Seicteachas

CROBHINGNE: NÍOR THAITNIGH an focal “seicteachas” riamh liom maidir leis an aighneas stairiúil i dTuaisceart Éireann

CROBHINGNE:NÍOR THAITNIGH an focal "seicteachas" riamh liom maidir leis an aighneas stairiúil i dTuaisceart Éireann. Tugann le fios gur dream beag bídeach gach taobh a shocraíonn polasaithe i seomraí dorcha i bhfad ó radharc an tslua.

Is fíor go bhfuil daoine san fhíorEaglais Rómhánach Chaitliceach a ghabhann i mbun scéiméireachta i bpluaiseanna dá gcuid féin, agus dream trasna uathu sna heaglaisí earráideacha a scoilt an Fhírinne nach bhfeiceann solas an lae ach amháin i rith mhí Iúil, ach ní chucu siúd mé.

Ní móide gur féidir “seict” a thabhairt ar mhuintir na heaglaise Caitlicí, nó neachtar acu, ar an manglam mór de ghrúpaí scaipthe fissipiriúla a bhfuil na heaglaisí saghas leasaithe orthu.

Ach b’é an seicteachas seo a tugadh mar bhunábhar agus mar bhonntuisme na coimhlinte sna sé chontae Uladh úd nach bhfuil an euro fós acu. Is é an focal sin a úsáidtear chun tráchta a dhéanamh ar an deighilt bhuan dhomhain siar amach i bhfad síos atá i gcúrsaí spóirt in Ultaibh úd an neamheuro.

READ MORE

Ceart go leor, agus tá’s agam, agus ná léim ar an idirlíon ná ar an teileafón d’fhonn a rá go bhfuil eolas rúnda éigin agat um phrotastúnach éigin atá ag slaiseadh an chamáin i mBun Damháin Alla, ná peileadóir na coise clé a imríonn ar an eite dheis d’fhoirinn éigin i sléibhte an Dúin nár bhuaigh faic le cuimhne na gcat gCeilteach. Tá’s againn go bhfuil a leithéid ann, chomh siúráilte is atá neantóga i ngairdíní Diarmuid Gavin.

Agus tá’s againn chomh maith céanna, sea, sea, sea, gur féidir gur imir Pápairí d’fhoirinn rugbaí Uladh, agus go fiú, b’fhéidir, ní bheadh a fhios agat, n’fheadar aon duine, don fhoirinn haca. Ach aon duine a cheapann nach comhartha céannachta agus dílseachta é an spórt soir ó thuaidh ní foláir nó tá sé chomh tiubh le heacnamaí.

Dá réir sin, níorbh aon timpist é gur roghnaigh James McClean a bhróga a chaitheamh isteach le caid na Poblachta bíodh gur rugadh agus gur tógadh i nDoire é, agus gur imir sé don stáitín eile don fhoirinn faoi bhliain is fiche. Ní de thimpist é go bhfuil foireann sacair Dhoire ag imirt i Léig na Poblachta; agus ní de thimpist é gur éirigh Neil Lennon as a bheith ag imirt don stáitín céanna in ainneoin go raibh sé tráth ina chaptaen ar an bhfoirinn chéanna.

Is feidir leis an rugbaí balsam na meánaicme a smearadh go smaoiseach thar an scoiltghleann náisiúnta; agus is róchuma leis an mórshlua faoin dornálaíocht, bíodh is gurb aontaithe thuaidh is theas iad agus gurb iad is fearr a dhéanfaidh an bheart dúinn sna cluichí Oilimpeacha.

Ach is é an sacar an cluiche par excellence a thugann caoi thar barr amach dá lucht leanúna an fíoch ina gcroí a scaoileadh, a idirnáisiúnta is atá. “Cogadh ar shlí eile” adúirt an fear thall leis an bpeil seo, agus bheadh go maith dá bhfanfadh ar pháirc na himeartha amháin, seachas ar pháirc an áir.

Féach, táimse chomh binbeach leis an dara duine, ní hea, níos measa fós, nuair a fheicim geansaithe urlacandúisithe smugadhaite Chiarraí i ngaobhar dom, agus tá baol ar gach cat sa dúiche nuair a nochtann na stríocaí puchalofa úd Chaill Chainnigh im radharc.

Ach ní chuimhneoinn riamh, ceapaim, ar dhochar a dhéanamh do dhuine ar bith, is dóigh liom, dá lucht leanúna, go fiú i lár na hoíche tar éis drochthaibhrimh agus gan mo chuid paidreacha ráite agam.

Nó le buidéal briste im ghlaic, agus nimh air, agus iad sínte le hól os mo chomhair ar phábháil na sráide agus mo sheans mór agam.

D’admhóinn – le holc im chroí – gur fearr iad (faoi láthair, agus go sealadach), agus dhéanfainn iarracht ligean orm nach raibh spící nimhe im ae istigh dóibh. Is cinnte nach gcuirfinn buamalitir go dtí Cody ná go dtí Jack O’Connor.

Ach polaitíocht is ea na cluichí ó thuaidh, nuair nach bhfuil iontu ó dheas ach fuath bríomhar an Domhnaigh.

Is é oighear an scéil é gur rud dearfach an “seicteachas” seo i gcúrsaí sacair ó thuaidh. Tugann sé caoi do chosphobal an Aontaithe leis an mBanríocht a bheith ag liúirigh is ag mallachtú gan a bheith ag ligean orthu go gcaitheann siad a bheith deas leis an gcuid eile; thig leo a racht a scaoileadh go horáistechroíach agus nuair a chailleann siad cluiche arís, a ngol taithíoch go fuíoch a dhéanamh leo féin.

Tugann caoi don chuid eile a bheith ag liúirigh agus ag beannú ar son na Poblachta gan aon mhothú ciontachta, sa mhéid is gur fiú é sin a dhéanamh go dtí go dtiteann siad ar lár gan ach cúpla cúl ámharach a fháil de thimpiste ghlanseansúil...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar