Ní mian liom paidir chapaill a dhéanamh de chás na turasóireachta agus cúrsaí Gaeilge ach tharla go bhfuair mé deis cuairt a thabhairt ar Leodhas, oileán in Inse Gall in Albain - nó Na hOileáin Thiar más fearr leat.
Níl an t-oileán rómhór agus is é an ceann is faide ó thuaidh é in Inse Gall. Labhartar Gàidhlig ann go fóill agus b'ábhar iontais dom casadh chomh minic sin ar dhaoine le Gàidhlig sna tograí beaga turasóireachta.
De thaisme a fuair mé amach go raibh Gàidhlig acu agus de thaisme a fuair siadsan amach go raibh Gaeilge agamsa. Níorbh fhada, ámh, go raibh muid ag malartú scéalta faoi chás na dteangacha - gnás na nGael, gan amhras. Ó tharla spéis agamsa ina dteanga, chuir sé go mór leis an turas deis a fháil labhairt leo agus éisteacht leo.
Chuirfeadh an t-oileán féin Dún na nGall nó Conamara i gcuimhe duit sna 1950í. Níl an oiread sin áiseanna turasóireachta ann agus is maith mar a fhóireann "sceirdiúil" mar chur síos ar a tírdhreach.
Níl an ceantar lofa le tithe saoire ach an oiread. Na tithe atá ann, is le muintir na háite iad agus tugtar ar an chuairteoir fanacht in óstán nó lóistín oíche agus é ar cuairt ar an oileán, gnás, is dócha a chuireann leis an eacnamaíocht nó bíonn fonn ar an chuairteoir ithe agus ól agus é ar an oileán.
Is beag a mheallfadh an tsiopadóireacht duine ar bith chun an oileáin. Is é Steòrnabhagh an baile is mó sa cheantar agus gan de dhaonra ann ach 6,000 duine, trian de dhaonra iomlán an oileáin. Ba leor uair an chloig leis an bhaile a shiúl agus cé go bhfuil bialanna deasa ann, ní bheifeá i bhfad ag ithe i ngach ceann acu.
Ach rachainn ar ais ar béal maidine dá bhfaighinn an deis. Rachainn ar ais ar son cultúir a aithním mar chuid de mo chultúr féin ach cultúr agus ceantar atá éagsúil go leor le mé a mheallfadh ar ais.
Agus muid ag caint ar cheantair Ghaeltachta bheith báite ag tithe samhraidh, turasóirí bheith ag tréigean na hÉireann mar mhaithe le tíortha eile agus na turasóirí a thagann bheith ag stopadh i mBaile Átha Cliath amháin, b'fhiú do na heagrais teanga polasaí turasóireachta a dhréachtú agus a chur os comhair lucht na turasóireachta - na turasóirí iad féin agus na daoine atá freagrach as turasóirí a thabhairt anseo.
Tá tús curtha ag Údarás na Gaeltachta leis an obair ach tá ábhar plean náisiúnta san earnáil seo ag na heagrais teanga ach cur chuige fuinniúil samhlaíoch a cheapadh.