Ruathar na scoile agus ceacht teanga

Ruathar na scoile arís eile

Ruathar na scoile arís eile. Deireadh le saoire na Nollag agus an tréimhse ghlórmhar sin nuair nár ghá dom tabhairt faoi ruathar na scoile - mo chuid páistí, nia agus neach a chur sa charr, impí orthu bheith ciúin agus díospóireacht a stiúradh ar rogha an cheoil: Nelly Furtado atá ann faoi láthair; bhí Snow Patrol ann ar feadh tamaill; The Goo-Goo Dolls roimhe sin; Nancy Griffith roimhe sin arís.

Is ar éigean a thuigfeá go raibh Gaeilge de chineál ar bith sa charr dá mbunófá do thuairim ar rogha an cheoil. Ach tá Gaeilge ann más ar éigean é.

Ait liom i gcónaí mar a fhaigheann focal Gaeilge greim ar shamhlaíocht páistí thar cinn eile. "Paidir," a deir mo mhac chomh luath agus atá muid uilig inár suí sa charr. Paidir. Sin an focal. Chan prayer ach paidir agus an "r" caol chomh caol agus a d'iarrfadh do bhéal é bheith.

Paidir. Agus gearrann muid comhartha na croise orainn féin i nGaeilge gan stró ar bith agus deir muid Sé Do Bheatha, a Mhuire, i nGaeilge gan stró ar bith agus chomh luath agus atá an méid sin ráite, éiríonn an scairt: "Music, please, daddy." Agus cuirtear Nelly a chanadh.

READ MORE

Maireann mo pháistí, mar a mhairimse, mar a mhaireann mórán daoine eile sa Tuaisceart, idir dhá theanga. Ní nuacht ar bith í sin ach shílfeá gur peaca marfach a bhí ann in amanna.

Dá dtagadh (nó dá dtigeadh) foireann chlár faisnéise an bealach an aithneodh siad mar Ghaeilgeoirí muid ar chor ar bith? Seans mór nach n-aithneodh, seans mór go dtiocfadh lucht teilifíse, go gcuirfeadh siad ceisteanna ar na páistí i nGaeilge agus go bhfreagródh na páistí na ceisteanna i mBéarla. Thuigfeadh siad na ceisteanna - mura raibh siad róchasta mar cheisteanna - ach ní bheadh ar a gcumas freagra i nGaeilge a thabhairt ar gach ceist. (I ndeireadh thiar thall, is páistí iad.)

Sin cás s'againne. Ar theip orm mar sin - an bhfuil ag teip orm - iad a thógáil le Gaeilge? Braitheann sé, is dócha, ar an sainmhíniú a thugann tú ar "thógáil" agus ar "Ghaeilge". Tá tógáil acu sa mhéid is go gcluineann siad Gaeilge gach lá sa tseachtain. Tá Gaeilge acu sa mhéid is go dtuigeann siad í agus, mar a dúirt mé, go dtagann focail agus abairtí chun tosaigh as a stuaim féin.

Is maith leo "ceart go leor" a rá. Bíonn cuid mhór rudaí "ceart go leor" agus is minic a chluineann tú duine acu ag scairt "dinnéar réidh". Deir siad "fáilte romhat" nó "le do thoil" ar a gconlán féin agus sa chomhthéacs ceart, buanna beaga a ghealann an croí.

Bua don teanga agus don tógáil é sin, is dócha. An Gaeilgeoirí iad? Tá cumas iontu bheith ina nGaeilgeoirí amach anseo ach aithne a chur ar dhaoine eile le Gaeilge. Tá fuaim na teanga ina gcluasa acu agus tuigse éigin ina n-aigne uirthi. Baineann a bhfoclóir le réimse an bhaile agus le mothúcháin don chuid is mó. Ach ní beag sin; beidh baile agus mothúcháin i gcónaí acu. Ba cheart dom clár teilifíse a dhéanamh fúthu am éigin. Yes Gaeilge a thabharfaidh mé air.