Is iomaí sin athrú a tháinig ar gach gné de chultúr na Gaeilge le 10 mbliana anuas.
Ní hionann Foinse agus Anois; ní hionann ról TG4 agus RnaG; tháinig Riverdance chun cinn agus shaothraigh damhsóirí amaitéaracha cúpla punt as a gcosa; tháinig damhsa ar an sean-nós chun cinn ina dhiaidh sin arís agus léirigh sé gur mhór an tseafóid é Riverdance. Agus tá an ceol ann. Ceol Gaelach nó ceol traidisiúnta nó ceol na Gaeltachta. Ní hionann i gcónaí iad.
Sampla den cheol ar an tseandóigh an dlúthdhiosca Séamus Ennis - Ceol, Scéalta agus Amhráin (Gael Linn). Deirim "sean" ach ní mar cháineadh nó mar mhasla. Seo an tslat tomhais a chuirtí ar cheol traidisiúnta. Amharcann tú ar an phictiúr de Ennis ar an chlúdach agus is é an aidiacht "stuama" a ritheann leat.
Sin é, an máistir, faoi léine, charbhat agus sheaicéad agus na píoba ina ghlac aige. Insíonn na nótaí clúdaigh a scéal féin - chuir Ennis tús ar a aistear ealaíne thiar sa bhliain 1938; chuaigh ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1941 agus é ag bailiú amhrán agus scéalta. Níl rud ar bith faiseanta faoin chineál sin oibre.
Ní bhaineann cur i gcéill ar bith leis an cheol nó lena chur i láthair. Cluineann tú Úirchill an Chreagáin, Bean Dubh an Ghleanna nó Dónall Óg agus aithníonn an chluas cumas an cheoltóra. Seo an traidisiún ionraic uasal, saor ó chleasanna.
Caibidil amháin as scéal an cheoil é Ennis agus is fiú go mór i gcónaí na foinsí sin a aithint. Tá caibidlí eile á scríobh agus tá albam nua Róisín Elsafty, Má Bhíonn Tú Liom, Bí Liom (www.roisinelsafty.com), ar chaibidil acu sin.
Tá Casadh an tSúgáin agus amhráin thraidisiúnta eile ag amhránaí seo Chonamara - mar atá ag Ennis - ach tá amhráin nua anseo, Alí, amhrán faoi dhílleachta a gortaíodh go tubaisteach le linn ionradh na hIaráice. Dul ceol tíre atá ar an cheann seo, rud a léiríonn, is dócha, na sruthanna éagsúla ceoil atá ag dul i gConamara.
Tá amhráin thraidisiúnta ann agus cóiriú dá cuid féin déanta ag Elsafty orthu. Ní bhfaighidh mórán daoine locht ar a leaganacha de A Mhuire na nGrást nó Coinleach Glas an Fhómhair.
Déanann sí a cuid féin de na hamhráin agus cuireann i láthair iad mar a ba cheart d'amhránaí óg. Ní seanbhean í agus ní mar sheanbhean a chanann sí! Thairis sin ar fad, tá glór iontach ag Elsafty - chomh beacht éadrom atá sí ina hurlabhra. (Dála an scéil, is fiú go mór an leagan atá ag Elsafty de Casadh an tSúgáin agus leagan Ennis a chur i gcomparáid le chéile le go bhfeice tú mar a athraíonn amhrán ó dhuine go duine.)
Agus caibidil eile atá scríofa ag John Spillane agus Louis de Paor lena n-albam, The Gaelic Hit Factory (EMI). Sárchnuasach amhrán atá ann agus éiríonn leis ar gach leibhéal. D'fhéadfá sleachta a chasadh ar raidió mar phopcheol nó d'fhéadfá suí siar agus pléisiúr a bhaint as mar thionscnamh thar a bheith cumasach ealaíne.
Éiríonn le Spillane agus de Paor na tréithe cumadóireachta is fearr a bhaint as a chéile: tá an ceol féin go maith; tá na liricí mothálach; tá an léiriú éifeachtach agus is cliste mar a mheascann siad Béarla agus Gaeilge le chéile. Tá Buille mo Chroí thar barr agus chuirfeadh Bata is Bóthar racbhailéad de chuid Runrig i gcuimhne duit - agus ní holc an tionchar é.
Tá corramhrán ann nach mbíonn rath air. Is fearr an leagan de Éist do bhéal atá ag Sinéad Lohan ar an albam Éist ná an ceann atá ag The Gaelic Hit Factory anseo. Is fearr mar a fhóireann fearg agus glór géar Lohan don amhrán ná an leagan seo ag Spillane/de Paor - bíodh is gurbh iad a chum an píosa an chéad lá riamh. Is ait an mac an ealaín!
Is minic lucht na Gaeilge ag caí a gcás. Bíodh sin mar atá, maireann ealaíontóirí a spreagfadh misneach i do chroí fós. Cá bhfios nach mbeidh na glúnta inár ndiaidh ag amharc siar ar an tréimhse seo mar ré órga - a bhuíochas sin ar Róisín Elsafty agus The Gaelic Hit Factory.