Beocheist: Níorbh fhéidir áibhéil a dhéanamh ar an mbacainn teanga, is é sin, na deacrachtaí a chothaítear nuair nach mbíonn aon tuiscint ag duine ar theanga na tíre ina bhfuil sé.
An chéad rud a cheannaigh mé dom féin agus an Pholainn bainte amach agam ag Deireadh Fómhair 2003 ná bainne géar. Ar ndóigh, ní d'aon ghnó a rinne mé é sin. Shíl mé gur cartán mór íogairt bhreá Pholannaigh a bhí á fháil agam.
Pé rabharta cainte a chuir an freastalaí siopa aisti nó pé strainc a chuir sí uirthi féin, níor bhain mé ach aon chiall amháin as: ba rud fíor-neamhghnách le Polannaigh é bualadh isteach chuig siopa is gan ach cartán íogairt a cheannach, pé téagartha an cartán é. Níorbh fhada, áfach, gur cuireadh ar mo shúile dom nach raibh aon bhunús le mo chuid anailíse socheolaíche-cultúrtha. Ba léir do bhean chainteach an tsiopa gurbh eachtrannach mé nach raibh aon thuairim cad a bhí á thabhairt abhaile agam is gan í ach ag iarraidh comhairle a thabhairt.
Roinnt míonna ina dhiaidh sin tháinig stróiceadh i gceann de mo bhrístí. Is rudaí iad an tsnáthaid is an snáth fuála nár tháinig mé istigh orthu go fóill agus níorbh fhéidir dom dul i muinín lámh chúntach mo mháthar agus mé in oirthear na Polainne.
Mar sin thug mé bóthar chun an táilliúra orm féin. Shiúil mé suas síos cosáin lár na cathrach Lublin go dtí gur tháinig mé ar theach gnó a raibh an focal Polannach tapicer greamaithe den bhalla os cionn an dorais. Ba in íoslach foirgnimh a bhí an siopa seo suite. Seachnóin na Polainne is féidir teacht ar thithe tábhairne agus siopaí de gach uile shaghas a bhfuil íoslaigh mar shuíomh acu.
Síos na céimeanna liom agus thug spléachadh timpeall ar an áit. Bhí an méid sin stuif sactha isteach sa seomra faoi thalamh seo go ndéarfá ar an gcéadfhéachaint nárbh fhéidir dul isteach in aon chor. Seanfhrámaí leapa, ceann os cionn a chéile, caite i gcúinne amháin. Cathaoireacha briste is toilg roiste i gcúinne eile. Ba dhóigh leat nárbh áit oibre í seo in aon chor ach láithreán fuílligh.
Ach laistiar de charn amháin rinne mé amach inneall fuála is bhí mé sásta go raibh mé tar éis teacht ar shiopa táilliúra. Anonn liom i leith an innill fhuála mar sin, mo bhealach á dhéanamh agam go néata le nach ndéanfadh na cosa leapa a bhí ag gobadh amach stróiceadh eile a bhaint as mo chuid éadaí.
Gar don trealamh fuála bhí fear meánaosta a raibh seanéadaí is cuma chneasta air. Toisc gan ach smeadar Polainnise bheith agam thóg mé mo bhríste as mo mhála is thaispeáin mé an stróiceadh don táilliúir gan focal a rá.
D'fhéach an táilliúir orm go hamhrasach is dúirt rud éigin nach raibh mé in ann aon chiall a bhaint as. Ar thuiscint dó nach raibh tuiscint agam ar a raibh á rá aige chuir sé aoibh an gháire air féin is thug faoin obair deisithe.
Ba bheag beann a bhí an tapicer seo ar an mbacainn teanga. Lean sé air ag caint is ag cur ceisteanna, ba chuma leis nár fhéad mé freagraí a thabhairt. An t-aon rud a thuig mé ná gur spéis leis cén tír dhúchais a bhí agam. Nuair a luaigh mé Éire tháinig sceitimíní air is rinne sé an rud céanna a rá arís is arís eile. Sa deireadh thiar thall léim sé de phreab as a chathaoir is leag a mhéar ar ábhar a raibh an dath dearg air. Chroith mé mo cheann le cur in iúl go raibh an ceart aige, go mbíonn gruaig rua ar dhaoine in Éirinn.
Caithfidh go ndearna cuairt ó eachtrannach intinn an táilliúra a tharraingt ón obair a bhí idir lámha aige. Agus mo bhall éadaigh á thabhairt dom aige chonaic sé gur dhearmad sé an bríste a iompú taobh tuathail amach. Mar sin rinne sé an snáth fuála a stróiceadh amach is an jab a thosú arís.
Agus mo bhríste deisithe á thástáil agam sa bhaile níorbh fhéidir gan tabhairt faoi deara go raibh cos an bhríste a bhí deisithe píosa maith níos giorra ná an chos eile. Níor maolaíodh ar an drochmheas a bhí agam ar tháilliúirí na Polainne go dtí an samhradh seo caite. Agus mise agus beirt chairde ag gabháil thar an siopa inar loiteadh mo bhríste mhínigh mé mo scéal léin dóibh. Rinne siad gáire is dúirt "ach is é is brí le tapicer ná cumhdaitheoir troscáin".