An chéad lá ar scoil le Percy Péacóg agus a chairde


An bhfuil cuimhne agat ar an chéad lá ar scoil? Seans mór go bhfuil nó is lá mór inár saol é – ócáid imníoch ag go leor páistí óga. Samhlaigh sa chás go raibh tú ag dul chun na scoile agus, bhuel, eireaball agat, eireaball a tharraingíonn aird gan iarraidh ort.

Sin an scéal atá ag Percy Péacóg agus é ag triall ar scoil den chéad uair lena chomrádaithe úra: Liam Lasairéan; Lúsaí Lácha; Póilín Peileacán agus Órla Ostrais.

Cuireann an mháistreás ceist orthu faoina gcuid buanna agus tá bua ar leith ag gach aon éan acu – ach amháin Percy. Faraor, tá náire ar Phercy as an eireaball mhór dhaite atá aige: “Ach níor cheap Percy gur eireaball den chéad scoth a bhí ann. Bhí fonn air dul i bhfolach. Níor thaitin sé leis nuair a bhí gach duine ag stánadh air.” (Tuigeann muid dó; ní thaitneodh sé sin le mórán againn.)

Éan beag cúthail atá ann mar Phercy; déanann sé a dhícheall sna ranganna difriúla ar fad ach faigheann an náire an lámh in uachtar ar a chroí go minic. Bíonn sé ag iarraidh smacht a fháil ar an eireaball cheanndána sin agus é a cheilt ar gach éan eile.

READ MORE

Ach ná cuireadh sé iontas ort sa chás go raibh Percy Péacóg agus a eireaball in ann gaisce a dhéanamh agus go raibh a chairde scoile buíoch dó as an eireaball iontach sin.

Gemma Breathnach a scríobh scéal Phercy agus Tarsila Krüse a mhaisigh. Leabhar lándaite, lán gliondair atá ann agus Futa Fata a d’fhoilsigh. eolas: www.futafata.ie