Bhí Laureate Ficsin na hÉireann, Anne Enright, ag scríobh ar an pháipéar seo Dé Sathairn faoi chúrsaí aistriúcháin – aistriúchán ó Bhéarla go teangacha móra eile an domhain a bhí i gceist aici.
Luaigh sí a thábhachtaí agus a bhí aistriúcháin ar leabhair Bhéarla Éireannacha leis an dé a choinneáil san údar Béarla.
Anois sin tú, Gael bocht, ag smaointeamh gur saoithiúil an ní é go mbeadh scríbhneoirí Béarla na hÉireann buartha faoi aistriúcháin go teangacha eile. Nach iomaí sin uair a dúradh linn gur teanga dhomhanda é an Béarla, nach raibh a shárú le fáil mar mheán, gur orainn a bhí an t-ádh gur ‘bhronn’ na Sasanaigh a dteanga féin orainn agus go ndearna muid ár gcuid féin de?
Ní fíor, is cosúil. Oiread chéanna leis an scríbhneoir Gaeilge, caithfidh an scríbhneoir Béarla dul i muinín an aistriúcháin le cúpla euro sa bhreis a shaothrú. Dia ár sábháil! Tá béal bocht ag na húdair Bhéarla!
Nach bhfuil a fhios acu gurb é sin ról an scríbhneora Ghaeilge, gurb é an scríbhneoir Gaeilge an duine is boichte in Éirinn agus gur fada iad ag caint ar bhua agus ar dhíomua an aistriúcháin lena saothar féin a chur i láthair an phobail?
Leoga, bhain Enright gradam mór idirnáisiúnta an Booker le húrscéal Béarla. Ach ní dhiúltódh scríbhneoir gairmiúil ar bith don ghradam seo ón Chomhairle Ealaíon, €50,000 sa bhliain go ceann trí bliana. Ní i bhfad ó údar ar bith atá an t-ocras, bíodh na duaiseanna móra ar an tseilf nó ná bíodh.
Níor luaigh Enright scríbhneoireacht na Gaeilge ina halt, rud a chuirfeadh imní ort nó, ar na cúraimí nua atá uirthi, tá léacht phoiblí a thabhairt faoi chúrsaí litríochta agus an léitheoireacht a spreagadh.
Faraor, is cosúil nach bhfuil an oiread sin spéise ag Enright i bhficsean na Gaeilge. Ba í a chuir eagar ar The Granta Book of the Irish Short Story lá den saol.
Thug an réamhrá a scríobh sí don chnuasach, thug sin ar Aodán Mac Póilin, iar-eagarthóir irise liteartha i measc nithe eile, thug sé air a scríobh sa chnuasach gearrscéalta, Bás in Éirinn: "…pléann Anne Enright an bhua dhiamhrach a shamhlaítear le gearrscéalaithe na hÉireann. A fhad is a bhíonn siad ag scríobh i mBéarla, deir sí, nó níl a leithéid de bhua acu siúd a bhíonn ag gabháil don ghearrscéal sa chéad teanga náisiúnta (focla s'aici sin). Tá go leor ráiteas cointinneach eile aici sa réamhrá…"
Scríobhann Mac Póilin nach dócha go bhfuil sí naimhdeach leis an Ghaeilge – molann sí filíocht na teanga – ach tá “easpa breithiúnais” uirthi mar sin féin faoi ghearrscéalaíocht na Gaeilge: “Charbh fhiú saothar a chaitheamh le galamaisíocht aon duine amháin murar eiseamláir í ar shiondróm atá leitheadach go leor in Éirinn.”
Seans anois, ámh, go gcaithfidh saothar a chaitheamh léi agus an cúram ardchéimiúil seo uirthi?
B’fhéidir gur chóir d’Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge cruinniú a lorg léi le cinntiú de go dtuigeann sí cás na scríbhneoireachta Gaeilge agus gach cabhair a thabhairt di le go mbeadh scríbhneoirí na chéad teanga oifigiúla (agus a gcuid léitheoirí) i lár an aonaigh liteartha?
Hoots my haggis!
Sheol roinn an chultúir sa Tuaisceart, DCAL, atá faoi chúram Shinn Féin, straitéis nua 20 bliain don Ghaeilge agus don Ultais an tseachtain seo caite.
Beidh léitheoirí i ngach áit tinn tuirseach de bhabhta eile moltaí faoi chúrsaí Gaeilge faoin am seo. Is leor a rá go bhfuil straitéis le bunú, más fíor, a thacóidh le sealbhú na Gaeilge; le feabhas a chur ar stádas na teanga; le gréasáin inbhuanaithe a sholáthar agus leis an teanga a chur chun tosaigh i measc an phobail ar fad.
Dhá rud a ritheann leat láithreach. An chéad rud: an oiread sin focal, a laghad sin gnímh a bhíonn i gceist le straitéis a chur os comhair an phobail. Focail, focail agus tuilleadh focal!
An dara rud, straitéis 2015 go 2035 atá ann. 2035? An bhfuil Tuaisceart Éireann le bheith ann go fóill in 2035? Nár gheall Sinn Féin dúinn go mbeadh Éire aontaithe ann faoi 2016?
Ach ba é an píosa faoin Ultais a mheall mé. Ní fada ó bhí Gregory Campbell, MP don DUP, ag spochadh as an Ghaeilge lena chuid cainte faoi “curry my yoghurt”. Ait go leor, bíodh is go bhfuil an DUP ar son na hUltaise, ní chuireann siad an trioblóid orthu féin an ‘teanga’ sin a labhairt.
(Tá tuairimí difriúla idir lucht tacaíochta na hUltaise faoi cad is Ultais ann. Ní hionann an fheidhm atá ag an DUP léi agus an tuigse a bhíonn ag daoine eile uirthi.)
Nach bocht an scéal é nach labhrann an DUP Ultais i Stormont?
Ní chuirfeadh sé olc ar an dá pháirtí náisiúnacha. Bheadh baill de Shinn Féin agus den SDLP as tuaisceart Aontroma, abair, chomh líofa céanna le baill den DUP!
Ach í a labhairt? Bhuel, sin ceist eile ar fad. Seo sliocht as ráiteas DCAL in Ultais faoin Ultais: “Tha heid mints o this Roadin bes: fordèr an weir tha stannin o, an respeck fur, tha Ulstèr-Scotch leid, heirskip an cultùr; gie a hize til tha throu-bearin, throch-pit an intimmers o tha Ulstèr-Scotch resydentèr curn; len a lïft til an aa-lappin braider kennin o tha Ulstèr-Scotch leid, heirskip an cultùr in a gate ’at wull mak an inpit nearhan biggin a strang an claught resydentèr curn.”
Curry my yoghurt?
Mon dear, hoots my haggis!