Slánaítear Comhar do ghlúin nua

Tuarascáil/Liam Mac Amhlaigh: Ar leathanaigh an nuachtáin seo an tseachtain seo caite, pléadh cás na hirise Comhar. …

Tuarascáil/Liam Mac Amhlaigh:Ar leathanaigh an nuachtáin seo an tseachtain seo caite, pléadh cás na hirise Comhar. In alt fíorshuimiúil ag iar-eagarthóir agus iar-chathaoirleach Comhar, Caoilfhionn Nic Pháidín, "Slán le Comhar na bhfocal calma", rinneadh an-chur síos ar stair agus ar shuíomh an fhoilseacháin seo ón uair ar bunaíodh é go dtí an cinneadh a rinne Foras na Gaeilge i Meán Fómhair 2007 gan aon deontas d'iris mhíosúil a bhronnadh go fóill ar eagraíocht ar bith sa bhliain 2008.

Dóibh siúd a bhí ag plé le Comhar nó aon duine a léigh é san achar sin ó 1942, tá mórán le foghlaim ón alt agus níl aon amhras go léirítear na buaicphointí a bhain leis an iris móide laigí áirithe a chuir isteach ar an eagraíocht i gcónaí agus a tháinig chun cinn arís le deireanas.

Is deacair an ní é san 21ú haois eagraíocht dheonach a spreagadh in Éirinn, gan trácht ar a leithéid atá ag brath ar mhionlach beag sa tsochaí - dóibh siúd le Gaeilge líofa a chuireann spéis i gcúrsaí reatha agus i litríocht.

Ag am seimineár bliantúil Léachtaí Cholm Cille sa bhliain 1998, tugadh caint a bhain le stair na hirise Comhar ó 1942 go 1992. Dhírigh an chaint ar a oiriúnaí agus a bhí an iris le slat tomhais a chur ar fáil de shaol agus de chultúr na hÉireann sna blianta sin.

READ MORE

Léiríodh cé chomh héifeachtach is a bhí an iris mar léiriú ar shaol a linne. Bíodh is gur tugadh agus go dtugtar fós an-aird ar chúrsaí reatha san iris, bhí roinnt aidhmeanna éagsúla ag Comhar, gan aon cheann a bheith níos lárnaí ná "ardán liteartha (ar chur ar fáil) do chách go mórmhor scríbhneoirí óga".

In aiste a scríobh Tomás Ó Floinn sa leabhar, An Comhchaidreamh - Crann a chraobhaigh, sa bhliain 1985, tugadh cur síos an-mhaith ar ról na léirmheastóireachta in Comhar. Bhí an dearcadh aige gur bheag an léirmheastóireacht i nGaeilge a deineadh ar nua-litríocht na Gaeilge sular tháinig Comhar ar an saol agus gur dhírigh léirmheastóireacht i nGaeilge ar fhilíocht sa 17ú agus 18ú haois ach go háirithe.

Ní raibh mórán le léirmheas a dhéanamh air, ag cur saothar shean-Phádraig Uí Chonaire agus Phádraig Mhic Phiarais as an áireamh, ní mórán a d'fhéadfaí a áireamh mar litríocht nó a raibh an fiúntas leo léirmheas a dhéanamh orthu. Saolaíodh Comhar ag am a raibh na scríbhneoirí nua cruthaitheacha a luaigh Nic Pháidín ag teacht faoi bhláth sna 1940í. Dá bhrí sin, ba áit chiallmhar a bhí san iris le machnamh a dhéanamh ar fhiúntas an tsaothair a bhí á chruthú acu.

Is géire tuiscint agus macántacht sa léirmheastóireacht ar scríbhneoirí an lae inniu atá de dhíth in aon iris liteartha. Is radharc leathan oibiachtúil ar chúrsaí reatha, go mór mór cúrsaí le héifeacht ar an nGaeilge, atá ag teastáil in aon iris reatha Ghaeilge.

Spreagann iris scríbhneoireacht den chineál sin bheith ar fáil agus spreagtar an léirmheastóireacht agus an chritic nuair a bhíonn mianach na scríbhneoireachta tagtha chun cinn go leibhéal suntasach.

Bhí níos mó ná na nithe sin thuas de dhíth riamh ar Comhar; luaitear teideal na hirise agus na heagraíochta agus is ann atá an draíocht: grúpa nó meitheal ag obair le chéile le táirge a chur ar an láthair agus le glúin eile a spreagadh chun a leithéid a dhéanamh athuair amach seo.

Má chailltear mothú obair na foirne nó fuinneamh na hóige ag aon tréimhse, caillfear Comhar. Tharla sé cuid mhaith uaireanta le 50 bliain anuas gur cailleadh na nithe seo go gearrthéarmach ach shlánaigh an meas a bhí ag pobal na Gaeilge ar Comhar, agus an dílseacht a bhí acu dó, an iris gach uair.

