Ceann de na buanna atá ag an phopchultúr nach doiligh é a athnuachan. Chuige sin, mar shampla, na leaganacha nua d’amhráin nár eisíodh ach seal beag gairid blianta ó shin.
An t-amhrán ab ansa leat sna 1990í, caithfear é a chur i láthair glúine nua anois agus casadh úr a bhaint as.
Tá an cleas céanna ar siúl sna scannáin le fada – agus tá dlús faoi le tamall de bhlianta sa seánra a bhaineann leis na sárlaochra, leithéidí, Spider-Man, Batman, Superman, Wonder Woman...
Níl sé chomh fada sin siar ó bhí mé ag amharc ar na X-Men agus Patrick Stewart agus Ian McKellen sna príomhrólanna.
James McAvoy agus Michael Fassbender – an Ciarraíoch ildánach – atá sna rólanna móra anois. Tá na leaganacha a rinne Stewart agus McKellen á ligean le sruth agus na leaganacha úra le McAvoy agus Fassbender ag athchruthú an scéil chéanna as an nua.
Fiosracht – agus mo mhac – a thug mé a fhad leis an leagan is nuaí den tsraith, X-Men: Apocalypse.
Ní chuirfidh mé mórán ama amú leis an scéal – an domhan faoi bhagairt ag ainspiorad agus an domhan le sábháil ag na X-Men.
Thairis sin, tá aisteoirí nua – agus níos óige – le cur i láthair glúine úire – glúin mo mhic.
Mar sin féin, maireann téama amháin buan – an bhéim sin ar na sóiteáin (mutants) iad féin; gur dream ar leith iad; go bhfuil géin iontu nach bhfuil i ndaoine eile; gur dream eisceachtúil iad a bhfuil cumhachtaí acu nach dtuigeann an gnáthdhuine agus cumhachtaí nach dtig leis an ghnáthphobal a cheansú.
Tá, dá réir sin, eagla ar an ghnáthdhuine rompu agus roimh na cumhachtaí céanna.
Dhá dhream sóiteán atá ann – iad sin atá faoi cheannas Magneto (Fassbender cóir) – Pádraig Mac Piarais an ghnó ar fad, an duine atá ag iarraidh ‘poblacht’ dá chuid féin a bhunú.
Ina dhiaidh sin, tá an bhuíon atá faoi cheannas Professor X (McAvoy) atá ag iarraidh comhréiteach a dhéanamh leis an phobal, gan iad a scanrú.
Is é Dubhglas de hÍde é, más mian leat.
Agus, mura leor sin, bhí, lá den saol, X-Man ann a raibh Banshee air (sea, níor thuig muintir Marvel an “bhean” sa sí) agus tá fear eile acu ann a bhfuil Cyclops air, fear na leathshúile, Balor na Súile Nimhe, más mian leat.
Sea, ar dhóigh an-aisteach, tá scéal agus miotas an Ghaeilgeora le fáil i scéal na X-Men.
Tá bua ar leith ag an X-Gael a chuireann eagla agus éad ar chuid mhór daoine fosta, is é sin, tá an dara teanga aige, teanga nach bhfuil le feiceáil ach teanga ársa dhraíochta, teanga a athraíonn an saol mór as riocht.
I mbeagnán focal, tá géin Ghaelach ann agus is í atá cumhachtach mar ghéin.
Tá orthaí ag daoine a labhrann Gaeilge; tá siad in ann an slua sí a mhealladh as na sléibhte arís: “Bhí mórán neathannaí iontacha le cluinstin ins na creagacha seo a bhfuil mé ag caint orthu...”
Na daoine a labhrann Gaeilge, tiontaíonn siad an talamh féin – ar nós Magneto – bun os cionn.
Na daoine a thugann “Éireannaigh” orthu féin ina dteanga féin, aithníonn siad iad féin mar shliocht an bhandé; mothaíonn siad Tuatha Dé Danann ag bogadh go domhain thíos faoi mhachairí na tíre; tuigeann siad gur cuid de shlabhra mhór dhaonna iad a shíneann siar na mílte bliain.
Tuigeann siad go bhfuil an stair atá acu chomh hársa sin go bhfuil cuid di caillte le himeacht ama agus gur i scéalta leathdhearmadta na miotaseolaíochta amháin a mhaireann sí.
Na daoine a labhrann Gaeilge, diúltaíonn siad do léarscáil an domhain mar atá sí agus athchruthaíonn mór-ranna as an nua.
Na daoine a labhrann Gaeilge, cluineann siad – ar nós Professor X – cluineann siad teangacha rúnda ársa eile á labhairt fud fad na cruinne; aithníonn siad a mbráithre agus a ndeirfiúracha i bhfad i gcéin; cluineann siad a gcuid cainte faoi rún.
Na daoine a labhrann Gaeilge, feiceann siad rudaí agus tuigeann siad rudaí nach dtuigeann daoine eile.
Tá fís ag daoine a labhrann Gaeilge, fís nach dtig leo a mhíniú go beacht i gcónaí ach fís mar sin féin, fís sa chéill is doimhne agus is áille agus is iontaí den fhocal.
Cá hiontas eagla bheith ar dhaoine roimh an X-Gael?
Cá hiontas go gcuirfeadh fís eagla ar an duine nach bhfuil cumas físe ann? Tuigeann tú don duine sin agus tá trua agat dó dá réir sin.
Cá hiontas go mbeadh imní agus éad ar dhaoine nach sóiteáin iad, ar dhaoine nach bhfuil acu ach teanga spadánta an choncaire?
Caithfidh sé gur uafásach an rud é a bheith gan radharc ar an saol atá taobh thiar den saol.
Is sóiteáin sinn.
Go maire an ghéin Ghaelach!