An ‘groovy babóg’ ón Spidéal atá fós ar a léim lúith

Caoga bliain ó shin a thosnaigh Seán Bán Breathnach ar a cheird

Foclóir: taighde - research, leathchéad - fifty, shaothraigh - earned, lúith - vigour, bródúil - proud, díomá - disappointment, craoltóir - broadcaster.

“Taighde, taighde, taighde!” Is ar thaighde atá rath an chraoltóra bunaithe. Sin a deir Seán Bán Breathnach, duine de mhór chraoltóirí na hÉireann, agus é ag smaoineamh siar ar an leathchéad bliain atá caite aige i mbun a cheirde.

Is ar an chéad lá de mhí Aibreáin i 1969 a chraol an fear ón Spidéal a chéad chlár nuair a chuir sé Popseó na Máirte i láthair ar Raidió Éireann.

Liam Devally a thug an seans sin dó agus cé nach raibh ann ach sraith sé seachtainí ní raibh sé i bhfad sular iarradh ar ais arís é.

READ MORE

Groovy babóg

Terry Wogan a chuir a chéad chlár i láthair ar Raidió Éireann.

“Sé an intro a thug sé dom ná ‘And now, here’s the groovy babóg from Spidéal’”

Ón lá sin i leith shaothraigh Seán Bán Breathnach a bheatha ag obair ar an iliomad clár raidió agus teilifíse agus é ag plé le raon leathan ábhair ó chúrsaí ceoil go cúrsaí reatha agus spóirt.

Ar chuid de na cláracha a chuimhneoidh daoine orthu beidh Imeall, SBB ina Shuí, Eadrainn Féin, Scaoil Amach an Bobailín, Siar agus Aniar agus Spórt an tSatharn.

Is sa bhaile, le linn a óige a músclaíodh an spéis agus an grá atá aige do chúrsaí spóirt. “Bhí mo athair craiceáilte ag spóirt,” a dúirt sé.

Nuair a fuair siad an raidió i 1958 “bhíodh na troideanna móra againn (as Meiriceá) i lár na hoíche”.

Cumas nádúrtha

Rud a sheasann amach faoi chur chuige Sheáin, nó SBB mar a thugtar air freisin, ná an cumas nádúrtha atá aige. Cuma más torthaí toghcháin, cluiche iománaíochta nó troid dornálaíochta atá i gceist, is isteach san ionad comhaireamh, amach ar pháirc an imeartha nó go lár an fháinne dornálaíochta a thugann Breathnach an lucht éisteachta leis agus é i mbun a chuid tráchtaireachta.

Cé go bhfuil scil nádúrtha aige, creideann sé go bhfuil réamh-ullmhúchán ríthábhachtach.

“Ní féidir liomsa agallamh a chur ar éinne mura bhfuil ‘chuile eolas agam,” a deir sé.

“Cuirim an-bhéim ar an dtaighde. Sin é an rud. Má tá tusa ag cur agallaimh ar dhuine éigin, go háirithe sa spóirt nó i gcúrsaí reatha, agus muna mbíonn taighde déanta agat roimh ré, beidh a fhios acu ar an bpointe! Tá siad in ann a thabhairt faoi deara ana-sciobhtha go deo gur cur i gcéill ata ann.”

"Is fadó an lá ó a dúirt Gay Byrne liom 'Seán', a dúirt sé, 'it's like this, you do all the research, you might only use three per cent of the research but it will be there'. Taighde, taighde, taighde!"

Taitníonn an obair go mór leis. “An chaint agus an ceol agus an aithne a chuir mé ar dhaoine. Sin cuid de na rudaí is mó a thaitníonn liom - a bheith ag cur aithne ar pheileadóirí, ar iománaithe agus ar dhaoine ar fud na tíre.”

Dar ndóigh cuimhníonn sé ar ócáidí móra: an cluiche idir Groningen agus Galway Utd sa Ghaeltacht, an uair a shleamhnaigh sé isteach i stiúideo BBC le h-agallamh a chur ar na Hothouse Flowers (dhá bhuidéal poitín an costas iontrála) agus an chéad chluiche a ndearna sé tráchtaireacht air (Éire Óg in aghaidh Carna).

Ach, seans gurb é troid Sheáin Uí Mhainnín i Madison Square Gardens an ócáid is mó spóirt a chuimhneoidh muintir na Gaeltachta air.

"Mórtas cine! Ba é sin an rud mór. Seán Ó Mainnín, fear Ros Muc! Chaith me seachtain - mé féin agus Meáití Jó Shéamuis - bhí muid thuas sna Catskill Mountains leis ag an gcampa traenála agus bhí a fhios againne roimh an troid go mbeadh deacrachtaí aige. Bhí gearradh….. bhain gearradh dhá shúil sa troid roimhe sin agus ní raibh sé cneasaithe i gceart. Bhí tuairim againn (nach mbeadh an lá leis)"

Athrú ar an saol

Dar ndóigh tá athruithe móra tar éis tarlúint le caoga bliain anuas.

Dúshlán a bhíodh ann tráth imreoirí a fháil a mbeadh Gaeilge ar a dtoil acu.

“Is dóigh liomsa go bhfuil rudaí feabhsaithe,” a deir sé.

“Tá me chomh bródúil as cúpla rud - Tá mé chomh bródúil as chúpla club. Ta mé chomh bródúil as Sleacht Néill i nDoire - go bhfuil naonúr no deichniúr de na cailíní sin a bhfuil Gaeilge bhreá acu.

“Tá mé chomh bródúil as Cuala. An dara bliain ar bhuaigh siad an chraobh shinsear, bhí me in ann dul amach ar an bpáirc ina dhiaidh agus labhairt le triúr déag as cuig dhuine déag - gan aon cheist (faoi) ach Gaeilge a labhairt.”

“Tá’s agam gur as Coláiste Eoin iad muintir Chuala, ach tugann sé sin agus tugann Sleacht Néill ana-mhisneach domsa ó thaobh na teanga de.

“Tá sé faighte amach again go bhfuil Gaeilgeoiri ann!”

“Is díomá mór domsa ma tá múinteoir bunscoile a chuaigh go meánscoil, a chuaigh tríd coláiste traenála, atá istigh i seomra ranga in ainm is a bheith in ann Gaeilge a mhúineadh ach nach bhfuil in ann agallamh beag gearr in nGaeilge a dhéanamh. Tá rud éigin mícheart leis an gcóras oideachas nuair nach bhfuil.”

Buaic phointe

Bhuaigh Seán Bán Breathnach go leor duaiseanna síos tríd ba blianta ach sé an duais Jacobs a bhuaigh sé i 1991 an buaic phointe. "Bhuaigh mé é in aghaidh cláracha Béarla. Agus, chiallaigh se sin an t-uafás domsa. Fuair Seán Duignan ceann agus fuair Ted Walsh ceann so bhí me i gcúlódar maith.

“Sin í an tseoid. Sin é an rud is mó go bhfuil me bródúil as.”

Cé go bhfuil caoga bliain thart, tá sé fós ag baint taithnimh as an obair. “Bainim an oiread sásaimh as seo anois is a bhain mé riamh,” ar sé.

“An rud seo go bhfuil tú sean ag trí scór - a leithéid de sheafóid!

“Taithí a dhéanann máistreacht agus sin é”.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.