‘Pionós is géire’

TÁ DHÁ thuarascáil speisialta leagtha ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, faoi Thithe an Oireachtais maidir le dhá chomhlacht…

TÁ DHÁ thuarascáil speisialta leagtha ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, faoi Thithe an Oireachtais maidir le dhá chomhlacht a sháraigh a ndualgas reachtúil teanga agus a dhiúltaigh moltaí an choimisinéara a chur i bhfeidhm, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.Is é seo an pionós is géire gur féidir leis an gcoimisinéir a ghearradh ar chomhlacht poiblí.

Seo an chéad uair riamh gur thug an coimisinéir feidhm don chumhacht atá aige faoin Acht Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas sa chás go measann sé nár chuir comhlacht poiblí i ngníomh aon chuid de na moltaí i dtuarascáil ar imscrúdú a rinne sé.

Is iad Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte agus Ard-Mhúsaem na hÉireann an dá chomhlacht atá i gceist. Cé nach ndearna na comhlachtaí poiblí seo achomharc chun na hArd-Chúirte ag cur i gcoinne bhreithiúnas an choimisinéara go raibh sárú déanta acu ar a ndualgas teanga, níor chuir siad moltaí an choimisinéara i bhfeidhm.

Níor tharla sé go dtí seo gur theip ar aon chomhlacht poiblí moltaí an choimisinéara a chur i bhfeidhm tar éis dó imscrúdú a dhéanamh. De ghnáth, tugtar scála ama áirithe do chomhlachtaí poiblí moltaí imscrúdaithe an choimisinéara a chur i bhfeidhm. Sa dá chás atá curtha faoi bhráid an Oireachtais tugadh síneadh ama don fheidhmeannas agus don músaem na moltaí a chur i bhfeidhm.

READ MORE

“Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh,” a dúirt Ó Cuirreáin leis an cholún seo.

Bhain an sárú a rinne an feidhmeannas lena ndualgas teanga i leith scéim teanga don Iarthar agus le comharthaí poiblí maidir le fliú na muc.

Theip orthu cúram othar a chur ar fáil sna hospidéil i rogha teanga an othair. Dúirt an coimisinéir go raibh an sárú a rinne an feidhmeannas maidir lena scéim teanga “níos tromchúisí fós” mar gur ceantar Gaeltachta a bhí i gceist.

Bhain cás Ard-Mhúsaem na hÉireann lena theip dóthain baill foirne le Gaeilge a earcú agus leagan Gaeilge d’fhéilire imeachtaí a fhoilsiú.

Thug Ó Cuirreáin le fios nach raibh cumas sa Ghaeilge tugtha mar riachtanas i gcás aon cheann de na 103 folúntas a líon an músaem ó Bhealtaine, 2005.

Bhí dualgas sonrach ar an músaem a chinntiú go mbeadh go leor daoine ar fáil chun seirbhísí a sholáthar go dátheangach.