Is dual dúinne Éireannaigh an aimsir a tharraingt isteach i ngach uile chomhrá ach tá cúis mhaith againn anois.
Ní fhacthas an cineál seo aimsire nó an cineál seo damáiste le fada an lá agus cé go bhfuil cathracha agus ceantracha uirbeacha buailte go dona le tuilte le tamall gairid tá an cósta ó Dhún na nGall go Corcaigh scriosta go seasta ó lár mhí na Nollag.
Tá léarscáil na dtailte cois Atlantaigh athraithe go tubaisteach ag an gcreimeadh.
€100 milliún an meastachán is déanaí ar an damáiste leanúnach atá ag tarlú. Thart ar an gcósta a bhí formhór an damáiste i dtús ama ach nuair a bhuail tuilte roinnt de mhórchathracha na tíre d’athraigh an fócas chucu.
Tá imní anois ar phobail an chósta go gcaithfear an t-airgead fóirithinte uilig sna cathracha agus go bhfágfar iad féin gan chabhair gan dóchas.
Tá an Rialtas tar éis cabhair dhaonnúil de €25 milliún a gheallúint láithreach d’úinéirí tithe agus gnó atá buailte ag tuilte.
Tá socruithe déanta an t-airgead sin a dháileadh a luaithe agus is féidir trí eagrais áitiúla mar Uinsionn de Pól agus an Roinn Coimirce Shóisialaigh.
Práinn
Is maith sin agus thuigfeá gur orthu is mó atá aird an Rialtais, tá práinn lena ngátar. Is orthu is mó atá na meáin dírithe freisin, tá a gcruachás níos físiúla ná creimeadh cósta.
Níl a fhios againn cé mhéid airgid a bheidh ag an Rialtas d’oibreacha eile ach tá airí ar an dtaifead faoi acmhainn an Stáit a bheith teoranta.
Cé go bhfuil daoine ag breathnú i dtreo na hEorpa tá a fhios againn nár tháinig ón bhfoinse sin an uair dheireanach ach €11 milliún nuair a bhí costas €400 milliún i gceist.
Gan amhras áit a bhfuil tithe, gnóthaí nó bóithre áise i gceist réiteofar na fadhbanna sin i dtosach.
Níor cheart áfach breathnú ar an gcreimeadh cósta mar rud nach bhfuil aon éifeacht aige ar shaol an phobail.
Gan amhras is rud é an creimeadh a bhíonn ar siúl i gcónaí ach tá an caillteanas talún scanrúil an Geimhreadh seo.
Scuabadh chun farraige
Tar éis oíche na seacht síon ag tús mhí Eanáir, dúirt fear óg amháin liom agus é beagnach ag caoineadh, go raibh a chuid talún ag leá os comhair a shúl agus á scuabadh amach san Atlantach.
Bhí an sconsa a bhí 15 troigh siar ón gciumhais imithe le fána an oíche roimhe sin ach bhí an t-ádh air mar nár chaill sé stoc nó féar – ní hionann agus cuid na gcomharsan.
Ní hamháin go bhfuil talamh caillte ag feilméirí ach tá páirceanna cois cladaigh truaillithe ag sáile, clúdaithe ag carraigreacha, feamainn, raic agus muirchur.
Beidh obair bhreise le déanamh orthu, iad le rácáil agus le glanadh roimh Earrach nó ní bheidh aon bharr nó innilt orthu i mbliana.
Níos tubaistí fós beidh éifeacht ag an gcaillteanas talún ar a gcuid íocaíochtaí ón Roinn Talmhaíochta. Líon na n-acraí a chuirtear san áireamh nuair atá aon íocaíocht feirme á ríomh.
Tá feilméirí iontach imníoch óir tá fíneáil á ngearradh orthu le tamall faoi thalamh a cailleadh le creimeadh ó rinneadh an chéad iarratas.
Ós ar chósta thiar agus theas na tíre atáimid ag caint ní feirmeacha móra groí atá i gceist ach gabháltais bheaga agus gortóidh gach ciorrú.
Táthar imníoch freisin faoin tionchar ar an dtionscal mór eile sna ceantracha seo, an turasóireacht.
Easpa misnigh
Níos measa ná sin, áfach tá an easpa meanman agus misnigh, go háirithe i measc an dreama óig a shíleann nach féidir leo leanacht den obair anróiteach gan chabhair.
Dúirt an tAire Stáit Brian Hayes gur chóir go mbeadh díospóireacht oscailte ann faoi cé mhéid is ceart a chaitheamh ar chosaint cósta.
Thug sé le fios gur seachaint bás, líon tí a chosaint, maoin gnó a chosaint agus ansin talamh feirme a chosaint na tosaíochtaí, dar leis.
Ní fhéadfá argóint leis faoin gcead dá cheann ach shílfinn gurb ionann feilm agus áit gnó: cuireann cósta caomhnaithe le gnó na turasóireachta agus ba cheart, mar sin, creimeadh cósta agus cosaint maoine gnó a bheith ar comhchéim.
Glacann gach éinne leis nach féidir leis an Stát íoc as an dochar go léir agus ní dóigh liom go bhfuil éinne á iarraidh sin.
I gcás an chósta tá sé thar am polasaí straitéiseach caomhnaithe a bheartú, rud atá iarrtha ag pobail, eagraíochtaí feirme agus ag Coastwatch Ireland le fada an lá.
Níl aon chead ag feilméirí dul i mbun na hoibre seo gan treoir.
Tá an cineál seo oibre déanta cheana sa tír seo agus sa Bhreatain.
Dá gcuirfeadh Oifig na nOibreacha Poiblí agus Innealtóirí na gComhairlí Contae plean straitéiseach céimithe i dtoll a chéile don obair agus do chostas ábhair, bheadh úinéirí talún breá sásta meitheal a eagrú agus dul i mbun na hoibre, píosa ar phíosa, bliain i ndiaidh bliana.
Infheistíocht ina dtodhchaí féin a bheadh ann agus thabharfadh sé ardú meanman dóibh a bheith ag obair le chéile.
Dual muintire dóibh an cineál sin comhoibrithe, níl deireadh le traidisiún na meithle fós.