IS CEIST choigilteach go maith í cúrsaí aistriúcháin agus scríbhneoireacht na Gaeilge, ceist atá pléite go minic ó thosaigh an Gúm ar leabhair Bhéarla a aistriú sna 1920í, scéim a thug ábhar do scríbhneoirí gearán (agus cúpla punt) a dhéanamh.
Níl an fíoch céanna sa chaint le fada ach beidh ceisteanna i gcónaí ann faoi fhiúntas leabhar (nó dráma) Éireannach a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge in áit seans a thabhairt d’údar Gaeilge saothar a chumadh as an nua.
Mar sin féin, bheadh sé faillíoch gan aird a tharraingt ar aistriúchán Mháire Nic Mhaoláin ar leabhar clúiteach Marita Conlon-McKenna faoin Ghorta Mór, Faoin Sceach Gheal (nó Under The Hawthorn Tree mar atá air i mBéarla) agus eagrán nua Gaeilge le léaráidí ar fáil arís ó O’Brien Press, €7.99.
Aistritheoir den scoth í Nic Mhaoláin agus is iontach agus is filiúnta mar a théann sí i bun oibre.
Oiread céanna leis an aistriúchán a rinne sí ar Harry Potter – leabhar nach léifinn murach an t-aistriúchán – tá a cuid buanna ar fad le feiceáil i saothar seo Conlon-McKenna, an abairt ghnta, an nath dúchasach ach é uilig scríofa ar dhóigh nach gcuirfí ag tumadh i dtreo an fhoclóra thú:
“Faoi mhaidin bhí cos Mhichíl ata, agus ní thiocfadh leis a ghlúin a lúbadh. Ní mór an dul chun cinn a dhéanfaidís agus ciotaí mar sin orthu. Ach streachtail sé ar aghaidh míle nó mar sin. Ansin thiontaigh Dia an t-ádh leo agus gan súil ar bith acu leis...”
Cad é an tslat tomhais a bhíonn in úsáid le saothar a mheas?
Fiúntas an ábhair agus éifeacht na teanga?
Tá an dá thréith sin san aistriúchán seo.