Shílfeá gur beag duine a bheadh sásta a mhún féin a ól ar mhaithe le clár teilifíse.
Bhuel, cuirimis sin ar bhealach eile: is iomaí sin duine a bheadh sásta a leithéid a dhéanamh le clú ceathrú uaire a bhaint amach dóibh féin ach is beag Gaeilgeoir a dhéanfadh a leithéid? Ní fíor ar fad.
Tugann an láithreoir teilifíse agus taistealaí, Manchán Magan, le fios ina leabhar nua, Baba-ji agus TnaG: seachrán san India (Coiscéim, €7.50) go raibh sé ag iarraidh a mhún a ól ar son na cúise agus ar son TnaG mar a bhí. Bhí Magan agus a dheartháir ag tabhairt faoi shraith taistil don stáisiún nuair a bunaíodh é fadó fadó.
Bhí Manchán ina chónaí ar na Himiléithe nuair a fuair a dheartháir, An Tíogar mar a thugann Manchán air sa leabhar, nuair a fuair sé coimisiún ón stáisiún nua tabhairt faoi chlár taistil. Thug an Tíogar aghaidh ar na Himiléithe agus fuair greim ar Mhanchán a bhí beo mar dhíthreabhach i measc na sléibhte.
Ní raibh spéis dá laghad ag Manchán i nithe ábhartha. A mhalairt ar fad. Bhí sé beo ar an bheagán agus é ag déanamh a anama ar an uaigneas. B'ionann a mhún a ól go laethúil agus cuid den aistear spioradálta aige.
Mar a tharla - agus ar an dea-uair - ní raibh spéis ag an Tíogar i mún a dhearthár a chur ar scáileán na nGael. Is maith go raibh ciall aige nó, mura mbeadh, gach seans go mbeadh ainm Mhancháin i mbéal an phobail mar fhear ólta múin go deo.
Léiríonn an scéal féin ceann de na deacrachtaí a bhain le go leor de chláir luatha TG4 - amaitéarachas an idéalaí. Ní raibh barúil ag ceachtar den bheirt conas tabhairt faoi chlár teilifíse ná taithí acu ar an mheán. Fuair an Tíogar ceamara agus d'fheidhmigh sé mar fhear fuaime, stiúrthóir agus léiritheoir. Faoi Mhanchán a bhí sé an cur i láthair a dhéanamh.
Agus tú ag léamh a chuntais siúd, tuigeann tú níos fearr ná riamh nádúr ad hoc an stáisiúin sna laethanta luatha. Ba thábhachtaí clár de chineál éigin a dhéanamh ná caighdeán an chláir. D'oil comhlachtaí nua iad féin agus iad i mbun ceamara. Ba iad sans culottes iad; daonlathaithe nua a rinne neamhiontas iomlán de shainscileanna seanbhunaithe RTÉ - agus a rian sin le feiceáil ar an ábhar a chuir siad roimh an phobal.
Scéal aon chomhlachta - más comhlacht a bhí ann - a insíonn Manchán. D'fhoghlaim a dheartháir conas ceamara a úsáid agus suíomh a mheas de réir mar a thaistil sé san Ind. D'fhoghlaim Manchán conas clár a chur i láthair agus é ag caint os comhair an cheamara chéanna. Is é an t-iontas é gur tháinig siad slán as an chineál sin taithí - ach tháinig.
Insíonn Manchán scéal eile fosta, a scéal féin. Dírbheathaisnéis do ghlúin na teilifíse atá ina leabhar ar bhealach. Tá, cinnte, scéal an láithreora ann ach níl sa tsraith taistil ach cúlra; is é an duine atá i mbun an aistir an chuid is riachtanaí den scéal.
Ní luíonn an leabhar go réidh le canóin na ndírbheathaisnéisí traidisiúnta. Ní haon Pheig nó Mháire é Manchán. Ní hionann a theanga agus a dteanga mar ní hionann a ré. Maireann meascra bhocht de roghanna gramadaí ina chuid scríbhneoireachta - agus ní mar cháineadh ardnósach a scríobhaim sin ach mar chur síos agus aitheantas ar an teanga atá ar an leathanach.
Tá an teanga chlasaiceach chomhaimseartha ar shlí na fírinne, is é sin, canúint ghlan Ghaelach 1930í agus 1940í an 20ú haois a bhí mar dhúshraith ag an litríocht. Agus tá ní eile imithe leis - cumha i ndiaidh na seanlaethanta. Bhí Manchán chomh bocht le Gaeilgeoir bocht traidisiúnta ar bith nuair a thug sé faoin chlár. Ach bhí bua amháin aige nach raibh ag na glúnta eile de scríbhneoirí béalchliste - dóchas as an saol iontach a bhí thart air; a bhuíochas sin ar TG4.