoile ar ghnéithe éagsúla de shaothar an fhile.
Ar shinsir agus ar óige Uí Ríordáin i mBaile Mhúirne, Co Chorcaí, a labhair an Dr Seán Ua Súilleabháin. Bhí a mháthair agus a aintín ar scoil leis an Ríordánach agus beidh an léacht á tabhairt arís aige i mBaile Mhúirne Dé Máirt seo chugainn.
Cuirfear cainteanna uilig na comhdhála ar fáil i bhfoirm leabhair amach anseo i gcomhfhoilseachán le hOllscoil Chorcaí.
Leanadh leis an chomóradh oíche Aoine agus triúr filí - Aifric Nic Aodha, Biddy Jenkinson agus Liam Ó Muirthile - ag léamh a rogha de dhánta an Ríordánaigh mar aon le dánta as a saothar féin. Seoladh eagrán speisialta den iris Feasta ina bhfuil athchló ar an alt conspóideach a scríobh an file, Máire Mhac an tSaoi, i 1953 faoi chéad chnuasach Uí Ríordáin Eireaball Spideoige.
Seoladh go hoifigiúil Cumann Scríbhneoirí Óga na Gaeilge. Cuireadh tús leis an chumann cúpla mí ó shin chun tacaíocht agus misneach a thabhairt do scríbhneoirí óga. Tá breis agus 25 ball cláraithe cheana féin, beirt acu i Stáit Aontaithe Mheiriceá, a deir an bunaitheoir, Ríona Nic Congáil. Cá bhfios nach bhfuil ina measc scríbhneoir eile de mhianach an Ríordánaigh?
Acht Gaeilge
Leanann an iaróg faoi acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann ar aghaidh. Tá cinneadh an Aire Edwin Poots gan leanstan ar aghaidh le hacht teanga faoi chaibidil ag polaiteoirí ó Shinn Féin agus an SDLP agus lucht na Gaeilge. Thóg Poots an cinneadh de bharr nár léir dó tacaíocht trasphobail bheith ann dá leithéid agus costas rómhór bheith ag baint leis.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Seanadóir Pearse Doherty: "Ní gá go mbeadh acht teanga mar ábhar conspóid idir páirtithe polaitiúla. B'fhearr le Sinn Féin dá mbeadh aontas uile-pháirtí chun dul ar aghaidh leis. Ach nílimid chun a rá le pobal na Gaeilge: "caithfidh tú fanacht le do chearta go dtí go mbíonn Edwin Poots, Gregory Campbell, Michael McGimpsey agus a leithéid sásta do chearta a aithint." Táimid chun dul ar aghaidh leis an fheachtas ar son an acht teanga agus táimid cinnte de go mbeidh an reachtaíocht sin ann."
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, go raibh cinneadh Poots "frith-Ghaelach agus frith-Ultach" agus go gcaithfidh "an stádas agus na cearta céanna a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart agus atá ag an nGàidhlig in Albain agus ag an mBreatnais sa Bhreatain Bheag."
Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh: "Tá díomá ar leith orainn nár glacadh leis an chomhairle a fuair an tAire, ní hamháin ó Fhoras na Gaeilge, ach ó phobal labhartha na Gaeilge, thuaidh agus theas. Ba mhaith liom an deis seo a thapú tréaslú leo siúd atá páirteach san fheachtas leis an acht seo a thabhairt chun cinn.
"Níl aon dabht ach go leanfar leis an fheachtas... caithfidh muid úsáid a bhaint as na seirbhísí teoranta Gaeilge atá ar fáil ón stát sa Tuaisceart, le léiriú do na húdaráis go bhfuil éileamh mór ann don acht agus go bhfuil seirbhís tuillte agus de dhíth ar phobal labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart."
Ar toinn is ar tir
Beidh ócáid ar leith ar na Dúnaibh, Co Dhún na nGall, ag an deireadh seachtaine nuair a sheolfaidh pobal na háite, Ar Toinn is Ar Tír: seanchas as Ros Goill (€15/£10). Ba é Jack Mac Pháidín (1917-2002) a bhailigh ábhar an leabhair ach níor éirigh leis é a chur i gcló de bharr drochshláinte. Múinteoir scoile a bhí ann agus chaith sé a shaol ar fad sa cheantar. Is é a mhac, Ciarán, atá i ndiaidh cúram an leabhair a thógáil air féin agus is de bharr a chuid iarrachtaí a bheidh deis ag daoine é a léamh. Tá scéalta, seanchas agus filíocht ann a bhaineann le ceantar Ros Goill.
Seolfaidh ceannaire an INTO, John Carr, an leabhar oíche Aoine ag 8pm i gColáiste Gaeilge Ros Goill. Eolas: 074-9154830
bunaitheoirfounder - collaíochtsexuality - dialanndiary
éileamhdemand - fealsúnachtphilosophy - seanchasfolklore