“SEAFÓIDEACH” AGUS “craiceáilte” an cur síos a rinne iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ar phleananna an Rialtais don Ghaeilge.
D’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, i nDún na nGall Dé hAoine go raibh “cinntí críochnúla” déanta ag an Rialtas faoi shainmhíniú nua ar theorainneacha na Gaeltachta agus struchtúir fhorfheidhmithe do Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge.
Foilseoidh an Rialtas Bille Gaeltachta ina mbeidh sainmhíniú nua reachtúil ar an Ghaeltacht, sainmhíniú a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha agus ní ar limistéir gheografacha.
Tabharfar stádas reachtúil do chineál nua “Gaeltacht ghréasáin”, ceantair uirbeacha ina mbeidh pobal le “toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge”.
Ní bhunóidh an Rialtas Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta mar a bhí molta sa straitéis. Ina áit sin, beidh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta freagrach as cur chun cinn na teanga i gceantair Ghaeltachta agus leanfaidh Foras na Gaeilge dá ndualgas ag cur na teanga chun tosaigh taobh amuigh di.
Dúirt McGinley go gcoinneodh an tÚdarás a gcuid dualgas fiontraíochta, go mbeadh nasc idir é agus na háisineachtaí eile fiontraíochta, an IDA agus Fiontraíocht Éireann.
Lena chois sin, dhéanfadh an Rialtas “laghdú suntasach” ar bhord an Údaráis agus chuirfeadh siad deireadh le toghchán don eagras. Faoi na comhairlí contae, mar shampla, a bheadh sé baill an bhoird a cheapadh.
Ag caint leis an cholún seo inné, dúirt an tAire Stáit McGinley gur próiseas fada a bhí ar siúl agus go raibh daoine in ísle brí. Bhí sé “iontach tábhachtach go dtabharfaí cinnteacht” d’Údarás na Gaeltachta; bhí an éiginnteacht a bhain leis an eagras anois imithe agus ceannasaí nua le ceapadh. Mhol sé iad as a gcuid oibre sa Ghaeltacht; ní raibh dream ar bith ann a raibh a dtaithí acu ag cur na teanga chun cinn sa réigiún.
Ba ar an ábhar sin a shocraigh an Rialtas cúram na teanga a chur orthu agus cúrsaí teanga a fhágáil faoi Fhoras na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí sé ag iarraidh “trasnáil” agus “dúbláil” a sheachaint agus acmhainn teoranta mar a bhí.
Bhí sé ag súil go mbeadh idir 10 agus 12 duine ar bhord nua an Údaráis. (20 atá ann faoi láthair.) Bheadh Gaeilge líofa ag gach duine a cheapfaí agus baint acu leis an Ghaeltacht. Níorbh fhiú airgead a chaitheamh ar thoghchán agus na “deacrachtaí uafásacha airgid” a bhí ann. B’fhearr leis airgead a shábháil ar thoghchán agus é a chaitheamh ar rudaí níos fiúntaí.
Fuar ar fad a bhí Ó Cuív sna pleananna. Dúirt sé leis an cholún seo go raibh “veto” anois ag airí an Tuaiscirt ar pholasaí Gaeilge an Stáit ó tharla gur chinn an Rialtas gan an t-eagras nua, Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, a bhunú.
“Fadhb an-phraiticiúil” a bhí ann cur i bhfeidhm na straitéise a fhágáil faoin eagras thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, sna ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní bheadh polaiteoirí an Tuaiscirt, go háirithe na haontachtaithe, ag iarraidh “dul leath chomh fada” le pobal an Deiscirt ina bpolasaí teanga. Ní raibh an Foras fóirsteanach mar áisíneacht sa chás seo.
Dúirt sé gur “bás le míle gearradh” a bheadh mar thoradh ar an nasc foirmiúil idir an tÚdarás agus an IDA agus Fiontraíocht Éireann. Ní bheadh an coibhneas cumhachta idir na trí eagras i gceart agus an tÚdarás a bheadh thíos leis sin.
