Cá bhfuil an scríbhneoir Gaeilge, gan trácht ar an Ghaeilgeoir, nár fhulaing daorphianta amhrais roimh dhul a luí dó nuair a samhlaíodh dó gur amaideach an mhaise d'aon duine a shaol a chaitheamh le teanga a bhí i gcróilí le fada, a scríobhann Fionntán de Brún.
Is ar ghéarchéim mheitifisiciúil den chineál sin a dhíríonn Máirín Nic Eoin sa leabhar nua seo léi, Trén bhFearann Breac: an Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, ina gcuirtear promhadh ar bhundamhna litríocht na Gaeilge, idir chorp, anam agus chleiteacha, ó thús an 20ú haois anall.
Ar ndóigh, ní fhéadfá tabhairt faoi scrúdú den sórt sin gan uirlisí critice a bhfuil faobhar na freacnairce orthu agus is chuige sin a tharraingíonn Nic Eoin ar lón idirnáisiúnta an iarchoilíneachais agus ar theoiricí na síceolaíochta cultúir de réir mar is gá.
Ba é an tsamhail a thabharfá don leabhar seo ón tús an féinscrúdú agus an oilithreacht anama a rinne Seán Ó Ríordáin in Oileán agus Oileán Eile: "Ná bíodh ort aon chritheagla/Id láthair féin/Cé go loiscfidh sé id bheatha tú/ Do thusa féin." Ina dhiaidh sin, má thuigeann Nic Eoin na contúirtí agus an dúshlán a bhaineann le féinscrúdú, dála Uí Ríordáin, ní miste léi an íoróin agus an féinmhagadh bheith ina sciath chosanta aici ar an bhealach.
Ní miste filleadh ar an Ríordánach agus ar a dhán sin, Fill Arís, le tuiscint a fháil ar cheann de bhuntéamaí an leabhair seo, mar atá, tóraíocht na barántúlachta, atá "ar cheann de mhórthéamaí na litríochta agus na teoiricíochta iarchoilíní" de réir Nic Eoin. Náisiún a ndearnadh ionradh agus coilíniú orthu agus a chaill an greim a bhí acu ar a bhféiniúlacht féin, ní hiontas ar bith iad bheith in amhras go maith faoin rud a bhí nádúrtha dúchasach acu ó thús ama.
Easnamh é seo a fhágann go mbítear de shíor ag iarraidh filleadh ar an rud dúchasach go dtí gur gheall le néaróis sa deireadh é. Is cuid den nearóis chéanna é an fíor-Ghaelachas, an t-eisintiúlachas agus an róbhéim ar cheart na Gaeilge. Cé gurb iomaí buille a bualadh ar Sheán Ó Ríordáin féin de bharr an chlaonta sin chun "íonghlaineacht teanga" a bhí i dtreis i measc criticeoirí Gaeilge, thug sé féin isteach don eisintiúlachas cultúrtha nuair a ghríosaigh sé muintir na hÉireann bheith siar leis go Dún Chaoin mar a raibh, dar leis, a n-intinn féin is a gcló ceart.
Ach murar éist an Ríordánach i gcónaí leo siúd a thuig gur bhua agus fhoinse cruthaitheachta aige an talamh eadrána sin idir Galltacht agus Gaeltacht, "a chumas teanga úrnua a mhúnlú as an gcumasc ab oidhreacht iarchoilíneach aige", réitigh sé an bealach do ghlúin úr scríbhneoirí a d'aithin go bhféadfaí na teorainneacha teanga agus cultúir a threabhadh go héifeachtach.
An tuiscint seo ar bhunfhírinne an phobail mhionlaithe, "gur dual dóibh maireachtáil idir dhá chultúr, nach bhfuil de rogha acu ach an idirchultúrthacht", is ábhar do dhán le Colm Breathnach, Trén bhFearann Breac, dán óna bhfuair Nic Eoin teideal a leabhair féin.
Ar ndóigh, ní in Éirinn amháin a tuigeadh go bhféadfadh an ghéarchéim chultúrtha dul ar sochar do scríbhneoirí nó ba é an taithí chéanna a spreag scoil an iarchoilíneachais atá anois ina feiniméan domhanda.
I dtaca le cúrsaí teanga, is de dhlúth agus d'inneach na cruthaitheachta an teannas a mhaireann idir mórtheanga agus mionteanga nó mar a mhaíonn Albert Memmi, duine de ridirí móra an iarchoilíneachais: "Colonial bilingualism ... is a linguistic drama."
Ina dhiaidh sin is uile, má d'éirigh leis an aos léinn stair an choilíneachais a chur lena leas féin, níor thaise don chosmhuintir é, rud a mhíníonn Nic Eoin nuair a nochtann sí iarmhairtí coscracha na himirce dúinn. Is iomaí sin foinse eolais a chuidíonn léi san anailís sin, orthu sin taighde atá déanta ar an easláinte intinne i measc na nÉireannach a thug an bád bán go Sasana. Ach is i bhfianaise Mháirtín Uí Chadhain, in alt a foilsíodh ar an Irish Times sna 1950í, is fearr atá duibheagán na himirce le haireachtáil: "Is fada mé á thuiscint go bhfuil Éire básaithe. Ní leigheasfaidh scéimeanna sláinte rud atá fuar marbh ... Taobh thiar díom faoi scaoilteoig an dorchadais tá an corp bodhar dall. Bheadh orm filleadh ar an gcorp sin i mo chuileoig shalach."
Is i bhfaisnéis lom neamhbhalbh sin Uí Chadhain atá cuid de laigí scoil an iarchoilíneachais le mothú, nó meabhraíonn sé dúinn an meath fisiciúil réalach a tháinig ar phobal iarthar na hÉireann, go háirithe, i ré an choilíneachais agus ina dhiaidh sin i ré an iarchoilíneachais.
Mura gluaiseacht uileghabhálach í scoil an iarchoilíneachais a théann i ngleic le taithí sin an phobail a bhí faoi chois ag an choilíniú is beag éifeacht a bheas léi. Dá mhéad atá le foghlaim ó theoiriceoirí faoi "hibridiú" cultúir agus teanga, is beag an mhaith a dhéanfaidh siad don phobal iarchoilíneach mura bhfuil siad ar an iúl leo. Mar a deir Ella Shohat: "Post-colonial theory's celebration of hybridity risks an anti-essentialist condescension towards those communities obliged by circumstances to assert, for their very survival, a lost and even irretrievable past." Ní leigheas ar bith ar an choiliniú impireacht smaointeachais a bhunú in ollscoileanna an domhain ach a mhalairt, leathbhreac an choilíneachais féin.
Ceisteanna iad seo a éiríonn as an téis shaibhir théagartha atá curtha le chéile ag Nic Eoin agus is go léannta tuisceanach a chíorann sí gach ceist a chastar sa tslí uirthi. Tá sé de bhua aici gur uirlis aici an teoiric iarchoilíneach seachas foirmle nach bhfuil dul taobh anonn di.
Tá sampla againn den bhua sin sa léamh grinnslítheach ata déanta aici ar an tsraith dánta le Nuala Ní Dhomhnaill, Na Múracha a thriomaigh. Is iad na hiarrachtaí atá déanta ag na múracha "teacht i dtír" (cor cainte a bhfuil ciall fhairsing ann féin) is ábhar don fhile sna dánta seo, iarrachtaí a thabharfadh cás na ndaoine atá ar imirce in Éirinn i do cheann. Ainneoin gurb iomaí tagairt atá sna dánta seo don tráma a bhain do na múracha, aithníonn Nic Eoin go bhfágtar an tráma sin gan míniú agus ar an ábhar sin ní bhrúnn sí aon léamh do-athraithe ar na dánta cé gur léamh éirimiúil iarchoilíneach atá déanta aici orthu.
Seasann gach ceann de na naoi gcaibidil inti féin mar phlé ar ghné áirithe de bhunábhar an leabhair. Ach, os a choinne sin, leantar snáithe an mhórscéil, an díláithriú cultúir agus "dráma na teanga", ó thús deireadh. Is annamh nach mbíonn ceist an réalachais nó ceist na barántúlachta in uachtar sa phlé sin go háirithe i gcaibidlí deireanacha an leabhair áit a bpléitear ceisteanna teanga agus foirme i saothrú na litríochta Gaeilge. Ceisteanna praiticiúla iad seo go minic - cad é mar is féidir an Ghaeilge a chur i mbéal carachtar nach labhraíonn agus nach dtuigeann Gaeilge?
Is é príomhchuspóir leabhar seo Mháirín Nic Eoin dála na nualitríochta Gaeilge a scrúdú ar dhóigh a aithneoidh comhthéacs iomlán socheolaíoch teangeolaíoch na litríochta sin, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is éacht ann féin an méid sin bheith bainte amach aici. Saothar mílaoiseach é seo ina scrúdaíonn an t-údar toscaí litríocht na Gaeilge go hionraic dúshlánach paiteanta. Níl amhras ach go mbeifear ag taisteal "trén bhfearann breac" go cionn i bhfad.
Trén bhFearann Breac: an Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge le Máirín Nic Eoin. Cois Life a d'fhoilsigh; praghas €20
Léachtóir ar Ollscoil Choláiste Mhuire, Béal Feirste, é Fionntán de Brún. Seoladh cnuasach gearrscéalta leis, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín) le gairid.