Tá rudaí áirithe a bhraithim uaim agus iad fós agam. Mar sin dom deireadh gach bliana agus í ag sleamhnú uaim le lán mo bhoise agam di.
Dúirt aintín liom tamall gur bhraitheadh sí an samhradh uaithi fiú agus é fós léi. Is dócha gur fhan sin liom ó shin i leith. Ba é an rud ba mhó a chuireadh isteach uirthi ná barr na gcrann nuair a thagadh athrú ar na duilleoga.
Ní bhíodh sí in ann an donn, a domhansa féin, a fheiceáil go dtí gur chuireadh sí a ceann siar. Bhíodh fhios aici ansin gur ghearr go mbeadh an ghlaise imithe.
Bhíomar i gcúl mótair ag an am, í suite cliathánach liom ag cur síos ar a cruinne crann. Ós rud é gur ag caint ar cheisteanna peirspictíochta a bhíomar, dúirt mé léi go raibh a leithéid de rud ann agus “Críoch na Gaolainne Crua”, leis.
Nach raibh sé á fhógairt ar chomharthaí bóthair ar fud na tíre? An Ghaeilge ar leataoibh, caite faoi thóin cártaí. An chríoch nach dtaithíonn ach iad siúd atá ag iarraidh cluas a thabhairt do dhathanna na staire.
Ar an gcuma chéanna a athraíonn an pheirspictíocht nuair a bhíonn fuadar faoin tseanbhliain, í ag fáil bháis. Tá rudaí athraithe ó bhonn in amharclann na hintinne. Tá gach uile rud ag brú i gcoinne cré, i gcoinne na spéire. Taibhsítear dom le dhá shúil romham agus dhá shúil i mo dhiaidh go bhfuil dathanna éagsúla ar gach mí atá curtha díom. Braithimse, leis, rud uaim nach bhfuil imithe go fóill.
Ach ansin cuimhním gur sa cheol agus sa litríocht is fearr a bhraitear dathanna in ealaíona a úsáideann teanga is fuaim go príomha mar ghléasanna cruthaitheachta.
Agus is iad na dathanna a bhraitear taobh thiar d’fhuaimeanna an cheoil agus laistíos de theanga na filíochta a nochtann na críocha a éiríonn linn sa saol.
Is dathú ceilte é seo a sháraíonn an anailís thur agus an cur síos beacht, agus tá ealaíontóirí áirithe ann a léiríonn an t-éispéireas seo go paiteanta. Chaith an ceoltóir Francach Olivier Messiaen (1908-1992), mar shampla, buillí an cheoil i leataoibh i saothair áirithe, agus thug sé faoi cheol na n-éan a léiriú ina cheol orgáin, go háirithe in La Nativité du Seigneur (1935).
Bheartaigh Messiaen an t-amchomhartha a fhágáil ar lár nach mór in áiteanna. Thuig sé cúrsaí ama i ndomhan fuaime a raibh dathanna an dúlra mar bhunchloch leis, agus léirigh sé an t-idirfhásach idir an t-am mar chlospheirspictíocht agus mar bhuillí ama.
Thar aon rud eile, d’oscail Messiaen doras leis an gaol idir talamh na bhfuaimeanna agus tír na ndathanna a léiriú.
I litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, is é Dónal Mac an tSíthigh, nó Danny Sheehy, is fearr a chíorann cad is peirspictíocht ann.
Déanann sé seo leis an léargas a thugann sé ar cheol na n-éan ina chuid filíochta. Sa dán Dreoilín, i línte atá lán de lúcháir is bhrón, déanann sé cur síos thar cinn ar an éan beag a thagann chuige "do mo ghríosadh le ceol/is do mo spreagadh le fuinneamh/is ag fógairt dom teachtaireacht/fanacht coitianta ar mo pheann".
Dála Messiaen, cumadóir ceoil na gcoillte, taispeánann Sheehy i ndánta ón gcnuasach Súil Seilge (Coiscéim, 2007) go bhfuil bá thar cuimse aige le ceol agus le dathanna an dúlra. Léiríonn saothair mar seo gur minic nach bhfuil sa dealú a dhéantar idir dathanna, focail agus fuaimeanna ach fál bréige.
Tagann peirspictíocht le casadh ar bith, ar nós bóthar ríoga a lúbann le fána chun oileán a nochtadh. Ar na críocha faobhar le tús agus deireadh na bliana, mar a bhfuilimid ag casadh anois, bíonn aithreachas agus dóchas neadaithe ionainn, ach is dócha gur cuid den saol é maireachtaint ar ghuaillí an dá thaobh.
An grá in aisce, b’fhéidir, nó an saothar ó rath. É sin, nó an saol faoi bhláth. An t-am seo den bhliain, tá lámha daonna le feiceáil i bhféithe na nduilleog. Ní nach ionadh, mar sin, gur ar dhuilleoga na cumadóireachta a chromtar chun ár scéalta a insint: dála fhilíocht Sheehy agus cheol Messiaen, tugann an ceol agus an litríocht peirspictíocht ar na hathruithe agus ar na mothúcháin a bhraitear ag cúinní bliana.
Agus más ionann mothúchán agus dath, níl le déanamh ach an ceann a chur siar agus féachaint suas chun an ealaín atá mórthimpeall a bhlaiseadh. SORCHA DE BRÚN