“Buille don daonlathas” a bhí sa chinneadh gan toghchán bheith ann do bhord an Údaráis as seo amach. “Bíonn toghcháin sna tíortha is boichte ar domhan” a dúirt sé agus bhí sé “seafóideach” a rá nach dtiocfadh leis an Rialtas ceann a reáchtáil uair amháin gach cúig bliana.
Bheadh de thoradh ar an leagan amach nua ar an bhord go mbeadh daoine nár chónaigh sa Ghaeltacht ag labhairt thar ceann phobal na Gaeltachta. Bhí sin “craiceáilte” agus céim síos do na contaetha beaga Gaeltachta a bhí sa chinneadh.
Bíodh sin mar atá, mhol sé McGinley as post an phríomhfheidhmeannaigh a fhógairt. Rud “dearfach” a bhí ann.
D’fháiltigh bord Údarás na Gaeltachta féin roimh phlean an Rialtais don chuid ba mhó. “Vóta muiníne” a thug cathaoirleach an bhoird, Liam Ó Cuinneagáin, ar an scéal. Bhí siad sásta go mbeadh na feidhmeanna reatha céanna acu, cúraimí fiontraíochta go speisialta, agus go raibh post an cheannasaí nua le fógairt.
Chuir siad fáilte roimh an sainmhíniú nua ar an Ghaeltacht. Bhí siad i bhfabhar próiseas toghchánaíochta don bhord le go mbeadh “eilimint láidir dhaonlathach” ag baint leis an eagras.
Dúirt iarcheannasaí an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, leis an cholún seo inné go raibh sé sásta go raibh “fócas” an Údaráis le bheith ar an Ghaeltacht ach b’ábhar imní aige cúrsaí airgid.
Chonacthas dó go raibh maoiniú in easnamh agus nach raibh dóigh ar bith ann go mbeadh an tÚdarás ábalta mórthograí a mhaoiniú as a stuaim féin ar an chaiteachas a bhí ar fáil. Bhí sé imníoch faoin leagan amach nua a bhí molta don bhord; bhí ionadaíocht ón phobal de dhíth.
Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an plean as feidhmeanna reatha an Údaráis a choinneáil mar a bhí. Ach d’iarr siad go gcuirfí maoiniú cuí ar fáil le go mbeadh an t-eagras ábalta a gcuid cúraimí fiontraíochta a chur i gcrích go héifeachtach. Bhí an t-eagras sásta fosta go mbeadh teorainneacha na Gaeltachta bunaithe ar chritéir theangeolaíocha.
“Céim mhór chun cinn,” a thug stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail, ar a raibh fógartha.
Bhí an brúghrúpa, Guth na Gaeltachta, den tuairim gur mhaith an rud é go mbeadh cúraimí fiontraíochta go fóill ar an Údarás. Mheas siad gurbh “aitheantas é seo gur bunchloch aon pleanála teanga sa Ghaeltacht fostaíocht a chur ar fáil”. Mar sin féin, “céim ar gcúl” a bhí sa chinneadh gan toghchán a reáchtáil don bhord.
D’fhiafraigh Conradh na Gaeilge cad é go díreach a bhí i gceist leis an chomhoibriú foirmiúil idir an tÚdarás agus na háisíneachtaí eile forbartha ó tharla caidreamh oibre bheith idir an triúr cheana féin?
Bhí eagla orthu go mbrisfeadh an córas nua ceapacháin “an ceangal idir an tÚdarás agus an pobal”.
Thug príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, le fios go raibh “laige” sa chur chuige le forfheidhmiú na straitéise agus é a fhágáil faoi Roinn na Gaeltachta agus an tÚdarás sa Ghaeltacht agus faoi Fhoras na Gaeilge taobh amuigh di: “Ní luíonn sé le héifeachtúlacht agus le dea-riaradh go mbeadh trí eagraíocht Stáit ag plé le codanna éagsúla den straitéis chéanna.”
Léirigh “an láimhseáil amscaí” a rinne an Foras ar mhaoiniú na n-eagras go raibh gá le “cur chuige comhtháite ag leibhéal an Stáit má bhí leas iomlán le baint as acmhainní na hearnála deonaí chun crích fhíorú na straitéise”.