A vaimpír! A vaimpír! Is scáfar an íomhá atá againn den ialtóg. Samhlaíonn muid le Dracula í nó leis an Ridire Dorcha, an Batman – siombail an dorchadais í.
Ní fíor, ar ndóigh. Tá ialtóga i lochta theach carad liom. Codlaíonn sé féin agus a chlann go sámh.
Mar sin féin, caithfidh mé a rá gur bhain an ialtóg áirithe seo preab asam. Ní raibh mé ag súil léi ar chor ar bith. I mbun timireachta ar chúl an tí a bhí mé nuair a mhothaigh mé éan os mo chionn. B’ait liom sin. Clapsholas a bhí ann agus sciar den ghealach le feiceáil sa spéir. Ní raibh an solas imithe ar fad ar fad ach shíl mé éanlaith na hÉireann bheith fillte ar a gcuid neadacha faoin am sin.
Gluaiseacht mhear gan choinne a bhain geit asam. Chonaic mé an rud dorcha seo ag eitilt tharam. Chas sí uair nó dhó sa chlapsholas agus d’aithin mé gurbh ialtóg í. Ná fiafraigh díom cad é an sórt í ach b’ialtóg í. Ní raibh baol ar bith ann dom. Ar lorg feithidí agus leamhan a bhí sí. Ní raibh sí le m’ionsaí agus greim a bhaint as mo mhuineál bocht féin. Ba í a bhí lúfar, ag tiontú léi ar a toil, ag casadh siar aniar, suas anuas. Is míle trua cuspóir a seilge. Ní thiocfadh mórán slán agus í ag seilg léi faoi sholas na gealaí úire.
PÓL Ó MUIRÍ