Tá an comóradh ar Éirí Amach na Cásca ag spreagadh cainte agus ag tabhairt daoine agus eachtraí dearmadta chun cuimhne. Is tráthúil, mar sin, go bhfuil leabhar nua ann, Rí na Gréine: Aistí i gCuimhne ar An Seabhac (An Cumann le Béaloideas Éireann), a thugann léargas ar dhuine a raibh páirt mhór aige in athbheochan na teanga agus i ngluaiseacht polaitíochta a linne.
Lesa Ní Mhunghaile, Deirdre Ní Loingsigh agus Ríonach uí Ógáin atá ina n-eagarthóirí ar an leabhar agus é mar chuspóir acu, a deir Ní Mhunghaile, ceiliúradh a dhéanamh ar “an bpáirt lárnach a ghlac Pádraig Ó Siochfhradha (1883-1964) i ngníomhaíochtaí bhunú an Stáit agus i múnlú na féiniúlachta Éireannaí”.
Deir An Dochtúir Ní Mhunghaile, léachtóir ar Ollscoil na Gaillimhe, gur dóigh leo mar eagarthóirí “nach bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó riamh. Bhí An Seabhac ar dhuine de na daoine ba mhó tionchar i gcaomhnú shaíocht na hÉireann sa chéad leath den 20ú haois agus é ina dhuine mór le rá i stair na hathbheochana, go háirithe. Ildánaí ab ea é agus bhí sé ina mhúinteoir, riarthóir poiblí, béaloideasóir, scoláire, ceoltóir, fear gnó agus ina oifigeach ceannais sna hóglaigh”.
Lena chois sin, bhí rólanna eile aige: bhí baint aige le bunú Chumann Lámhscríbhinní na hÉireann; bhí sé ina bhunaitheoir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann. Deir sí fosta go raibh “ról lárnach aige i gCoimisiún na Gaeltachta, a rinne obair thábhachtach eitneagrafaíochta sa bhliain 1925. Foilsíodh tuarascáil an bhliain dár gcionn ina leagadh síos den chéad uair riamh teorainneacha oifigiúla na gceantar ina labhraítí Gaeilge agus a thug léargas ar thuairimí i leith na Gaeltachta”.
Tá an leabhar bunaithe ar shiompóisiam a reachtáladh i gceantar dúchais an tSeabhaic i mBaile an Ghóilín, An Daingean, mí an Mhárta 2014, mar chomóradh 50 bliain a bháis. Naoi n-aiste atá ann agus iad ag plé le gnéithe éagsúla dá shaol agus dá shaothar.
Ní nach ionadh, ó tharla go raibh sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh An Cumann le Béaloideas Éireann sa bhliain 1927, tugtar suntas ar leith don ghné seo dá chuid oibre.
Scríobhann Séamus Ó Duilearga gur “beag duine a raibh baint aige le hobair chnuasaithe bhéaloideasa na hÉireann is fearr a thuig ná An Seabhac lucht scéalaíochta agus seanchais na Gaeltachta. Dob iad a mhuintir féin iad, ba dhuine dhíobh é, agus faid a mhair sé do thug sé gean a chroí dóibh agus do dhein a dhícheall chun go mairfeadh a gcáil in Éirinn beo”.
Cuireann Ríonach uí Ógáin síos air mar cheannródaí i mbailiú an bhéaloidis; pléann Stiofán Ó Cadhla feidhm an bhéaloidis ina chuid scríbhinní agus déanann Pádraig Ó Héalaí scagadh ar théamaí ar leith ina bhailiúchán béaloidis.
Scríobh An Seabhac leabhair do pháistí agus díríonn Ríona Nic Congáil ar thionchar an oideachais leanbhlárnaigh ar a shaothar. Creideann sí gur chóir aitheantas a thabhairt dó “mar phríomhcheannródaí litríocht Ghaeilge na n-óg”.
Tugann aistí eile léargas ar a chuid oibre mar thionscanóir sheánra na dírbheathaisnéise Gaeltachta é, a deir Ní Mhunghaile. Ba é a chuir eagar ar Allagar na hInise (1928) agus ar An tOileánach (1929) an chéad uair agus scrúdaíonn aiste le Seán Ó Coileáin an gaol a bhí idir An Seabhac agus scríbhneoirí an Bhlascaoid.
Díríonn aistí eile ar a ról sna hóglaigh agus i gcúrsaí polaitíochta. (Chaith sé sealanna i bpríosún in Éirinn agus sa Bhreatain.)
Cuirtear síos ar a shaol pearsanta agus aiste le nia dá chuid, Pádraig Ó Siochrú, ann agus tá aiste ann ar an chaidreamh le tiarnaí talún i mBaile an Ghoilín le linn a óige.
Faoi Ní Mhunghaile féin atá sé le scrúdú a dhéanamh ar “dhúthracht An tSeabhaic i gcur chun cinn na Gaeilge agus i gcaomhnú na Gaeltachta idir na blianta 1907 agus 1926 agus a thuairimí i dtaobh Ghaelú na tíre, caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Deir Ní Mhunghaile gurb é mian na n-eagarthóirí “go gcothódh an leabhar spéis an phobail” i saothar an tSeabhaic agus aird a tharraingt arís air mar scríbhneoir agus ar a chuid taighde.
Tá an bhunobair déanta ag lucht an chnuasaigh. Níl le déanamh agatsa anois ach iad a léamh.