I lár an áir agus an uafáis shocraigh Páirtí an Luch Oibre a cheannaire a dhíbirt. Tháinig na cultacha chuige agus cé nach raibh buidéal biotáille agus piostal acu ní raibh an dara rogha aige, ná suí ar bith sa bhuaile féin.
Ar eagla nach mbeadh a fhios ag léitheoirí tá páirtí beag ann a bhfuil Páirtí an Lucht Oibre go hoifigiúil orthu agus cloistear ina dtaobh ó am go chéile nuair nach bhfuil mórán nuachta eile ag dul. Gheobhaidh tú lua éigin orthu thiar i ngimide deireanach na bpobalbhreitheanna éagsúla sin a dhéanann Red C nó Ipsos MRBI má tá tú gann ar rud éigin eile a dhéanamh.
Cé go dtugann siad Páirtí an Lucht Oibre orthu féin, is fada ó vótáil duine ar bith den aicme sin dóibh.
Is fíor go bhfuil a mbunús i smaointe agus i ngníomhartha Shéamais Uí Chonghaile, duine de na laochra ba mhó i stair na tíre le cúpla céad bliain anuas, ach is faide aon tagairt dó siúd ina measc ná ón uair a bhuaigh Cill Chainnigh craobh peile na hÉireann cheana. Ní hiad an t-aon pháirtí amháin iad a bhfuil náire orthu i dtaobh an duine a bhunaigh iad. Ní mian le Fine Gael go meabhrófaí dóibh gurbh é an faisisteach Eoin Ó Dufaigh an chéad cheannaire a bhí orthu; agus, ní hé Art Ó Gríofa an té is luaithe a nasctar le Sinn Féin ach an oiread.
Tharla mé ag caint le hiarrthóir de chuid an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla suim bhlianta ó shin. Ag lorg vótaí i gcuid de na bailte suain sin i gCo na Mí a bhí sé. Dúirt sé liom nuair a hosclaíodh na boscaí ballóide gur tugadh faoi deara go bhfuair sé cibé vótaí a fuair ó na heastáit tithíochta ba ghalánta. Chuaigh vótaí na hísealaicme d’Fhianna Fáil.
B’ait liom go raibh ionadh air, óir b’amhlaidh a bhí riamh. Deirtear gur fiafraíodh de Sheán Lemass tráth cad ina thaobh nach raibh páirtí láidir lucht oibre in Éirinn. ‘Ó tá,’ ar seisean, ‘ach tugtar Fianna Fáil orthu.’
Ar feadh i bhfad b’iad na daoine a chaith vóta ar son an Lucht Oibre ná daoine nach salódh a lámha le vótáil d’aon cheann den dá pháirtí de chuid an chogaidh chathartha. Bhíodar os a gcionn sin ar fad. Ní bheadh baint ná páirt acu lena leithéid. Rócheart d’Fhine Gael, ró-ardnósach d’Fhianna Fáil.
In ainneoin gur shloig siad smut maith de shean-Sinn Féin The Workers’ Party, agus den Workers’ Party ina dhiaidh sin, agus New Agenda, agus Daonlathas Clé - gach saghas claonadh sóisialach gan fiacla - fós féin d’fhan an dílseacht aisteach sin i gcónaí, níor FF ná FG iad. Idir an dá linn d’fhás páirtithe eile ar an bhfód, cuid acu dáiríre ar an eite chlé, cuid eile ag sciobadh blúiríocha den náisiúntacht dhínitiúil de réir mar a bhí sé á tréigean.
Páirtí uasmheánaicmeach do dhaoine sna toghcheantair is saibhre sa stát is ea iad feasta. Cuirtear ‘liobrálachas’ leis sin, pé brí a bhainfear as a leithéid d’fhocal scaoilte.
Ní dhéanfaidh athrú ceannaire ann féin a leas ná athrú polasaí ná athrú straoiseanna ar na cuaillí ach an oiread. Deacair a rá cad is féidir leo a dhéanamh. Dul isteach in dingí rubair agus iomramh a dhéanamh siar, glao a chur ar Elon Musk d’fhonn dul chun na gealaí, fomhuireán a ghabhann go grinneall na farraige a chur ar cíos in aghaidh na dtuilte atá le teacht, íobairtí ar thine a chur suas go Mamón…
Ach smaoineamh níos fearr: athrú ainme a chur ar an bpáirtí ar son trédhearcachta agus an stuif sin go léir.
Cad mar gheall ar Progressive Domocrats, nó Rénua féin?