de lámhscríbhinní Gaeilge a thiomsaigh sagart radacach de chuid ré na réabhlóide, an tAthair Tomás de Bhál (1878-1956), ar na mallaibh.
Mar chuid de cheiliúradh speisialta a d’eagraigh Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, a eagraíodh an chuairt.
“An Aisling a Cumadh: 1916 agus an Éigse” ba theideal don cheiliúradh lae seo a chuimsigh ceol, cainteanna agus imeachtaí eile.
Anuas ar a bhaint le Conradh na Gaeilge agus mar bharr ar an saothrú a dhein sé mar bhailitheoir lámhscríbhinní, bhí cáil ar an Athair de Bhál agus é mar dhuine de bheirt shagart a chosain Easpag Luimnigh, an Dr Ó Duibhir, tar éis don bheirt tacú le lucht an Éirí Amach.
Is amhlaidh go raibh litir seolta ag an Ghinearál Maxwell litir chuig an Easpag ag tathaint air an bheirt a cheansú.
Bhí aithne mhór i gcontae Luimnigh ar an Athair de Bhál a chaith sealanna i bparóistí mar Chill Cuarnáin, an Fhaing agus Baile an Gharraí.
Bhí baint aige i dtreo dheireadh a shaoil le Coimisiún na Logainmneacha. “Cé nach d’aon ghnó a leagadh béim ar leith ar an Athair de Bhál,” a dúirt Ceann Roinn na Gaeilge, Máire Ní Neachtain, “tharla go raibh sé ina shnáthcheangal i gcainteanna shiompoisiam na maidne”.
Phléigh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na ceangail a bhí ann idir an ghluaiseacht nua-Ealaíne Éireannaí, glúin na réabhlóide agus gluaiseacht na Gaeilge.
Thrácht Roibeárd Ó Cathasaigh ar sheal a chaith Earnán de Blaghad i gCorca Dhuibhne idir 1913-14.
Rinne Máire Ní Neachtain plé ar na ceangail a bhí ann idir scéal an Dr Ó Duibhir agus an tAthair de Bhál agus gearrscéal de chuid Phádraic Uí Conaire, Anam an Easpaig.
Bhí an ceiliúradh mar chuid de chlár cuimsitheach atá curtha le chéile ag an choláiste chun 1916 a chomóradh.
Bhí taispeántas speisialta, atá ar iasacht ó cheannáras Chonradh na Gaeilge, ar taispeáint i bhfáiltiú an choláiste i gcaitheamh na n-imeachtaí.
Tugann an taispeántas seo eolas maidir leis an nasc idir Conradh na Gaeilge agus glúin na réabhlóide.
I gcartlann na deoise, nach bhfuil ach cúig nóiméad siúil ón choláiste, atá bailiúchán de Bhál. Tháinig saibhreas an bhailiúcháin aniar aduaidh ar chuid den slua, a léirigh suim mhór sna lámhscríbhinní.
Thapaigh siad an deis amharc a fháil ar mhórthéacsanna Gaeilge agus ábhar mar Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Tuireamh na hÉireann, Agallamh Oisín agus Phádraig agus ábhar ó fhilí na Máighe i measc a bhfuil le fáil sna lámhscribhinní éagsúla.
Chuir cuairteoirí spéis ar leith i lámhscríbhinn thoirtiúil ón tSeanghualainn.
Ag deireadh na cuairte thug an cartlannaí David Bracken ómós d’oidhreacht Ghaelach na dúiche trí Sláin le Máighe a sheinnt ar an fhidil agus an slua ag canadh ina theannta.
Tá súil aige go spreagfaidh an chuairt lucht taighde chun tarraingt ar an bhailiúchán.