Caitheadh súil ar leith ar athchóiriú Reilig an tSléibhe le foilsiú dhá leabhar acadúla faoin Ghorta Mór níos luaithe an mhí seo.
Tá an reilig stairiúil seo suite in aice leis an N25 ar leaca cnoic cúig mhíle ar an dtaobh theas de Dhún Garbhán in iarthar Phort Láirge.
Seo reilig a úsáideadh go laethúil le linn an Ghorta Mhóir nuair a tháinig titim de 28 faoin gcéad ar dhaonra Dhún Garbhán idir 1841 agus 1851.
Le tamall de bhlianta anuas bhí dearmad déanta ag muintir an cheantair ar an suíomh uaigneach seo go dtí gur thosaigh coiste turasóireachta de chuid Chomhlucht Forbartha na nDéise ag déanamh cúraim de. Tá athchóiriú agus taighde ar bun ag an gcoiste ar an tseanreilig le sé mhí anuas.
Tá comharthaí nua crochta mórthimpeall uirthi, tá fiailí agus neantóga gearrtha siar agus tá obair ar bun ag an gcoiste chun dealbh fíorálainn leis an ealaíontóir Seán Creagh, nach maireann, a ghlanadh agus a láidriú. Tá eolas faoin reilig á bhailiú, na cosáin traidisiúnta á marcáil agus bord eolais le crochadh istigh ann. Teastaíonn ón gcoiste aird an phobail a dhíriú arís ar shuíomh seo na mbrón. (Ceaptar go bhfuil trí olluaigh sa reilig ach caithfear é seo a chinntiú.)
Dar leis an gcoiste atá i mbun taighde tá go leor ceisteanna le freagairt i leith na reilige.
Cuimhnítear go dtógtaí lán trucaile de na mairbh amach ó Theach na mBocht i nDún Garbhán trí huaire in aghaidh an lae agus go gcuirtí iad i Reilig an tSléibhe le linn an Ghorta.
Deirtear go mbíodh an tAthair Ó Tuama ón mbaile ag fanacht roimh an trucail chun paidir a chur le hanamacha na marbh agus chun a chinntiú go raibh gach aon duine acu marbh sula gcuirfí iad.
Tháinig ball amháin den choiste ar scéal a bailíodh i Scéim Bhéaloideas na Scol 1937-1938 ó chailín scoile sa cheantar, Áine Ní Shlatra.
Fuair sise a scéal óna seanuncail Tomás Ó Riain, scéal a dtugann sí “An Droch-Shaoghal” air. “Luigh an ocras go mór ar na daoine bochta,” a scríobhann sí. “Bhí na feirmeoirí ana-chruaidh orthu mar ní chabhraídís leo. Is minic a chuaigh na daoine bochta san oíche go dtí gort na bhfeirmeoirí agus gur ghoideadar na tornapaí.”
Ach is iad na tuairiscí a foilsíodh i nuachtáin an ama atá faoi chaibidil ag an Dr Michael Foley ina leabhar Death in Every Paragraph: Journalism & The Great Irish Famine (Cló Ollscoile Chorcaí). Deir sé gur tharraing tuairiscí agus scéalta na n-iriseoirí Éireannacha ag an am aird an domhain ar an nGorta.
Cuireann sé síos ar chíréibeacha a tharla i nDún Garbhán sa bhliain 1847 mar shampla d’iriseoireacht an ama.
Is léir gur bhailigh oibrithe bochta ina sluaite ag iarraidh stop a chur leis na giúistísí agus na huaisle, agus mar a leantar sa tuairisc san Cork Examiner ón am: "The riotous conduct of those assembled created considerable alarm, and the majority of the shops were closed during the day. The magistrates ordered out the military and police, but they were hooted and pelted with stones."
Ní dhéanann sé tagairt do Mháire Ní Dhruma, bean Déiseach as Baile na nGall sa Rinn, a chum amhrán faoin Ghorta, Na Prátaí Dubha, ina gcuireann sí síos go mion ar fhulaingt na ndaoine. Cuireann sí an milleán go neamheaglach ar lucht an rachmais agus cáineann sí go neamhbhalbh córas Thithe na mBocht.
Tá sé ráite nár thaitin an t-amhrán leis an gcléir de dheasca na dtuairimí agóideacha seo. Sa chéad véarsa seo a deir sí: “Is iad na prátaí dubha a dhein ár gcomharsana do scaipeadh orainn/do chuir in san poorhouse iad ’s anonn thar na farraigí/I Reilig an tSléibhe atá na céadta acu treascartha/Is uaisle na bhflaitheas go ngabhair a bpáirt.”
Ní haon ionadh a léamh sa leabhar eile a d'fhoilsigh Cló Ollscoile Chorcaí an mhí seo, I mBéal an Bháis: The Great Famine and the Language Shift in Nineteenth-Century Ireland leis an Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh, gur lean titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna blianta i ndiaidh an Ghorta.
Ach amháin, mar a deir sé, in “a cluster of enclaves holding out against all the odds”.