AN TÉAMA “An Ghaeilge – Bás nó Beatha?” a bhí faoi chaibidil ag painéal cainteoirí (an t-iriseoir seo san áireamh) ar Éigse Theilinn, Co Dhún na nGall, ag an deireadh seachtaine.
Dúirt duine d’eagraí na hócáide, Méabh Mhic Gairbheith, gur thug an éigse “léargas” ar chúrsaí teanga sa lá atá inniu do phobal an cheantair: “Chuala daoine rudaí nach raibh siad ag iarraidh a chluinstin, b’fhéidir.”
Ba léir, a dúirt sí, go raibh “todhchaí na Gaeltachta i mbaol” ach go raibh “tuar dóchais” ann go fóill.
Bhí slánú na Gaeltachta ag brath ar phobal na Gaeltachta agus bheadh sí i gcontúirt “mura ndéanann muid a bhfuil cónaí orainn inti rud inteacht faoi”.
Bhí rún ag an choiste forbartha áitiúil leanstan ag aghaidh leis an éigse nó chuir sé an pobal ar an eolas faoina raibh ar siúl.
Léirigh roinnt daoine sa lucht éisteachta imní le linn díospóireachta oíche Shathairn go raibh mórán tuismitheoirí sa Ghaeltacht ag tógáil a gcuid páistí le Béarla agus nach raibh siad ag caint Gaeilge leo ar chor ar bith.
Bhí an lámh in uachtar ag an Bhéarla i gclós na scoile, fiú sna ceantair ba láidre Ghaeltachta. Moladh gur cheart cur ina luí ar thuismitheoirí “rogha na Gaeilge” a dhéanamh.
DÚIRT príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, le linn na héigse go raibh “feabhas as cuimse tagtha ar an soláthar oideachais ar gach leibhéal, ón ionad leanaí go dtí an leibhéal ollscoile agus gur ghá ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge bheith ar fáil mar ghnáthnós”.
Bhí beartas don óige de dhíth go práinneach le gairmthreoir a léireodh na deiseanna oibre a bhain leis an teanga agus ba chóir forbairt sa bhreis a dhéanamh ar chúrsaí tríú leibhéal sa Ghaeltacht.
Chreid sé go raibh sé riachtanach an teanga “a choimeád ar an gclár maidir leis an dioscúrsa poiblí. Ní dhéanfadh sé cúis go mbeadh an Ghaeilge ina teanga mhionlaigh agus go mbeadh an mórphobal aineolach uirthi.
“Is í an teanga náisiúnta í; uaireanta, bíonn daoine cinicúil faoin stádas seo ach tá an stádas ina bunchloch do sheasamh na Gaeilge i ngach réimse den saol poiblí”.
Ba é a bharúil gur “ar bhonn gréasán a mhairfidh an Ghaeilge ach fad is atá bunús pobail Ghaeltachta ann, is cóir gach ní gur féidir a dhéanamh chun é a thabhairt slán”.