A LUAITHE agus a tháinig Steve Jobs ó Apple síos i measc na ndaoine lena tháibléad an tseachtain seo caite cuireadh tús le díospóireacht faoi cé acu an táirge réabhlóideach eile a bhí aige nó freagra ar cheist nár chuir éinne. Gan amhras, is ar Jobs a bheadh geall an chearrbhaigh chliste.
Ní bheidh a fhios againn, áfach, go dtí go mbeidh an iPad ar fáil sna siopaí an ag lucht an chreidimh nó lucht an amhrais atá an ceart.
Ach, idir an dá linn, beidh tionscal na foilsitheoireachta ach go háirithe ag súil le hinstealladh beochta ón táirge is déanaí ó dhraoídóirí Apple.
I láthair na huaire tá an ‘apps store’, ina ndíoltar feidhmchláir don iPhone, ar cheann de na réimsí gnó is mó fás ag Apple agus d’fhéadfadh go méadóidh ar an ngnó sin nuair a thiocfaidh an iPad ar an margadh.
Tá Apple ag súil le réabhlóid eile a thionscnamh i margadh na leabhar leis an iPad agus d’fhéadfadh a siopa iBooks nua an tionchar céanna a bheith aige ar an margadh sin is a bhí ag a siopa iTunes ar thionscal an cheoil.
Ní dócha go bhfuil slánú na Gaeilge ar an gcloch is mó ar phaidrín Apple ach d’fheadfadh buntáistí a bheith ann don teanga ach í a chur in oiriúint don réabhlóid chumarsáide seo.
Cheana féin tá líon beag apps Gaeilge don iPhone ar fáil. Ina measc tá féilire Gaeilge saor in aisce a thugann seanfhocal nua duit ar do fón gach aon lá. €2.99 a chaitear íoc ar ‘Clicipéid’, app a chuireann gach iontráil as Gaeilge ó wikipedia ar fáil duit ar d’fhón.
99 cent ar an meán atá ar fheidhmchlár (tá an cheathrú cuid acu saor in aisce) agus tá cuma chostasach mar sin ar an €7.99 atá á lorg ar fhoclóir póca Gaeilge ó Collins.
Níl ach app amháin á thairiscint go dtí seo ag na meáin Ghaeilge agus sin ceann Raidió Rí-Rá, an stáisiún ceoil Idirlín. Formhór don líon beag eile apps Gaeilge is feidhmchláir oideachais iad atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir.
Is cinnte gur réimse den teicneolaíocht é seo ar chóir do lucht maoinithe ghluaiseacht na Gaeilge díriú air má tá an teanga le bheith i lár aonach na cumarsáide agus na siamsaíochta amach anseo.
Is ar focal.ie a fuaireamar an focal “feidhmchlár” agus bheadh sé deas, mar shampla, teacht a bheith againn ar an bhfón póca ar stór an tsuímh úsáidigh sin.
Ar ndóigh, do an-chuid daoine, coir i gcoinne na sibhialtachta daonna féin atá san e-book ach má éiríonn leis an iPad agus an siopa iBooks beidh féidearthachtaí éagsúla ann do thionscal foilsitheoireachta na Gaeilge, tionscal atá cráite le blianta fada ag fadhbanna dáiliúcháin.
An dtapófar na deiseanna seo don teanga?
Braitheann sé sin orthu siúd a bhfuil seilbh acu ar sparán na Gaeilge agus faraor ní heol dom aon app a bheith cruthaithe fós a thabharfadh léamh duit ar a n-intinn siúd.