An Peann Coitianta: Tugann an suantraí cuireadh isteach dom mar éisteoir pribhléideach i gcaidreamh príobháideach, idir naíonán agus máthair. Uain suain ón saol amuigh í.
Cloisim ann an cliabhán á luascadh, an naíonán ar diúl. Fuaimeanna agus foghair bhoga lán de lacht grámhar. Tá gníomh an chothaithe féin sna fuaimeanna, agus an saol lasmuigh de dhoras an tí á shniogadh trí na focail agus na fuaimeanna. Tá an téarma 'sniog-chupa' i gcúrsaí talmhaíochta, mias chun an chéad bhainne a thál ón mbó nó ón ngabhar agus é a thástáil, féachaint is dócha an bhfuil aon salachar nó fuil tríd. Saghas sniog-chupaí lán de bhrothall iad na suantraithe, blaiseadh beag i bhfocail de dhiúl na cíche. Cuireann siad an saol amuigh, ó dhoras, agus an saol ón ndoras isteach i rann ceolmhar. Ruaigeann siad an t-eagla, an badhbh, an bogeyman. Tá an chuid is liteartha díobh, ag Máire Bhuí Ní Laoghaire, lán de phearsana namhadmhara agus d'fhathaigh á gcloí, an tAmadán Mór lena sciath agus a chlogad, agus Jáson lena lomradh óir.
Ina chnuasach Cniogaide Cnagaide (An Clóchomhar) ag N.J.A. Williams, tá rannóg ar leith suantraithe aige, agus in uimhir 60, is léir go bhfuil leanbh á chothú ar an gcích:
Ó, cé hé seo atá ina luí
Chomh sámh ag doras beag mo chroí?
Aniar anoir tig scáil na hoíche
Go luafar is go ciúin ó;
Seó sín seó, hó-ó-ó,
Lú lú ló, ú-ó.
Is é mo mhíle míle grá,
Mo chuid den saol is mo leanbh lách;
Nach aoibhinn é, m'anam ag fás,
Mo stóirín is mo rún ó?
Seó sín seó, hó-ó-ó,
Lú lú ló, ú-ó.
Ó Dhrom 'á Liag i gContae Chorcaí é. Pé ceol breise a bhí leis, ní féidir ach é a athshamhlú nó é a athchruthú anois. Cuid den áilneacht dhlúth a bhaineann leis an suantraí áirithe sin, ná an ciúineas saor ó thranglam a bhaineann leis. An clapsholas nó an oíche mar chúlbhrat. Cuid mhór eile den suantraí trí chéile, na bunfhuaimeanna atá mar bhunsraith i dteanga ar bith a bheith á gcúrsáil mar fhocail: huis-ó-ín, huis-ó-ín; habhá mo leanbh; habháín-ó; hoiseó, hoisiú; hiosaí, hiosó. Agus brí focal á chur as a riocht ar gach slí, nó iad a bheith á stealladh gan aon bhrí, is geall le faoiseamh iomlán é éisteacht le fuaimeanna a bhfuil de bhrí leo leanbh a chur ina thost. Suantraí ó Oileán Reachlainne, a bhfuil cló na "gnáth-Ghaeilge" curtha air atá in 61:
Ná na bláthanna is áille
Atá ag fás sa bhlár,
Tá an bláth ab fhearr liom
Sa chliabhán ar an gclár;
Cosúil leis an sabhaircín
Roimh dhubhú na hoíche
Dhún mé le luascadh
Súile mo lao.
Mar is dual do Mháire Bhuí, ní ligeann sí an suantraí féin thairsti gan lasc dá fíoch a bhualadh ar bhuíon na mbolg mór - bí ag caint ar é thabhairt don leanbh ón gcích!
Ná goil a thuilleadh agus ná feicim do dheoir,
Mar beid siúd scriosta shar a dtigidh an fómhar;
Beidh a súile ag sileadh agus briste ar a nglór,
Is a gcóistí againne 'na ngliugaram spóirt.
Nascann sí a cuid tagairtí clasaiceacha le saol a tíre agus a dúthaí féin, í lán d'íomhánna ábhartha, nithiúla:
Gheobhaidh tú Béarra chun éisc ar bord,
Agus gheobhair an margadh leathan fí fheoil,
Gheobhair na cuanta fí bhádaibh seoil,
Agus gheobhair Uíbh Laoghaire chun sméar is cnó.
De thoradh amhránaíocht Pheadair Uí Cheannabháin, tá ceol againn do rann as Conamara, uimhir 52 anseo. Tá cáilíocht bhríomhar, éadrom ag baint leis an Rógaire Dubh: "Tá napcín póca ag an Rógaire Dubh."
Ceann de na suantraithe is deise ar fad dá bhfuil ann, is é "Deirín dé" é. Is é 64 i Cniogaide Cnagaide, agus é i gcló cheana in An Duanaire.
Deirín de, deirín dé,
Tá nead smólaí i mo chóifrín féin;
Deirín dé, deirín dé,
Tá, agus ór do mo stóirín féin.
Is é 'Tá' úd an dearbhaithe a dheineann geallúint chomh sochreidte, leanbaí, sin den iomlán. Más é an bunús atá leis an suantraí ná an dubh a chur ina gheal orainn, agus an fhuarchúis dá réir sin a chur ar gcúl tamall, is in áit éigin in íochtar an bhoilg a éiríonn leis a leithéid a dhéanamh.
An áit úd, i gcaidreamh grámhar, a chuireann ár n-anamacha ag fás.