Polasaí Gaeilge an Rialtais caite "i dtraipisí" - Ó Cuív

TÁ POLASAÍ Gaeilge an Rialtais “caite i dtraipisí” cheana féin, a dúirt iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, an tseachtain…

TÁ POLASAÍ Gaeilge an Rialtais “caite i dtraipisí” cheana féin, a dúirt iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, an tseachtain seo caite.

Dúirt polaiteoir Chonamara nach raibh cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais faoi chúram laethúil Aire shinsearaigh ach faoi chúram Aire Stáit. Lena chois sin, bhí an Rialtas ag cothú “éiginnteachta” faoi ról Údarás na Gaeltachta trí mhoill a chur ar phróiseas ceapacháin phríomhfheidhmeannaigh nua. (Faoi láthair, tá príomhfheidhmeannach gníomhach, Seán Ó Labhraí, i mbun an eagrais atá freagrach as cúrsaí fiontraíochta sa Ghaeltacht.)

Ba léir, a dúirt Ó Cuív, nach raibh sé i gceist ag an Rialtas príomhfheidhmeannach buan a cheapadh go dtí go mbeadh reachtaíocht an Údaráis leasaithe. Thabharfadh an socrú sin tamall fada agus ní raibh sé “inghlactha”.

Bhí sé ag iarraidh ar an Rialtas freagra soiléir a thabhairt ar fheidhmeanna fiontraíochta an Údaráis agus ar cheapadh cheannaire nua.

READ MORE

Dúirt Ó Cuív gur chuir sé dhá cheist Dála ar an Aire Stáit atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta, Dinny McGinley, TD. Dúirt Ó Cuív go raibh na freagraí a fuair sé “thar a bheith éiginnte”. Thug an méid sin air a chreidbheáil go raibh ábhar eile imní ann faoina raibh i gceist ag an Rialtas maidir le straitéis 20 bliain na Gaeilge.

I bhfreagra scríofa ar cheisteanna Uí Chuív, dúirt McGinley go raibh “molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófaí Údarás Gaeilge agus Gaeltachta (Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta), a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí.

“Tá ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an Údaráis mholta nua i ndréachtreachtaíocht. Maidir le príomhfheidhmeannach nua a cheapadh, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí tabhairt faoi sin go dtí go mbeadh na cinntí cuí tógtha maidir leis na cúrsaí seo uile”.

Dúirt cathaoirleach an bhrúghrúpa, Guth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais, leis an cholún seo nach raibh “aon mhór-raitéas déanta ag an Aire Stáit, Dinny McGinley nó ag an Rialtas go foill faoin straitéis 20 bliain agus an tÚdarás. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí é seo go gairid chun an fuinneamh a bhí taobh thiar den straitéis a choinneáil ag gabháil. Mothaíonn daoine faoi láthair go bhfuil rudaí tar éis titim idir dhá stol leis an athrú rialtais”.

Mhol sé go ndéanfadh an Rialtas ráiteas soiléir faoin chlár ama don reachtaíocht úr le go mbeadh a fhios ag an phobal cad é a bhí ag tarlú. Bhí sé “fíorthábhachtach” go mbeadh an reachtaíocht críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

Dúirt sé fosta go raibh an grúpa ag moladh gur chóir próiseas earcaíochta do phost an phríomhfheidhmeannaigh úr a thosú láithreach.

Níor chreid siad gur ghá fanacht go dtí go mbeadh “na mionsonruithe uilig ó thaobh na reachtaíochta de i gcrích” sula gceapfaí ceannasaí nua.

Bhí sé ní ba thábhachtaí go mbeadh “cinnteacht, soiléireacht agus fís” ag baint leis an eagras agus bheadh sin le mothú le ceapachán cheannasaí nua.