Anó an algartaim

Focal níos oiriúnaí is ea go díreach ‘treoir’.

De ghnáth an tráth seo bliana tagann an sorcas amach. Mar is léir ón gcró ina dtéann na moncaithe, na heilifintí agus na hasail cheansaithe timpeall ann is é ‘fáinne’ bunús an fhocail. Mar is timpeall is timpeall is timpeall arís a ghabhann an díospóireacht mar gheall ar fhiúntas, ar neamhfhiúntas, ar leas, ar aimhleas, ar oiriúnacht nó ar bhaoithe scrúdú na hardteistiméireachta. Ba dhóigh leat go raibh sé ar fad ráite cheana, agus ráite roimhe sin arís agus go raibh ina mhacalla chugainn aniar ón uair go raibh Crom Dubh i mbaclainn a mháthar.

Tagann na bobaidí amach agus na geocaigh agus fir na gcrúb agus na saineolaithe oideachais agus scaoileann siad an scodal céanna ar fud na meán gach uile bhliain liath chun pianpháise na ndaltaí, na dtuismitheoirí agus an phobail mhóir bhréin. Ní réitíonn an scrúdú an déagóir don saol, don bheatha, don obair, don chaidreamh le daoine, don ollscoil, don phósadh, don mhachnamh, don oiliúint chorpartha, don láimhseáil airgid, don tiomáint, don aimsir fháistineach, don iompar béasach, don teicneolaíocht, don chineáltas d’ainmhithe, don mheas ar an dúlra, don phúca san oíche, don rud a tharlóidh, don fheadar nach bhfeadair… Tá súil agam go bhfuil gach ceann de na boscaí sin ticeáilte agat mar is fíor gach ceann díobh.

Scrúdú acadúil atá ann a dhéanann tástáil ar chumas an dalta ag deireadh phróiseas foghlama léinn ón mbunscoil tríd an meánscoil ar réimse ábhar réasúnta cúng de réir modhanna atá oscailte, cothrom, tomhaiste agus oibiachtúil chomh fada is a thig. Sin an méid. Ní dhéantar aon mheastóireacht ar an ngrá atá agat dod chomharsa bhéal dorais, ar do chumas sa léim ard, ar an ngáire a dhein tú sa rang, ar chuir tú an t-asal isteach aréir, nó cé acu ab fhearr leat an sliotairín beag nó an liathróid ubhchruthach.

Sin é an fáth go bhfuil chomh tábhachtach sin go mbeadh an scrúdú cothrom le cách agus go mbeadh an chothroime sin gan cháim. An dá luathacht is a aontaíodh nach mbeadh an scrúdú traidisiúnta ann i mbliana bhí an phraiseach ar fud na mias agus an ceol ar fud na fidle. Ba léir go mbeadh gach duine thíos leis.

READ MORE

D'imigh an t-iar Aire Oideachais i bhfolach, shocraigh na múinteoirí nach bhfeicfí an páipéarachas ar ar bunaíodh a gcuid grádanna, tháinig scéalta éagsúla amach ón Roinn de réir treo na gaoithe agus fágadh na daltaí bochta (agus saibhre) ar thrá nach raibh ullamh. Is ansin a smaoiníodh ar phlean Z, glaoitear isteach ar mharcra an algartaim!

Níl aon mhilleán faoi leith ag dul don Roinn Oideachais faoina nglaoch isteach, óir b'éigean rud éigin a dhéanamh. Tar éis an tsaoil níl san algartam ach focal deas Araibise ar an bhfocal maith Laidine 'cód'.

Focal níos oiriúnaí is ea go díreach ‘treoir’. Níl sna halgartaim ach orduithe a thugtar do ríomhaire, agus tá gach rud ag crochadh ar na horduithe sin. B’í an fhadhb a bhí ag na ríomhchláraitheoirí ná cad a chuirfeadh siad isteach i mbolg an mheáisín, óir níl data ar bith neodrach. Chonaic siad an raic a lean scrúduithe ar an taobh eile de Shruth na Maoile, dá bhrí sin, bhí ró-íogair sean torthaí scoile a chur san áireamh.

Ach is cuma cén stuif a stuáiltear isteach in inní an innill, beidh a iarmhairt féin aige. Abair go raibh drochlá ag dalta sa scrúdú don teastas sóisearach, agus í feabhsaithe go mór ó shin? Claonadh i ngan fhios dó féin ag múinteoir?

I ndiaidh na braichlise seo, b’fhéidir go bhfeicfí buntáiste an scrúdaithe thraidisiúnta in halla faoi leith le peann nó le baidhreó d’fhonn smaointe a bhreacadh ar pháipéar bán ón gcloigeann amach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar