Tá Dónall Mac Diarmada ceaptha ina Stiúrthóir Náisiúnta ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Helen Ó Murchú ar an chéad lá de Mheán Fómhair, 2003.
Is múinteoir Gaeilge agus Staire é Mac Diarmada i mBaile Átha Cliath. Feidhmíonn sé mar Phríomhscrúdaitheoir Comhairleach don Roinn Oideachais agus tá sé ina chathaoirleach ar bhord bainistíochta gaelscoile.