Sa ré nua-aimseartha, teicneolaíochta seo, tá Comhar ar cheann de na hainmneacha branda is fearr atá fós ar fáil i margadh na Gaeilge é (bíodh is gur leasc liom 'ainmneacha branda' a lua ar chor ar bith).

Is cinnte nach bhfuil an iris tar éis a bheith sásúil go leor le tamall de bhlianta agus níor tharla diananailís chórasach leis sin a chur ina cheart. Chomh maith leis sin, bhí an beagán de bhainistíocht san eagraíocht faoi bhrú ag an iomarca cúraimí dóibh.

Ní thógfainn ar Fhoras na Gaeilge an cinneadh a rinne siad i leith dháileadh an deontais. Ar ndóigh, ciallaíonn an cinneadh sin go gcailleann an eagraíocht a bunfhoinse maoinithe don iris, lasmuigh de shíntiúis.

Ach ag an am céanna, murach cinní den tsórt sin, ní féidir feabhas a chur ar tháirgí ná fadhbanna seanbhunaithe a réiteach. Is cinnte, áfach, go mbeidh comhoibriú an Fhorais agus a gcomhaltaí nuacheaptha de dhíth amach anseo fós chun an Comhar is sásúla agus is láidre a chur ar díol sna siopaí.

Ach thar aon ní eile, chun Comhar a shlánú, táthar ag brath ar ghlúin nua scríbhneoirí, criticeoirí agus iriseoirí a chuirfidh ábhar léitheoireachta, lón intinne, ar fáil do phobal Gaeilge líofa. Tá an bunús sin le fáil san earnáil tríú leibhéal, creidim, agus leis an mbainistíocht agus an nuálaíocht cheart, is féidir díolaíocht a ardú agus foilseachán cumasach a chruthú arís.

Tá ábhar dóchais ar fáil. Tá ochtar ag teacht le chéile sa bhliain úr seo le cúrsaí na cuideachta a phlé agus le todhchaí a mheas agus a chur ar fáil di sna blianta amach anseo.

Grúpa cumasach is ea é agus áirítear ann: Anna Davitt, stiúrthóir Chomhar na Múinteóirí Gaeilge; Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach, An Foras Pátrúnachta; Paula Slattery, iarthaidhleoir sinsearach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; Mícheál Ó Ruairc, file agus scríbhneoir; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Ríona Nic Congáil, Cathaoirleach, Scríbhneoirí Óga na Gaeilge; Trevor Ó Lachtnáin, abhcóide agus Uaitéar Ó Ciaruáin, iar-rúnaí cúnta i Roinn an Taoisigh (duine dóibh siúd a bhunaigh Comhar Teoranta sa bhliain 1973).

Tá moladh ag dul dóibh siúd glacadh leis an dúshlán seo sa ghearrthéarma agus don mhéid sa chuideachta atá ina gcomhaltaí le tamall fada de bhlianta, a spreag an próiseas teacht ar an ngrúpa seo thuas sna míonna deireanacha den bhliain 2007. Murach iad ní bheadh dóchas ann anois.

Is fiú caillteanas cinnte amháin a lua le Comhar sa bhliain 2008. Ní iris amháin atá san eagraíocht. Aon fhoghlaimeoir atá tar éis teanga na Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú sna blianta beaga deireanacha anuas, táim cinnte gur aithin siad an soláthar breá ábhar léitheoireachta a chuir agus a chuireann Comhar ar fáil d'fhoghlaimeoirí fásta na teanga. Is í Máiréad Ní Chinnéide a bhí ag obair go deonach agus go dílis ar na tograí seo agus tá sí tar éis éirí as an ról mar Eagarthóir na Leabhar. Is fiú do phobal léitheoireachta na Gaeilge ardmholadh a thabhairt di agus na scríbhneoirí a mheall sí as leabhair chomh slachtmhar sin a chruthú i gcuid den mhargadh nach raibh freastal déanta air roimhe seo.

Tháinig agus tiocfaidh cuid mhaith, idir léitheoirí agus eagarthóirí, agus d'imigh agus imeoidh cuid mhaith eile agus maireann an iris Comhar fós. Níor sháraigh Comhar 65 bliain le go dtiocfadh sé chun críche anois agus bíodh is go mb'fhéidir go mbeidh beagán de shos ann go dtí go bhfeicfear ar sheilf an tsiopa arís é, is cinnte go dtiocfaidh sé ar ais le neart agus beogacht in oiriúint don ré reatha chomhaimseartha.

Go leanaimis á léamh!

  • Is comhalta reatha cuideachta de Comhar é Liam Mac Amhlaigh agus iarbhall dá Bhord Stiúrtha. É ag labhairt as a stuaim féin sa phíosa seo. Tá sé ina Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel i mBaile Átha Cliath.

ciallmharsensible - dúshlánchallenge - machnamhreflection - era - síntiússubscription - taidhleoirdiplomat